Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label cogadh werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label cogadh werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-04-17

Scéal ar bith ón bhFronta Thiar

Im Westen nichts Neues ar mo leabhargán agam, agus é sin - agus roinnt úrscéal eile le Remarque - léite agam. Go hiondúil ní bhacfainn le haistriúchán go Gaeilge de leabhar atá léite agam sa bhunleagan. Ach tá go leor aistriúcháin spéisiúla á fhoilsiú ag Risteárd Mac Annraoi agus bhí mé fiosrach faoi dornán acu, é seo ina measc.

Tá úrscéal Remarque bunaithe, ní ar a thaithí díreach féin - goineadh go luath é ag an bhFronta agus chaith sé tréimhsí fada san ospidéal - ach ar an méid a d'fhoghlaim sé ó chomhrá agus allagar le saighdiúirí gonta eile. Bhí mianach iriseora agus scéalaí go smior ann. 

Fear óg, fós ar scoil,  Paul Bäumer, nuair a bhriseann an chogadh amach agus brúnn meon an phobail - agus meon na múinteoirí go háirithe - é féin agus a chomhscoláirí isteach san arm. Tar éis oiliúint agus drochíde ón mion-cheannaire Himmelstoss tá sé agus buíon beag dlúth comrádaithe -  idir a chomrádaithe scoile agus daoine eile ó thall agus abhus - fáiscthe ina meitheal le taithí agus cumas ag ár na dtrinsí - bíonn siar agus aniar ama san insint ar thréimhsí cogaidh agus tréimhsí sosa, agus seal amháín scoir sa bhaile san insint. Diaidh ar ndiaidh titeann baill an bhuíon san ár. 

Téis Remarque san scéal ná go bhfuil an saol goidte ó ghlúin Bäumer. Seans éigin acú siúd a mhaireann tríd a raibh cos sa tsaoil acu roimhe. Ach an glúin a bhí ag teacht in inmhe ar thairseach an chogadh curtha as a riocht go hiomlán ag a dtaithí agus na huafás a rinneadh orthu agus a rinne siad.

Rinne Remarque an cheist sin a spíonadh níos faide san úrscéal Der Weg zurück (An bhealach ar ais). 

Leabhar thar a bheith tábhachtach frith-chogaidh is ea Scéal ar bith ón bhFronta Thiar. Bhí fuath dá réir ag na Naitsithe ar Remarque, agus bhí a shaothar ar an tine chnámh a las siad i 1933. Bhí sé féin thar lear - ach baineadh a shaoránacht Gearmánach de i 1938. Agus fuair siad greim ar dheirfiúr leis as "briathra i gcoinne an stáit" - dúirt an Breitheamh mhíchlúiteach fola Freisler le linn a triail go raibh a deartháir éalaithe uathu ach nach n-éalódh sise. Tar éis í bheith curtha faoin lann a chuala Remarque a scéal. Spreag sé é chun an t-úrscéal Der Funke Leben (Splanc Beatha) a scríobh faoi duine atá tar éis teacht tríd tréimhse fhada san KZ.

Maidir le haistriúchán Mhic Annraoi, feictear dom go bhfuil sé cruinn, cuí. In annamh a bhain sé tuisle asam, cé go bhfuil an leabhar breac le béarlagair airm agus saighdiúra idir oifigiúil agus labhartha. Tá comaoin curtha ag Risteárd orainn lena chuid oibre agus cúraim. Tá súil agam go léifear agus go pléifear an leabhar agus an friotal.

Níl ach clamhsán amháin agam faoin leabhar - tá íomhá maith roghnaithe (féach thuas - sin an póstaer ar a bhfuil sé bunaithe) ach ní maith liom an ceangal; d'fhéadfadh sé a bheith níos fearr. 

Ach ó tharla gur leabhar féin fhoilsithe atá ann, is éacht go bhfuil sé againn. Tá flosc dochreidte oibre ag Risteárd Mac Annraoi mar eagarthóir agus mar aistritheoir - creideann sé go bhfuil gá leis na saothair chun saol na Gaeilge a shaibhriú - agus aontaím go mór leis.

