Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-03-31

Mura bhfuil tuairisc air, níor tharla sé!

Is fuath le hinnealtóirí cruinnithe. Amharcann siad orthu mar am amú, am a bhfeadfaí obair fhiúntach a dhéanamh ann. Agus is minic gurb fíor sin.

Ach ní féidir déanamh go hiomlán gan iad. "Olc riachtanach" is ea cruinniú nuair atá cinntí le glacadh.

Ach iad a bheith deá eagraithe, tá siad tairbheach.

Chuige sin is gá
  1. Cathaoirleach láidir, stuama
  2. Clár gnó cruinnithe soiléir (aontaithe roimh ré)
    agus thar rud ar bith eile
  3. Miontuairiscí fiúntacha!
Ba cheart taifead soiléir a bheith ann ar na cinntí a glacadh, agus na bunús a bhí leo. Níor cheart tras-scríobh iomlán a bheith ann - go hairithe ar argóintí fadálacha "Dúirt mise - dúirt tusa" - níl ansin ach cruinniú armlón d'argóint mí-thairbheach eile níos faide anonn.

In minic go mbíonn aontú ann go bhfuil bearta le cur i gcrích - bíodh sé soiléir sna miontuairiscí cé tá freagrach, agus cén spriocdháta atá le gach beart. Agus bíodh duine cinnte ceaptha chun cur i gcrích na bearta a chigireacht!

Is minic feidhm conartha le miontuairiscí mar seo - ní mór mar sin iad a eisiúint go sciobadh, agus aontú a fháil orthu. Más féidir in aon chor, roimh deireadh an chruinnithe.



Tá gné eile de taifead atá tábhachtach: ba cheart cinntí a rinneadh i leith dearadh a thuairisciú. go hairithe nuair atá gné ar leith atá mar bhunús don cinneadh; nó má bhí níos mó na dóigh amháin (mar a bhíonn de ghnáth) chun a fhadhb a réiteach.

Bhíodh sé de nós ag bainisteoir tograí, ar oibrigh mé leis, a rá
Scríobh síos é, cuir uimhir air, agus cuir i dtaisce é


Comhairle an-mhaith, agus éasca le déanamh i ré seo na ríomhairí cumhachtacha agus cuimhne saoir.

Ciolar chiot de'm chuid féin

Sa bharr an mo ghnáth botúin gramadaí, rinne mé meancóg eile thíos

Scríobh mé
"Tá luach 0x101B = 4123 ag c buailte san córas Unicode (Ċ)."

D'aimsigh Kevin an botún
Ar an gcéad dul síos, 0x010B ba chirte dom scríobh.
Ar an dara dul síos, tá U + 0x010A ar ceannlitir C buailte, agus U + 0x010B ar an litir bheag.

Ní bheadh ach dhá bheart de dhíth chun iad sin a ionchodú.

Seans go leasóidh mé an t-alt síos, ach deis a fháil.
Tá an nasc age baile mírialta faoi láthair.

2008-03-27

Ar na mná atá an locht?

Bhí alt san Irish Times inniu, ag tagairt do suirbhé san Examiner.

Is cosúil go gcreideann sciar suntasach den phobail go bhfuil cuid den locht ar bean má éignítear í. Toisc í bheith gléasta go míchuí. Nó ólta. Nó dul in áit nár cheart di dul léi féin.

Cuireann tuairimí mar sin cantal, déistin agus colg orm. Coir tromchúiseach is ea éigniú. Cuir leis an dochar atá ann maíomh go bhfuil cuid den locht ar an íobartach.

Gníomh foréigneach atá i gceist. Réabadh idir chorp agus anam. Ba cheart caitheamh leis mar a chaitear le dúnmharú.

Ná géilltear orlach dos na ropairí drúiseacha. Is cinneadh an duine a dhéanann coir, coir a dhéanamh. Bíodh an fhreagracht air agus ná cloistear brilléis den tsóirt leithscéalach seo dó.

2008-03-26

Cloítear an claochlú ciotach!

Thug Michal léacht thar a bheith suimiúil don Roth ag tús na míosa ar Ionchódú Téacs ar Ríomhairí.

Camchuairt ar na córais éagsúla chun litreacha a chuir in oiriúint do ríomhairí a bhí ann. Is le huimhreacha a bhíonn ríomhairí ag plé dar ndó, agus tá gá le gnás chun uimhir a cheangail le litir airithe.

Léirmheas chuimsitheach a bhí ann ó ré dorcha ASCII na seacht ngiotáin, nuair a b'éigean do Ghaeil slaisíní a úsáid in áit an fada.

