2026-05-09
Tírghrá, 𝙑𝙚𝙧𝙛𝙖𝙨𝙨𝙪𝙣𝙜𝙨𝙥𝙖𝙩𝙧𝙞𝙤𝙩𝙞𝙨𝙢𝙪𝙨 agus náisiúnachas
2022-02-24
Cosaint an Stáit
Foilsíodh Tuairisc an Choimisiúin um Óglaigh na hÉireann (as Béarla, ar ndóigh) thart ar an am go raibh ionadaithe na n-iascairí ag plé le hAmbasadóir na Rúise d'fhonn inlíochtaí Rúiseacha a bhogadh as limistéar eacnamaíochta na hÉireann - rud a raibh rath air. Ar ndóigh bhí mé ciniciúil ag an am faoin "mbua" seo ag na hiascairí - bhfacthas dom gur chuir an scéal mianta na Rúise - gníomh buaileam sciath le haird a fháil - chun cinn níos fearr ná dá mbeadh an inlíocht tar éis dul ar aghaidh gan aird a tharraingt.
Anois agus ionradh fíochmhar á dhéanamh ar an Úcráin ag Rúis Phutin, tá mo chiniciúlacht treisithe. Tá drogall ag tíortha daonlathacha trúpaí a chuir i gcogadh ar bith de bharr a dtaithí léanmhar. Ach níl cluas Putin ag máithreacha saighdiúirí na Rúise - dá mbeadh sé de misneach acu labhairt amach fiú.
Is síochánaí mé. Creidim go bhfuil fírinne domhain i nath Tucholsky
Soldaten sind Mörder
Dúnmharfóirí iad saighdiúirí
Ignaz Wrobel (Kurt Tucholsky): Der bewachte Kriegsschauplatz
Cuirtear oiliúint ar shaighdiúirí chun daoine a mharú agus a ghoineadh; tá trealamh acu nach bhfuil d'fheidhm aige ach é sin a dhéanamh go héifeachtach. Mar atá pléite san alt úd "An machaire catha faoi gharda" tá péas míleata ann go dtarlaíonn an dúnmharú ceadaithe; agus éinne a dhiúltaíonn an dúnmharú a chur i gcrích, bíonn a shaol féin i mbaol.
Mar sin féin aithním nach féidir déanamh d'uireasa cosaint an Stáit; agus uaireanta gur gá don gcosaint sin a bheith faoi airm. Tá méid áirithe den tuairisc léite agam, ach tá sé an-meamráiméiseach.
Leagtar amach na dúshláin do slándáil an stáit, ag tarraingt ar an páipéar bán ar chosaint. Leagtar amach na fadhbanna reatha le pá agus coinníollacha atá ag fágáil an cabhlach go háirithe le longa nach féidir iad a chuir i bhfarraige ceal foirne. Leagtar amach trí leibhéal "uaillmhéine" - rudaí a fhágail mar atá, roinnt infheistíocht a dhéanamh, neart infheistíochta a dhéanamh chun go mbeadh an Stáit ar chomhchéim le tíortha beaga eile san Eoraip.
Níl aon sainmhíniú dlí ar neodracht na hÉireann; níl an Stáit páirteach go díreach in aon chomhghuaillaíocht míleata; tá leathchos ag an Stáit in ECAT tríd Páirtnéireacht don Síochán. Táimid fite fuaite sna NA go míleata freisin.
Táimid ailínithe thar mar a bhí sna 1950í, de bharr an domhandaithe agus ár mballraíocht san AE. Ní dóigh liom, agus an saol mar atá go bhfuil aon dul as againn ach nascanna eacnamaíochta agus comhghuallaíochta a chothú le stáit eile - mar thír bheag bheadh muid ró lag i leith na hollchomhlachtaí atá ag rialú an Domhan cuid mhór. Tá an saol feabhsaithe go mór abhus de bharr ballraíocht san AE, ar thogra síochána ó thús é.