Tá mé sásta gur cheannaigh mé é, i measc leabhair eile, leis an dearbhán a fuair mé do litríocht.com



Erich Maria Remarque
Leagan Gaeilge le Risteard Mac Annraoi
2020


2020-01-21

Persepolis

Más buan mo chuimhne beirt ón Iaráin a bhí ar an ollscoil liom. Bhíodar araon ciúin cúthail. Duine acu glanbhearrtha, an fear eile féasógach. Monuar ní cuimhin liom ainm ceachtar acu. Ná ní cuimhin liom an deoraithe ab ea iad, nó an raibh siad tagtha ón Iaráin chun stáidéar agus é i gceist acu filleadh. Bhí an réabhlóid sé bliana roimhe sin – tá cuimhne éigin agam ar an léiriú a tugadh ar gabhadh ambasáid Mheiriceá, taobh Mheiriceá gan amhras den scéal. Tá cuimhne éigin agam ar ionradh Saddam Hussein – cara mór an Iarthair ag an am – agus an t-ár fuilteach a lean sin. Ach i ndáiríre críoch aineoil i bhfad i gcéin an Iaráin.


Faraor, ó shin i léith tá deachtóireacht na gcléireach ag daingniú, agus iad i mbun mísc sa cheantar ar gob ar ghob le Meiriceá, Iosrael, an Rúis agus na himpireachtaí  eile -  agus an Eoraip ag coinneáil airm leo ar fad.


Tá an Iaráin sna cinnlínte arís de bharr feallmharú ginearál dá gcuid ag Meiriceá. Lean tubaiste eitleáin sin. Tá an seachchogadh san Siria ag leanacht ar aghaidh. 


Bhí cloiste agam cheana faoin leabhar (agus scannán beochana) Persepolis, ach ní raibh sé léite agam. Ach nuair a mhol Nnedi Okorafor ar Twitter é shocraigh mé go raibh sé thar am agam é léamh agus chuir mé fios ar ón leabharlann dá réir.


Dírbheathaisnéis óige agus teacht in inmhe Marjane Satrapi atá ann. Bean atá mórán ar chomahois liom féin. Cailín ó theaghlach meánaicmeach de shliocht na huaisle. Bhí beagán mearbhall orm mar ba léir, cé go raibh prionsabail den eite chlé acu, agus gaolta leo i ngéibheann go raibh detente éigin ag an teaghlach le deachtóireacht an Shah agus iad sách maith as. Cailín aimsire acu, fiú (agus mearbhall ar Marjane óg de bharr an bearna idir prionsabal a tuismitheoirí agus a n-iompar i leith an chailín aimsire, arbh cailín dáiríre í!) Iad sáite in agóid in aghaidh an Shah ansin sna seachtóidí ach ag iarraidh an chuid is measa a sheachaint. Creideann an meánaicme tuata go bhfuil an chléir de dhíth chun an cosmhuintir dearóil a bhreith leo (agus is beag meas a léiríonn siad ar an gcosmhuintir chéanna) ach go mbeidh siad in ann fáil réidh leo ina dhiadh sin. Mar is eol dúinn, bhí dul amú orthu. Is cosúil gur éirigh, a bheag nó a mhór, le Muintir Satrapi teacht ar detente leis an réimeas nua, ag iarraidh teacht timpeall ar na srianta. Ach go raibh Marjane féin béalscaoilte ceannairceach ionraic. Rud a chothaigh deacrachtaí di sa scoil nua faoi réimeas an rialtais, seachas an oideachas Eorpach i scoil Fraincise a bhí aici roimhe. 


Gabhtar gaolta agus cairde leo nuair a ghéaraínn ar an réimeas de bharr an cogaidh leis an Iaráic. Ina measc Uncail a chuir sí aithne air nuair a scaoil an réabhlóid as braighdeanas an Shah é – ach gur cuireadh faoi ghlas arís é. Ise a bhí leis, an t-aon cuairteoir ceadaithe, sular cuireadh chun báis é. Eachtra eile a chuaigh i bhfeidhm orm – an mionsonra uafar. Ní ceadmhach ógh a cuir chun báis. Mar sin, nuair a gabhadh bean óg  cumannach, phós duine í mar dhea agus éignigh í sular lámhachadh í. Seoladh suim tarcaisneach ag a teaghlach – an spré á aisíoc mar dhea.