Thug sé cuir síos thar a bheith maith ar Unicode, an córas uileghabhálach atá i réim anois. Tá gnéithe ar leith ag baint le Unicode, agus an uaillmhian sa chóras go mbeidh gach carachtar aibítre, agus go deimhin gach glif, sé sin gach cruth faoi leith a thagann ar charachtar, intuairisce sa chóras.

Is de bharr débhrí sna córais reatha a bhíonn ciolar ciot déanta de théacs ar líne go minic. Tuigeann muidne, a bhfuil teanga againn nach leor an aibítir chúng Bhéarla lena scríobh, go maith na deacrachtaí.



Bhí ceist amháin agam nach raibh ar chumas Michal í a fhreagairt ar an bpointe - b'shin conas go díreach a chuirtear litreacha le luach Unicode níos airde ná 255 in iúl san gnás aonbhirt UTF-8.

Ní thógaim air é. Is le réimse teibí ríomhaireachta - bunachair sonraí agus a mhacasamhail a bhíonn Michal ag plé. Ach is rúpálaí giotáin mise. Is maith liom dul síos go leibhéal na n-uimhreacha dénártha san ríomhaire.

Roinnt cúlra. Is le uimhreacha dénártha 1 nó 0, ann nó as, lasc dúnta nó oscailte a phléann ríomhaire.

Giotán an t-aonad is lú.

Ach oibríonn ríomhaire le grúpaí giotáin. Beart an t-aonad is lú atá inseolta de ghnáth. 8 giotáin, ar féidir na luachanna idir 0 agus 28 - 1 a chuir in iúl leis. Baintear feidhm as leathfhocal (16 giotán) agus focal (32 giotáin) agus 64 giotáin chomh maith. Bíonn lucht ceol ag plé le focal 24 giotáin, ach sin scéal do lá eile.

Bhuel, pé scéal é, córas 7 giotáin ab ea ASCII, atá linn fós i bhfolach i Unicode. Tá na carachtar is gá don Sacsbhéarla ionchódaithe sna seacht giotáin úd, sé sin sna huimhreacha idir 0 agus 127 (27 - 1).

Ciallaíonn sin nach mbeadh luach 1 ar an gcéad giotán más "gnáth" carachtar atá i gceist.

Tá tairbhe le baint as an méid is lú giotáin is féidir a úsáid chun sruth téacs a chuir in iúl. Mar sin, baineann UTF-8 feidhm as seo.

Más na litreacha a-z nó A-Z atá i gceist, is leor beart.

Chun litir le luach os cionn 127 a chuir in iúl, caithfear níos mó na beart amháin a úsáid. Ní mór linn na birt san carachtar a chuir in iúl don ríomhaire.

Déantar sin trí an oiread giotáin agus atá birt sa charachtar a chur ar luach a haon, agus ansin náid a chur ag tús an beart birt.

Bíonn brat ar gach beart leantach ansin chun cuir in iúl gur cuid de charachtar "leathan" atá ann - bíonn luach 10 ar an gcéad dá giotáin.

Ríomhtar luach an litir ansin de réir na ngiotáin eile.

mar shampla:
Tá luach 0x101B = 4123 ag c buailte san córas Unicode (Ċ).

Sin 0b0001_0000_0001_1011 san córas dénártha.

Is gá níos mó na beart.

Bheadh an cód seo leanas ann i UTF-8 (is dóigh liom!)

0b1110_0001_10_00_0000_10_01_1011.

Tá na giotáin dearga ann chun an ionchódú a láimhseáil, agus siad na cinn dubha an uimhir fhéin.

i. 0b1110 -> trí bheart san cnuas.
0b10 -> tús birt.

Nach cliste an cleas é?

2008-03-24

Fáilte (athuair) roimh Mholtoirí

Bhuel, seo ag blagadóireacht arís mé ó tharla an Charghas a bheith thart.

Feicim go bhfuil comórtas A29 de chuid an Oireachtais ann anois do "Blagáil" (is fearr liom féin blagadóireacht, níl fhios agam tuige. Samhlaím gnímh le -dóireacht seachas le -áil...ní háil liom -áileanna).

Tá sé i gceist agam cuir isteach agus ó tharla é beith sonraithe sna rialacha go ndéantar postáil ar an mblag ó 1 Márta 2008 go 30 Meitheamh 2008, is é seo an céad mhír cáilithe don moltóireacht.

Tá moladh (agus buíochas) ag dul do Oifig na Gaeilge ITBÁC atá ag cuir duaischiste fiúntach de €1000 ar fáil.

Tá súil agam go mbeidh iomaíocht ghéar ann.