Luaitear roinnt bagairtí seachas cogadh san tuarascáil; agus roinnt feidhmeanna eile a dhéanann na fórsaí cosanta thar cheann an chumhacht sibhialta.
I gcás cuid acu ní fheicim gur gá go mbeadh fir armtha ina mbun.
An rud atá de dhíth i gcás cibéarionsaí, mar shampla, ná innealtóirí agus saineolaithe ar féidir le córáis cuí a dhearadh. Mar i gcéanna i gcás éigeandála - tá macasamhail an Technisches Hilfwerk sa Ghearmáin de dhíth - ní gá go mbeadh fir armtha de dhíth. Mar an gcéanna tarrtháil agus cuardach. Fiú radar, ní léir dom gur gá go mbeadh sé faoi chúram fir armtha.
Ba cheart, dar liom, gach is féidir a dhéanamh le heagraíochtaí sibhialtach; póilíní armtha agus oilte mar an rogha deiridh más gá.
Beidh cabhlach, aerfhórsa agus arm talún de dhíth chun críocha áirithe cosanta agus cosaint síochána faoi scáth na NA; ba cheart iad a bheith ann agus na hacmhainní cuí a bheith acu. Ach ba cheart gur "fir armtha" an réiteach deiridh ar fhadhb ar bith, nach mbaintear feidhm as go dtí go bhfuil gach réiteach eile teipthe.
Ach ba cheart an cheist a phlé agus polasaí ceart móide acmhainní cearta a bheith againn mar stáit.
2010-12-22
Ní théann aoinne ann, ach fós bíonn sé ina chogadh
![]() |
| Ladrann de chuid cabhlach SAM |
Beidh smacht aige ar na ciníocha agus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal,
agus buailfidh siad a gclaímhte amach ina soic chéachta agus a sleánna ina gcorráin.
Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.
(Íse 2:4)
2010-11-19
Blúirín: Teorainn Iosrael
Sílim go bhfuil dealramh leis sin, go háirithe i bhfianaise easpa cumais an Údarás Phalaistíneach barántas síochána a thabhairt, cionn is nach bhfuil bá a bpobail fhéin acu, agus dreamanna níos radacaí in uachtar.
N'fheadar cén leigheas atá ar an scéal.
2010-09-11
Blúirín: Gaois in aghaidh Foréigean
- Stop agus smaoinigh. Stopann agus smaoiníonn na saoithe roimh labhairt nó gníomhú.
- Bí aireach. Bíonn na saoithe ar an airdeall, agus súil i gcónaí acu ar a meoin féin.
- Aithin eagla. Aithníonn saoithe an eagla, agus cuireann siad ina aghaidh le fios.
- Aimsigh an maith san duine eile. Aimsíonn na saoithe an maith san duine eile. Is í seo a bhfírinne.
- Cuir aithne ar an duine eile. Cuireann na saoithe aithne phearsanta ar an duine eile.
- Tuig dearcadh an duine eile. Cuireann na saoithe dearcadh an duine eile san áireamh.
- Ná déan ginearálú ná steiréitíopa. Ní dhéanann na saoithe ginearál.
- Labhair amach ina aghaidh an Fhuatha. Cuireann na saoithe i gcoinne drochghníomhartha.
- Aimsigh fíor eolas. Lorgaíonn na saoithe eolais iontaofa maidir le creidimh eile.
- Foghlaim ceachtanna na staire. Foghlaimíonn na saoithe ceachtanna na staire. Leanann aiféala foréigean agus scrios i gcónaí.
- Bí umhal. Bíonn na saoithe umhal.
- Roinn gaois. Aithníonn na saoithe gaois pé áit a thagann siad air, agus roinneann siad í.