Seolann an muintir chun na hOstaire í chun a leithéid a sheachaint di féin tar éis roinnt trioblóide leis na húdaráis ar scoil. Saol neamhshocair atá roimpi mar dhéagóir aonair san Ostair, gan tuiscint acu siúd timpeall uirthi do shaol agus laincisí na hIaráine, í féin idir meallta agus col aici do saol héadónachais collaíochta agus drugaí a chomhscoláirí. Ach géilleann sí do faoi dheireadh agus cé go n-éiríonn léi oideachas éigin a bhaint amach, bíonn uirthi bogadh ó lóistín go lóistín. Deireadh an scéal go mbíonn sí ar na sráideanna ar feadh tréimhse go dtí go bhfágann droch babhta tinnis san ospidéal í. Éiríonn léi teacht as, agus filleadh ar a muintir sa bhaile. 


Anois tá a mhalairt fadhb aici, deacair uirthi socrú isteach i saol aisteach ceilte an mheánaicme, ag sleamhnú thart ar na dlíthe – ag ól agus an cóisir faoi choim ach claíomh an réimis i gcónaí ós a cionn. 


Éiríonn léi áit ollscoile a bhaint amach agus brostaíonn isteach i bpósadh nach grá atá i gceist leis dairíre ach míthuiscint agus drúis. 


Faoi dheireadh teipeann ar an bpósadh agus fágann sí an tír – go buan.


Úrscéal grafach, dubh agus bán atá i gceist leis an leabhar. Inste go maith, tríd tuiscint an reacaire le linn na heachtraí. Lán de sonraí a chuirfeadh ag smaoineamh tú. An Mullah ionraic abair, a thugann deis di staidéar mar gur maith leis gur fhreagair sí gan fimíneacht san agallamh meoin.


Rud a bhí i gcúl mo chinn agus mé á léamh – seo dearcadh an mheánaicme tuatach as ar fáisceadh í. Fós féin tá tírghrá láidir le sonrú ina measc, iad ag dlúthú leis an réimeas faoin "ionradh Arabach" ón Iaraic – tiománta ón Iarthar. 


Ach is ón cosmhuintir a thagann leithéid Suleimani – an fear a mharaigh SAM. An tírghrá céanna, ach gan taithí ná bá leis an Iarthar.


Tá bóthar fada achrannach le dul sula mbeidh síochán san Meán Oirthear – agus tá go leor leorghníomh le déanamh ag impireachtaí an Iarthair a shéid faoin achrann – Meiriceá agus an Bhreatain go háirithe a rinne ionsaí ar an daonlathas agus a chuir an Shah in áit an chéad lá ar mhaith le hola. Ach táimid ar fad san Iarthar tar éis leas a bhaint as an fhulaingt agus an ola – agus ag díol airm le gach taobh san ár.

2019-09-10

Der Krieg und Ich

Tá seachtó bliain ann ó ionradh fealltach na Gearmáine (agus APSS) ar an bPolainn a chuir tús leis an dara ár Eorpach agus an uileloscadh ar Ghiúdaigh a tharla faoina scáth.

Mar chuid den chuimhneacháin cpraoladh sraith ocht scannáin leathuaire thar an dá deireadh seachtaine ar KiKa, teilifís na leanaí sa Ghearmáin.

Bhí leanbh a mhair tríd an cogadh i ngach ceann acu - agus insíodh an scéal trína dhearcadh siúd.

An buachaill óg ar theastaigh uaidh bheith in Ógra Hitler fearacht gach duine ach atá ceanúil ar a chomharsa Giúdach. Mac iascaire san Iorua gafa atá ag iarraidh a iasc a choimeád chun a chlann a bheathú. Iníon ministéara Protastúnach sa Fhrainc Vichy, ag cabhrú le Giúdaigh teitheadh mar gurb é sin an rud ceart dar lena hathair - a ghabhtar. Déagóir fiáin san Albain nach bhfuil uaidh ach go bhfillfidh a athar - go dtí go dtiteann buamaí ar an gCluaidh. Mac óg Giúdach a éalaíonn ón ngeiteo díreach roimh an bailiú don ár is a fhaigheann dídean ó chomharsa. Cailín óg a theith as uafás Stalingrad. Ceoltóir óg Seiceach a thagann slán ar éigin as Auschwitz de bharr gean kapo. Buachaill óg, múnlaithe ag fás aníos le linn na Naitsíoch, a seoltar chun an fronta in éineacht le leanaí eile chun na Meiriceánach a stop agus an cogadh caillte.