Is deisceabal de chuid Francis Bacon mé sna cúrsaí seo:

Tríd léamh a déantar duine iomlán,
Tríd comhrá duine ullamh,
Tríd scríobh duine cruinn


Tá an trí rud i gceist le blagadóireacht....ach tá gá le slua maith blagadóirí chun go mbeadh comhrá idirbhlagach ann.

2008-02-04

Carne, Vale

Tá an Inid ann.
Inniu agus amárach, san Eoraip Caitliceach, beidh an carnabhail faoi lán seoil.

Babhta mhór drabhláis agus ragairne, a fágáil slán ag an fheoil agus an macnas, ar feadh daichead lá an Quadragesima, an Charghas.

Mo-chean do theacht, a scadáin;
druid liom a dhailtín uasail,
do chéad beatha 's do shláinte,
do thuillis fáilte uaimse
...
A scadáin shéimhe shúgaigh,
a chinn chumhdaigh an Charghais,
a mhic ghrádhaigh mo charad,
liom is fada go dtángais
...
I dtús an Charghais chéasta,
a fhir le ndéantar comhól,
ortsa, go teacht na Cásca,
is mór mo ghrása 's is rómhór


Is beag de spleodar an Charnabhail ná de ghéire an Charghas atá in Éirinn na linne seo.

Pé scéal é, tá sé de nós agamsa mo chrannóg gaoitearachta anseo, agus an t-idirlíon i gcoitinne a thréigean le linn an Charghais.

Ar mhaithe le ciúnas intinne agus anama!

Feicfidh mé tar éis na Cásca sibh!

Scríobh an Pápa nóta gairid don Charghas - tráth troscadh, urnaí agus déirce.

Ar déirce agus féin bhronnadh a dhírigh sé i mbliana.




Gheobhaidh sibh an dán iomlán faoin Scadán san Duanaire

2008-02-02

Beoir Beannaithe

Meabhraíonn an scéal seo, faoi mbronntanas de bhuidéal beorach a fuair an Pápa le déanaí, scéal grinn dom.

Sna meánaoiseanna, bá mhian le manaigh áirithe sa Bhaváir beoir a ól le linn an Charghas.
Cuir siad toscaireacht chun na Róimhe ag lorg cead.
Ní raibh aon cur amach ag lucht an Curia ar an mbeoir seo.
Mar sin, d'iarr siad sampla.
Seoladh a mhuin miúil chun na Róimhe í.
Tar éis roinnt seachtainí tháinig sí.
Níor thaitin sí ar chor ar bith le lucht ólta fíona mhilis an Curia.
Mar sin, a teachtaireacht a chuaigh thar nais ná "Ní hamháin go bhfuil cead agaibh í ól, tá dualgas oraibh!"

Fáilte roimh Moltoirí!

Ó sceitheadh "liosta fada" na mblaganna atá istigh air an duais don úsáid is fearr don Ghaeilge i mBlag, is eol dom go bhfuilim air.

Mo bhuíochas don té a chuir isteach mé (ní mise a rinne - táim cúthail ;-))

Ach ciallaíonn sé go bhfuil sé do dhualgas ar roinnt daoine an bhlag seo a léamh.

Fearaim fáilte romhaibh. Tá súil agam go n-aimsíonn sibh ní éigin inspéise i rámhaille an amugha seo...

Óir ba dheoraithe sibh i dtír na hÉigipte

Ná déan leatrom ar an deoraí;
is aithnid duit croí an deaoraí,
óir ba dheoraithe sibh i dtír na hÉigipte
Eax: 23:9


Léigh mé alt suimiúil le hOllamh Iosraelach san Tagesspeigel: Forlámhas nó Daonlathas. Leagan ciorraithe de chaint a thug sé a bhí ann. Bhí sé ag cuir síos ar an dteannas san Iosrael faoi conas plé leis an mionlach Arabach san tír sa chóras polaitíochta.

Táim défhiúsach faoi Iosrael.

Tuigim an riachtanas atá ann le tearmann do Ghiúdaigh; gur cúis misnigh do Ghiúdaigh thar lear Iosrael a bheith ann, agus láidir. Rinneadh leatrom ar Giúdaigh leis na céadta bliain; leatrom a raibh lámh nach beag ag críostaithe agus go hairithe an Eaglais Caitliceach ann, monuar. Nuair a tháinig am an ghátar agus an tUileloscadh ag tarlú, dúnadh doirse in aghaidheanna na dteifeach.
Mar sin, tá sé intuigthe go mbeadh rún daingean ag muintir Iosrael glacadh le gach Giúdach mar saoránach.