2010-07-08
Blúirín: Ráiteas Chairde Iosrael
http://www.friendsofisraelinitiative.org
2009-11-29
Cosc ar mhiontúir - ach díol airm fós ceadaithe
Bhí dhá reifreann ann. Ceann leis an abairt seo leanas a chuir le Bunreacht na hEilvéise:
"Tá cosc ar tógáil mhiontúir"
De réir an Neue Zurcher Zeitung, glacadh leis le móramh 57 % den 55 % a chaith vóta. Ach ar mhaithe le postanna a choinneáil san Eilvéis, is cosúil, bhí móramh mór in aghaidh cosc a chuir ar onnmhairiú ábhair cogaidh.
Caolseans go mbeadh mórán difear anseo dá mbeadh reifreann dá leithéid ann, i bhfianaise an suirbhé ar na mallaibh san Irish Times, a léirigh an tuairim a beith ag casadh in aghaidh eachtrannaigh abhus.
Nach ait an mac an tsaoil - is mó de bhagairt túr, a mheabhraíonn do dhaoine gur ceart guí chun Dé, ná eitleáin cogaidh agus airm mharfacha?
2009-09-10
Éiric fola

Maíonn Aire Gnóthaí Eorpacha na Libia go mba cheart d'íobartaigh an IRA a bheith ag lorg cúiteamh ó Gael Mheiriceánaigh a thacaigh leis an IRA seachas ó Libia a dhíol an Semtex leo.
Seo casadh i scéal atá ann ar an gcéad dul síos de bharr gur íoc Libia cúiteamh le híobartaigh Mheiriceánacha an IRA mar chuid de mhargadh trádála le SAM.
Is dóigh, má tá éiric le n-íoc, go bhfuil dealramh leis an tuairim seo aige.
Ach ní dóigh liom go ndéanfaidh sé lá difir do chonair chasta na sé Contae.
Tá daoine ann nach sásódh éiric Chéin iad - go hairithe má fhaigheann an taobh eile rud ar bith. Rud a chonaic muid nuair a mhol coiste Eames Bradley cúiteamh do gach aoinne ar maraíodh
Tá amhras orm faoin saghas seo cúiteamh gan nasc le haon rud eile. Bhí ciall leis an éiric fadó, agus é neadaithe sa chóras cóir. Ach anois? Íobartaigh mar ceithearnaigh i margaíocht ceannaithe agus polaiteoirí?
Sleá Lugh, cuid de éiric Chéin, ón ngnáth fhoinse.
2009-06-12
Pontifex
Tógálaí Droichid an sanasaíocht atá le Pontifex.
Is dóigh liom gur fíor dó, agus go bhfuil práinn ag baint leis an gceist.
2009-05-14
A Thiarna, tabhair dúinn síocháin
Ag deireadh na haitheasc tháinig Rabbi i láthair, mhol an méid a bhí ráite, ach dúirt gur gá urnaí le chéile freisin. Thosaigh sé ag canadh "Tabhair dúinn síocháin" i dteangacha na háite, i mBéarla, agus i Laidin. Sheas a raibh i láthair agus glac greim láimhe ar a chéile.
Ansin - comhartha cumhachtach in Iosrael - chan sé i nGearmáinis; teanga dúchais an Phápa, cinnte - ach teanga atá nasctha go buan d'Iosraelaigh leis an Uileloscadh.
Tá físeáin anseo (ag KathTube)
Aguisín 2009-05-18 Alon Goshen-Gottstein ainm an Rabbi chliste. Scéal breise anseo.
Aguisín 2009-05-21 Agallamh le hAlon Goshen-Gottstein anseo. (Scríobh mé féin nóta beag buíochais chuige)
2008-12-03
Deacracht na hIndia - deis na ?
Tríd fogha a reáchtáil nach dtig le Rialtas na hIndia neamhaird a
dhéanamh air, spreag ionsaitheoirí Mhumbai géarchéim eiseach do Rialtas na Pacastáine .... I dtéarmaí straitéiseacha, buile chruinn ab ea ionsaí
Mumbai a bualadh chun iarmhairtí neamhchinnte ach dearfach do na hIoslamaítigh a bhaint amach.
Cúis imní gur féidir le drong bheag tionchar chomh mór a imirt ar scata rialtas. Ach tá cuma na fírinne ar an anailís thuas. Tréimhse corrach sa stair atá ann.