Idir na scannáin ráitis ó leanaí eile an chogaidh.

Níor léiríodh, ar ndóigh, uafás iomlán an chogaidh. Ach measaim gur tugadh teachtaireacht láidir ar mithid é chlos faoi gan cluas bodhar a thabhairt don éagóir, seasamh i gcoinne tromaíocht agus gríosadh fuatha.

I ré a bhfuil náisiúnachas santach ciníoch ag borradh, tá gá le fianaise soiléir dá leithéid.

2011-07-21

Eachtra Anailíse

Agus mé ag léamh an scéal seo faoi na hinnealtóirí a rinne anailís ar Stuxnet agus a thuig é, rith sé liom go bhfuil ábhar d'úrscéal iontach ann. (Agus is cinnte go bhfuil scata daoine ag iarraidh díreach sin a dhéanamh. Ach tallann a bheith agam ...)

Spéisiúil Éireannach a bheith lárnach sa scéal - Liam Ó Murchú.

Is éard is ea Stuxnet ná víreas ríomhaireachta thar a bheith casta. Agus neamhghnách - mar bhí sé ciúin mura raibh sé ar ríomhaire de chineál áirithe. Go deimhin, bhí an urchóid dírithe ar gléasanna de chuid Siemens a nascfaí leis an ríomhaire ionfhabhtaithe. Rinneadh amach ar deireadh gurbh dócha gurbh iarracht a bhí ann córas núicléiche na hIaráine a scrios - tríd na gléasanna stiúrtha a chuir as feidhm. Ar bhealach thar a beith simplí - na hinneall a chuir ag casadh ró ghasta ar feadh seal, ansin ró mhall. Arís is arís eile. 

Bheadh saoirse ag úrscéalaí dar ndóigh an dá thaobh den scéal a léiriú! Ní hamháin na bleachtairí ag déanamh a gcuid anailíse, ach an dream a chum is a scaip. Spéisiúil freisin an tagairt (b'fhéidir) do leabhar Eistir, leabhar a chuireann síos ar theacht slán na nGiúdach ar ghéarleanúint agus iad i measc na Peirsigh.
 Féach! Bhí glórtha agus clampar, toirneach agus creathanna talún agus callóid ar fud na cruinne.  Agus féach! Tháinig dhá dhragún mhóra amach agus iad réidh chun catha a chur ar a chéile agus ba mhór í a mbúir.  Nuair a chualathas a nglór réitigh gach cine iad féin chun cogadh agus cath a chur ar chine na bhfíréan. Agus b’shin é lá an dorchadais agus an dainséir, lá na hanacra agus na hanbhainne, nuair a bhí eagla agus suaitheadh ina luí ar an talamh.
(Eis 1:1)
Is barrshamhail an scéal seo d'obair anailíseora ríomhaireachta; agus an meascán de eolas, foighne, instinn - agus ádh - is gá chun an obair a dhéanamh. Bheadh sé, gan amhras, mós deacair scannán a dhéanamh d'eachtra mar seo a bhíonn laistigh d'intinn innealtóra. Ach cá bhfios ...

Cinnte is léiriú eile é ar an dtábhacht atá leis an gcogaíocht leictreonach.

2010-11-11

An cogadh a chuireadh críoch le cogaí...

Saighdiúirí ón gcéad cogadh Domhanda, ón ghnáth fhoinse.
B'shin a chreid daoine a bhí thart nuair a tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm, ar an lá seo i 1918. An 11ú uair, ar an 11ú lá den 11ú mí.

Bhí breall orthu; tá cogaí níos uafásaí tarlaithe ó shin. Cuimhnítear ar roinnt dá bhfuair bás sna cogaí sin: ach ní ar gach aoinne, mar a deir Alan Titley ina alt inniu.

Agus sílim cuid den fhírinne a bheith san alt seo; réitíonn an comóradh an bhealach do áir eile. Mar sin féin, tá cuimhneacháin tuilte acu siúd a chuaigh sa bhearna baoil.

Sí an cheist ná conas cuimhneamh orthu, ach féachaint chuige go laghdófar an gá le íobairtí fola mar iad.

