Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-01-21

Persepolis

Más buan mo chuimhne beirt ón Iaráin a bhí ar an ollscoil liom. Bhíodar araon ciúin cúthail. Duine acu glanbhearrtha, an fear eile féasógach. Monuar ní cuimhin liom ainm ceachtar acu. Ná ní cuimhin liom an deoraithe ab ea iad, nó an raibh siad tagtha ón Iaráin chun stáidéar agus é i gceist acu filleadh. Bhí an réabhlóid sé bliana roimhe sin – tá cuimhne éigin agam ar an léiriú a tugadh ar gabhadh ambasáid Mheiriceá, taobh Mheiriceá gan amhras den scéal. Tá cuimhne éigin agam ar ionradh Saddam Hussein – cara mór an Iarthair ag an am – agus an t-ár fuilteach a lean sin. Ach i ndáiríre críoch aineoil i bhfad i gcéin an Iaráin.


Faraor, ó shin i léith tá deachtóireacht na gcléireach ag daingniú, agus iad i mbun mísc sa cheantar ar gob ar ghob le Meiriceá, Iosrael, an Rúis agus na himpireachtaí  eile -  agus an Eoraip ag coinneáil airm leo ar fad.


Tá an Iaráin sna cinnlínte arís de bharr feallmharú ginearál dá gcuid ag Meiriceá. Lean tubaiste eitleáin sin. Tá an seachchogadh san Siria ag leanacht ar aghaidh. 


Bhí cloiste agam cheana faoin leabhar (agus scannán beochana) Persepolis, ach ní raibh sé léite agam. Ach nuair a mhol Nnedi Okorafor ar Twitter é shocraigh mé go raibh sé thar am agam é léamh agus chuir mé fios ar ón leabharlann dá réir.


Dírbheathaisnéis óige agus teacht in inmhe Marjane Satrapi atá ann. Bean atá mórán ar chomahois liom féin. Cailín ó theaghlach meánaicmeach de shliocht na huaisle. Bhí beagán mearbhall orm mar ba léir, cé go raibh prionsabail den eite chlé acu, agus gaolta leo i ngéibheann go raibh detente éigin ag an teaghlach le deachtóireacht an Shah agus iad sách maith as. Cailín aimsire acu, fiú (agus mearbhall ar Marjane óg de bharr an bearna idir prionsabal a tuismitheoirí agus a n-iompar i leith an chailín aimsire, arbh cailín dáiríre í!) Iad sáite in agóid in aghaidh an Shah ansin sna seachtóidí ach ag iarraidh an chuid is measa a sheachaint. Creideann an meánaicme tuata go bhfuil an chléir de dhíth chun an cosmhuintir dearóil a bhreith leo (agus is beag meas a léiríonn siad ar an gcosmhuintir chéanna) ach go mbeidh siad in ann fáil réidh leo ina dhiadh sin. Mar is eol dúinn, bhí dul amú orthu. Is cosúil gur éirigh, a bheag nó a mhór, le Muintir Satrapi teacht ar detente leis an réimeas nua, ag iarraidh teacht timpeall ar na srianta. Ach go raibh Marjane féin béalscaoilte ceannairceach ionraic. Rud a chothaigh deacrachtaí di sa scoil nua faoi réimeas an rialtais, seachas an oideachas Eorpach i scoil Fraincise a bhí aici roimhe. 


Gabhtar gaolta agus cairde leo nuair a ghéaraínn ar an réimeas de bharr an cogaidh leis an Iaráic. Ina measc Uncail a chuir sí aithne air nuair a scaoil an réabhlóid as braighdeanas an Shah é – ach gur cuireadh faoi ghlas arís é. Ise a bhí leis, an t-aon cuairteoir ceadaithe, sular cuireadh chun báis é. Eachtra eile a chuaigh i bhfeidhm orm – an mionsonra uafar. Ní ceadmhach ógh a cuir chun báis. Mar sin, nuair a gabhadh bean óg  cumannach, phós duine í mar dhea agus éignigh í sular lámhachadh í. Seoladh suim tarcaisneach ag a teaghlach – an spré á aisíoc mar dhea.


Seolann an muintir chun na hOstaire í chun a leithéid a sheachaint di féin tar éis roinnt trioblóide leis na húdaráis ar scoil. Saol neamhshocair atá roimpi mar dhéagóir aonair san Ostair, gan tuiscint acu siúd timpeall uirthi do shaol agus laincisí na hIaráine, í féin idir meallta agus col aici do saol héadónachais collaíochta agus drugaí a chomhscoláirí. Ach géilleann sí do faoi dheireadh agus cé go n-éiríonn léi oideachas éigin a bhaint amach, bíonn uirthi bogadh ó lóistín go lóistín. Deireadh an scéal go mbíonn sí ar na sráideanna ar feadh tréimhse go dtí go bhfágann droch babhta tinnis san ospidéal í. Éiríonn léi teacht as, agus filleadh ar a muintir sa bhaile. 


Anois tá a mhalairt fadhb aici, deacair uirthi socrú isteach i saol aisteach ceilte an mheánaicme, ag sleamhnú thart ar na dlíthe – ag ól agus an cóisir faoi choim ach claíomh an réimis i gcónaí ós a cionn. 


Éiríonn léi áit ollscoile a bhaint amach agus brostaíonn isteach i bpósadh nach grá atá i gceist leis dairíre ach míthuiscint agus drúis. 


Faoi dheireadh teipeann ar an bpósadh agus fágann sí an tír – go buan.


Úrscéal grafach, dubh agus bán atá i gceist leis an leabhar. Inste go maith, tríd tuiscint an reacaire le linn na heachtraí. Lán de sonraí a chuirfeadh ag smaoineamh tú. An Mullah ionraic abair, a thugann deis di staidéar mar gur maith leis gur fhreagair sí gan fimíneacht san agallamh meoin.


Rud a bhí i gcúl mo chinn agus mé á léamh – seo dearcadh an mheánaicme tuatach as ar fáisceadh í. Fós féin tá tírghrá láidir le sonrú ina measc, iad ag dlúthú leis an réimeas faoin "ionradh Arabach" ón Iaraic – tiománta ón Iarthar. 


Ach is ón cosmhuintir a thagann leithéid Suleimani – an fear a mharaigh SAM. An tírghrá céanna, ach gan taithí ná bá leis an Iarthar.


Tá bóthar fada achrannach le dul sula mbeidh síochán san Meán Oirthear – agus tá go leor leorghníomh le déanamh ag impireachtaí an Iarthair a shéid faoin achrann – Meiriceá agus an Bhreatain go háirithe a rinne ionsaí ar an daonlathas agus a chuir an Shah in áit an chéad lá ar mhaith le hola. Ach táimid ar fad san Iarthar tar éis leas a bhaint as an fhulaingt agus an ola – agus ag díol airm le gach taobh san ár.