2008-08-18
Athmhuscailt na Rúise.
Aontaím leo; tá an Rúis ag fógairt nach bhfuil sí sásta glacadh le bheith timpeallaithe ag iar choilíneachtaí dá cuid atá sásta tacú lena namhaid.
Botún a bheadh ann namhad buan a dhéanamh den Rúis; tá an tAE ina abhac pholaitiúl, agus beidh. Tá SAM gafa lena amhantar san Mheán Oirthear, agus beidh.
Tréimhse corrach atá roimh lár na hEorpa; agus roimh an Eoraip ar fad dá bharr.
2008-06-27
Cairdeas caide
Cúis faoiseamh agus áthais mar sin an scéal seo ón Tagespiegel.
Ní hamháin nach raibh trioblóid ann - bhain an dá dream sult as, agus bhí lúcháir ar Turcaigh Ghearmánacha.
Táthar anois ag dúil tógáil ar seo, chun na fadhbanna atá ann a réiteach.
2008-05-19
Cosc ar chnuasbhuamaí?
(Íomhá de chuid Aerfhórsa SAM, aimsithe tríd wikimedia)
Is scannalach an rud é go bhfuilid fós ann - is leanaí is minice a bhíonn thíos leo de bharr an ráta ard teip a bhíonn sna mionbhuamaí iontu, an chuma tarraingteach do phaistí atá orthu - agus an baol ard go bpléascfaidh siad nuair a phioctar suas iad. (Scéal anseo)
Tá na príomhtíortha a bhíonn ag tairgeadh na buamaí seo in easnamh ón gComhdháil, mar sin sé an buaic is féidir a bhaint amach ná conradh a chuirfidh brú morálta ar na tíortha sin eirí as.
Ach sin sprioc arbh fiú triail a bhaint as é bhaint amach.
Go n-éirí leo.
Tá an Pápa Benedict agus Rúnaí Ginearálta na NA tar éis labhairt go láidir ar son Chonradh.
2008-05-06
Iosrael ag 60: Turgnamh "nach bhfuil éirithe leis fós, nach bhfuil teipthe air fós"
Blaiseadh den alt:
Tá muintir Iosrael níos fearr as ná mórchuid de mhuintir an Domhain, agus tá féiniúlacht Iosraelach ann - bunaithe cuid mhór ar an Eabhrais. Sin bua mhór.
Ach ar an lámh eile, ceileadh roinnt den fíor stair ar an bpobal féin, agus tá deacrachtaí ann plé dáiríre le síocháin seachas le bainistiú foréigin; de bharr druidim chun an imill ar an dá thaobh.
Tá an comhar sóisialta a bhíodh ann ag an tús ag géilleadh do indibhidiúlachas.
(Tar éis an tsaoil, is cuid den domhan thiar í Iosrael, beag beann ar tíreolaíocht!).
2008-05-01
Creideamh is Réasún
- Tabhartais ó Dhia don chine daonna is ea creideamh agus réasún araon.
- Ní thagann creideamh agus réasún salach ar a chéile, is féidir go mbeadh creideamh ós cionn réasún faoi chúinsí áirithe, ach ní bhréagnaíonn sé réasún riamh.
- Tá creideamh agus réasún neamh fhoréigneach astu féin. Ní ceart feidhm a bhaint as creideamh ná réasún chun críche foréigneacha. Faraor, baineadh feidhm uaireanta as an dís chun foréigean a chur chun cinn. Ach ní bhréagnaíonn sin ceachtar acu.
2008-04-14
Tá an cheart aige siúd a deir, "Tá an cheart agamsa chomh maith"
Beirt eaglaisigh ó na críocha úd ag caint ar sáinn a bpobal - arbh é ár bpobal é freisin, más críostaithe muid.
Gan cabhair coigríche, sáinnaithe idir dhá mhór chumhacht.
Gné de cheist an mheánoirthear nach cloistear sách minic.