2009-01-15

Éist a Iosrael (agus gach aoinne eile freisin!)

Táim ag éirí bréan bailithe den phlé maidir le hionradh Iosrael i nGaza.

Níl le léamh sna nuachtáin ach líne an pháirtí ar thaobh amháin nó ar thaobh eile.

Ráiteas seafóideacha ag cuir 'chaon taobh i gcomparáid le Naitsithe - Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin, ag cuir Alan Shatter (Teachta Dála ar Ghiúdach é) i gcomparáid le Goebbels. Daoine a freagairt tagairtí faoi sainordú daonlathach Hamas le ráite cosúil le "Fuair Hitler sainordú daonlathach freisin"

Tá blaiseadh den fhirinne ina lán dá bhfuil á rá ar an dá thaobh. Ach ní chabhraíonn sé altanna chliste - cosúil leis an gceann seo le hAlan Titley - a scríobh.

Caithfear bogadh ó na cúinní seo, nuair nach díospóireacht atá ar bun chor ar bith, ach comórtas "scáirt an mhargadh".

Tá sé de cheart ag Stát daonlathach Iosrael a bheith ann, ina stáit ceannasach neamhspleách.
Tá an cheart céanna ag pobal na Palaistíne stáit ceannasach, daonlathach, neamhspleách a bheith acu - stát a chaomhnódh an Pobal úd idir Críostaithe (ba Chríostaithe ar fad iad roimh theacht Mahamad!) agus Moslamaigh.

Tá deacrachtaí móra ann. Níl stáit ar bith daonlathach sna críocha Arabacha. Tá daonlathas Moslamach ann - san Tuirc, sa Phacastáin agus san Indinéis, abiar. Ach is ag lapadaíl atá an daonlathas iontu fós. Tá scéal léanmhar an Liobáin ann chun na dúshláin do Stát ilchreidmheach a léiriú.

De bharr na staire, caithfidh Iosrael móramh Giúdach a bheith aici lena ról a chomhlíonadh - mar thearmann do phobal a bhfuil stair fhada léanmhar de ghéarleanúint acu.

Ba mhór an chabhair iad Prionsabail Mitchell in san dul chun cinn i dTuaisceart Éirinn.

Tá gá le Prionsabail dá léithéid san Meán Oirthear, agus tá gá le gach dream, iad siúd sa chulrá mar atá an Iaráin agus an tSiria , chomh maith le gach dream eile, glacadh leo.

Níl teacht ar aon "bhrocéir ionraic" sa scéal seo - níl cumhacht ar bith ar Domhan nach bhfuil gné éigin dá stair ag cosc orthu bheith neodrach.

Ach caithfear an fáinne fí a réabadh!

2008-12-03

Deacracht na hIndia - deis na ?

Anailís ar chás Mumbai

Tríd fogha a reáchtáil nach dtig le Rialtas na hIndia neamhaird a
dhéanamh air, spreag ionsaitheoirí Mhumbai géarchéim eiseach do Rialtas na Pacastáine .... I dtéarmaí straitéiseacha, buile chruinn ab ea ionsaí
Mumbai a bualadh chun iarmhairtí neamhchinnte ach dearfach do na hIoslamaítigh a bhaint amach.


Cúis imní gur féidir le drong bheag tionchar chomh mór a imirt ar scata rialtas. Ach tá cuma na fírinne ar an anailís thuas. Tréimhse corrach sa stair atá ann.

2008-10-23

Cine cúl le cruinne

Tá an t-eagrán nua de leabhar Åsne Seiserstad faoi na Seirbigh léite agam: "Lena ndromanna leis an Domhan"

Seo í an bhean a scríobh "Ceannaí Leabhair Chabúl".

Stíl eile atá sa leabhar seo - in ionad bheith ina "cuileog ar an mballa" (mar a bhí san leabhar faoi Chabúl) tá réimse leathan daoine ó gach taobh i gceist sa leabhar seo, agus í fhéin lárnach ann - cuir síos ar an gcaidreamh a bhunaigh sí leis na daoine chomh maith lena dtuairimí siúd atá ann. Agus is scéal roinnt blianta atá ann freisin - roimh agus i ndiaidh thitim Milosevic.

