2022-08-04
Lá gréine na blaisféime
2016-11-13
Fornocht do chonac tú
De bharr a laghad fógraíochta a bhí faoi, is beag nár chaill mé dráma na Taibhdheirce sa Phéacóg. Ach d'éirigh liom dul oíche Shathairn agus tá mé iontach sásta go ndearna.
Fionnó glúin na réabhlóide mise, gan nasc ar bith dáiríre le 1916. Agus glúin na ndubhó atá i dtreis anois dáiríre.
Garmhac fir a bhí san GPO atá i pearsa lár an dráma (Micheál Ó Dubhghaill), fear a tógadh ag an seanathair sin a bhí go mór faoi tionchar an Phiarsaigh. Piaras dá réir ar a garmhac.
Dealbhadóir, amhail athair an Phiarsaigh agus a dheartháir Willie. Ar maos i soiscéal ealaíona an Phiarsaigh de bharr an oiliúint a thug a sheanathair dó. Ainm in airde aige tráth de bharr gaiscí ealaíne ar an gcoigríoch. Mar is dual don ealaíontóir Éireannach nach bhfaigheann aitheantas in Éirinn gan é bhaint amach ar an gcoigríoch i dtosach.
Corr ina chinniúint de bharr buille a bhuail sé i gcoinne ealaíon a shíl sé bheith ró bhuirgéiseach. Maraíodh leanbh mar thoradh indíreach ar an mbuama a leag sé, agus é céasta ó shin ag a choinsias.
Sa riocht sin, beo ar fuisce is toitíní atá sé nuair a chuireann muid aithne air. Meirdreach déanta aige dá thallann, ag greannadh corr leac úir sa stíl bhréag cheilteach a bhfuil col aige leis d'fhonn bheith beo. Ach ag cuir le bró muilne a chiontacht ag an am céanna.
Tagann múinteoir óg ealaíne (Gráinne Beasdale) ionsar é, tairiscint aici go ndearfaidh sé leac cuimhneacháin don bPiarsach. Ag feidhmiú thar ceann coiste buirgéisigh atá sí, í ag iarraidh fíor ealaíon a thabhairt i láthair atá sí, mar a bhíonn sí ar scoil, ach i mbraighdeanas í féin dáiríre.
Níl ach triúr ar stáitse, ach cuireadh an choiste inár láthair ar físeán. Coiste a sheasann cuid mhaith do na fórsaí a bhfuil seilbh glactha acu ar an stáit, poblacht an Phiarsaigh i marbhfháisc acu.
An tionsclóir Gearmánach. Bean d'iarsma an tseanreachta a bhfuil brabach a bhaint aici as an talamh a ghabh a sinsir. Teachta dála de dhearbhfine glúin na réabhlóide, bean óg í atá beo ar éacht a sheanmhuintir agus dílis don gcóras. An fear gaimbín scéimeach. (Cúis iontais i bhfianaise ré a scríofa easpa an chléir ar an bhfoireann seo). Iad ag iarraidh feabhas agus forbairt, ag cnuasach leathphingin le pingin. Ag glacadh leis go bhfaighidh siad obair sásúil ar phraghas íseal ón ainniseoir imeallaithe.
Doireann Ní Foighil an tríú pearsa ar stáitse- sprid a fheidhmíonn mar choinsias, mar chiontacht, ach freisin mar bhé is tinfeadh.
Dráma foclach atá anseo, sleachta fada ó scríbhinní an Phiarsaigh go háirithe, Terrible Beauty Yeats, corr tagairt eile.
Ach bhí mise i mo shuí sách gar don stáitse go ndeachaigh súile fiáine Phiarais i bhfostú ionam, go raibh mé faoi gheasa ag gothaí na n-aisteoir agus an t-ábhar físe ar an scáileán a threisigh éifeacht na bhfocal.
Ní thugann saothair ealaíne freagraí simplí. Ach cuireann saothar fónta téada an anama ag crith. Beidh a phort féin ag cách.
Táimse fós faoi gheasa ag súile céasta Phiarais.
Ní ceadmhach neamhshuim...
2008-10-20
Vaincre....et mourir
Oscalaíonn an scéal le lanúin ag maireachtáil a n-aisling síochanta, ag saothrú an mhóin i sleibhté Liatroma. Tá Máirtín Dubh Caomhánach tar éis Saidhbhín, iníon teach an dhá úrlár, a mhealladh, ainneoin nach bhfuil ann ach sclábhaí feirme. Tá siad síoch grách ag maireachtáil ar giota beag talún i dteach féin déanta, doirte i ngrá le chéile agus ag cuir a n-aisling simplí i gcrích. Ach tá nathair cruach san Parrthás seo - píce Mháirtín atá sna fraitheacha.
Is leor abairt fánach chun an brionglóid a réabadh: "Tá do chairde i gCill Ala".
Na Francaigh faoi Humbert atá i gceist. Ainneoin drogall a bheith air, braitheann Mairtín faoi dhualgas dul leis an gcuid eile dá bhuíon Éireannaigh Aontaithe chun tacú leis na Francaigh. Níl de rogha ag Saidbhín, ainneoin a croí a bheith á réabadh, ach a fear a sheoladh chun cogaidh choimh dea fheistithe agus atá ar a cumas. Mar a rinne céilí na laochra roimpi, agus ó shin.
Úrscéal cogaidh atá ann, le léargas glé ar na sruthanna éagsúla a bhí ann i 1798 - an dlíodóir idéalach Angla Éireannach atá mar cheannaire ar an mbuíon, a bhfuil deighilt creidimh agus tuisceana idir é agus na fir, na caractéir ar léith i measc na bhfear. An sruth seicteachas a bhí ann, an dream úd ar mhian leo cos ar bholg caitliceach a chuir in áit cos ar bholg Protastúnach, an fuath agus an sceon a spréag bruidiúlacht.
Tá sé íorónta go maith gurbh é Humbert, a d'fhoghlaim a cheird ag cuir éirí amach La Vendée faoi chos, éirí amach péasún caitliceach in aghaidh na Réabhlóide Francaigh, atá anois i gceannas ar a mhacasamhail d'éirí amach.
Tagann deireadh leis an úrscéal ag "Rásaí Chaisléan an Bharraigh", bua mhór agus buaic feachtas Humbert - ach fód an bháis d'fhearaibh Liatroma.
An úrscéal atá anseo, a mheabhraigh "Im Westen nichts Neues" le Remarque dom. Sár úrscéal le léargas soiléir ar uafás an chogaidh.
L'Attaque
Eoghan Ó Tuairisc
Cló Mercier