Iarracht fónta dul i ngleic le cine atá imeallaithe go mór san Eoraip - de bharr go leagtar an milleán ar fad nach mór do chogaí na mBalcáin orthu, agus stair fuilteach titim as a chéile an Iúgslaiv.

Is fiú é léamh.

2008-10-20

Vaincre....et mourir

L'Attaque le Eoghan Ó Tuairisc léite anois agam - fuair mé ón leabharlann é.

Oscalaíonn an scéal le lanúin ag maireachtáil a n-aisling síochanta, ag saothrú an mhóin i sleibhté Liatroma. Tá Máirtín Dubh Caomhánach tar éis Saidhbhín, iníon teach an dhá úrlár, a mhealladh, ainneoin nach bhfuil ann ach sclábhaí feirme. Tá siad síoch grách ag maireachtáil ar giota beag talún i dteach féin déanta, doirte i ngrá le chéile agus ag cuir a n-aisling simplí i gcrích. Ach tá nathair cruach san Parrthás seo - píce Mháirtín atá sna fraitheacha.

Is leor abairt fánach chun an brionglóid a réabadh: "Tá do chairde i gCill Ala".

Na Francaigh faoi Humbert atá i gceist. Ainneoin drogall a bheith air, braitheann Mairtín faoi dhualgas dul leis an gcuid eile dá bhuíon Éireannaigh Aontaithe chun tacú leis na Francaigh. Níl de rogha ag Saidbhín, ainneoin a croí a bheith á réabadh, ach a fear a sheoladh chun cogaidh choimh dea fheistithe agus atá ar a cumas. Mar a rinne céilí na laochra roimpi, agus ó shin.

Úrscéal cogaidh atá ann, le léargas glé ar na sruthanna éagsúla a bhí ann i 1798 - an dlíodóir idéalach Angla Éireannach atá mar cheannaire ar an mbuíon, a bhfuil deighilt creidimh agus tuisceana idir é agus na fir, na caractéir ar léith i measc na bhfear. An sruth seicteachas a bhí ann, an dream úd ar mhian leo cos ar bholg caitliceach a chuir in áit cos ar bholg Protastúnach, an fuath agus an sceon a spréag bruidiúlacht.

Tá sé íorónta go maith gurbh é Humbert, a d'fhoghlaim a cheird ag cuir éirí amach La Vendée faoi chos, éirí amach péasún caitliceach in aghaidh na Réabhlóide Francaigh, atá anois i gceannas ar a mhacasamhail d'éirí amach.

Tagann deireadh leis an úrscéal ag "Rásaí Chaisléan an Bharraigh", bua mhór agus buaic feachtas Humbert - ach fód an bháis d'fhearaibh Liatroma.

An úrscéal atá anseo, a mheabhraigh "Im Westen nichts Neues" le Remarque dom. Sár úrscéal le léargas soiléir ar uafás an chogaidh.



L'Attaque
Eoghan Ó Tuairisc
Cló Mercier

2008-09-26

Soldaten sind Mörder

Chuir Alan Titley a ladar i díospóireacht an Irish Times maidir le "Saighdiúrí Éireannacha" ina alt Crobhingne inné1.

Mheabhraigh a alt dom an nath atá mar theideal ar an mhír seo - gur dúnmharfóirí saighdiúrí. Nath a scríobh Kurt Tucholsky san alt seo tar éis an chéad cogadh Domhanda.

Dúirt Horace go raibh sé milis bás a fháil ar son tír do dhúchas: Dulce et Decorum est pro patria mori.

Ach ní dúirt sé gur inmhianta an rud é marú ar son do thír - ná go deimhin ar son tír eile.

Tá gá, i gcásanna áirithe, le lámh láidir chun an lag a chosaint. Ach is dúnmharú ceadaithe, dúnorgain, atá i gceist i gcónaí.



1 Ba bhreá liom nasc a chuir leis an alt - ach níltear ag cuir gaois Alan ar líne, agus níl ag éirí liomsa fáil amach cén fáth.

2008-07-30

Gallóglaigh

Píosa fiúntach i mBeocheist inné ag ART Ó MAOLFABHAIL

Mar sin féin, na Gaelóglaigh thar lear, is Gallóglaigh iad, amhais eachtrannacha, gach áit a gcuirtear iad.



Sin é.