Is fíor go bhfuil córas daonlathach agus dlí i bhfeidhm acu - rud nach bhfuil ag a gcomharsan. Tá siad timpeallaithe ag rialtais cama; cuid acu a bhfuil an creideamh ina ngiolla acu chun cumhacht a dhaingniú; cuid eile a chuireann dualgas treibhe in úsáid; agus roinnt a bhfuil an dá tosca ina cosaint acu. Agus is minic na rialtais seo ina bpíosaí fichille ag na mór cumhachtaí.

Ní dhearna an Bhreatain ná an Fhrainc, agus na críocha seo faoina smacht idir an dá cogadh mhór, iarracht dá laghad síol an daonlathais a chuir.

Mar sin, ó tháinig ann don Stát Iosrael, tá an pobal faoi léigear ag naimhde fíochmhara, ar mian leo na Giúdaigh a scuabadh thar nais sa bhfarraige.
Fágann a leithéid lorg ar sícé an phobail; agus tá sé intuigthe go mbeadh righnis le brath ina bplé leis na Palaistínigh laistigh agus lasmuigh de chríocha stáit Iosrael.

Ach is cúis imní dom an cuir chuig righin seo. Ní mar sin a cloítear sceimhlitheoirí.
Caithfear tacaíocht an phobal a bhaint díobh. Rud a thuigeann lucht sceimhle go maith; agus rud a bhaineann siad feidhm as tríd ionsaithe a sheoladh ó i measc an phobail neamhchiontach - le dúil agus go mbeidh aisfhreagra foréigneach a mbeidh an pobal seachas lucht sceimhle thíos leis. Is ar an leasú seo a fhásann an céad barr eile de fiacla dragúin.

Tuigim go maith go bhfuil réimse leathan tuairimí in Iosrael féin faoin gceist seo.
Go bhfuil speictream leathan ann i bhfabhar agus in aghaidh an chuir chuige; agus go bhfuil tuiscintí thar a bheith éagsúla an an gceist laistigh den dá eite chomh maith.

Cúis imní atá ann áfach, go mbíonn idir Likud agus an Lucht Oibre spléach ar mhionpháirtithe chun Rialtas a chuir le chéile; is deacair gníomh cróga a dhéanamh agus a leithéid de Rialtas briosc i réim.

Ceist chasta, íogair.

2008-02-01

Lá le Bríde

Gar dúinn earrach Éireann?

N'fheadar. Tá sé ag cur sneachta go trom thiar, agus sách fuar thoir anseo.

A Naomh Bríd,
A Mhuire na nGael,
scar orainn do bhrat

2008-01-31

Séipéal idirchreidmheach

Tá baile nua, Baile Ádhamh, a thógáil ar imeall Bhaile Átha Cliath.

Bhí scéal san Irish Times inniu go mbeadh an séipéal ann le roinnt idir ceithre Eaglais Críostaí.

Mheabhraigh sé ardeaglais Bautzen/Budyšin dom.

Ón Athrú Creidimh anall, ó 1524, tá an Séipéal roinnte ag an scáthlán croise. Bíonn an pobal Liútarach ag guí ar thiar, agus an pobail Caitliceach thoir. Tá conarthaí idir an dá phobal a rialaíonn an bheatha le chéile (ní bhíonn seirbhísí ann ag aon am amháin) Níos mó anseo.

Bhí mé i mBudyšin seal le mo bhean; tá sé san Oir Ghearmáin, san cuid ina labhraítear roinnt Soirbis fós. (D'fheadfadh roinnt suímh Éireannacha foghlaim ón dea-chleachtas dhátheangach ar shuíomh an bhaile!) Ach faraor ní raibh an séipéal oscailte - ní raibh ach cúpla uair an chloig againn sa bhaile.

Tá gné eile den séipéal i mBaile Ádhamh a mheabhraíonn an Ghearmáin, Beirlín ach go hairithe dom. Beidh sé folaithe istigh i foirgnimh deich stór.

Is minic nach bhfeiceann tú eaglais Caitliceach i mBeirlín go dtí go mbíonn tú sa mhullach air. Bhí ceangal orthu, de réir reachtaíocht de chuid an Ban Impire Auguste Viktoria, aghaidh an séipéal a bheith ar aon phlána agus aon dul leis na tithe mór thimpeall, chun iad a chuir ar leithleach ón Eaglais "Stáit". Tá roinnt pictiúr de na séipéal a bhíonn ar Aifreann iontu anseo.

B'fhearr liom meirge Chríost a bheith níos feiceálaí i mBaile Ádhamh....

2008-01-30

Agus nuair a chanann an Raibí

Bhí suim éigin agam le fada i gcultúr Giúdaigh na hEorpa. Tógadh i raon caite cloiche den Sionagóg i dTír an Iúir mé, ach is beag cuir amach a bhí agam orthu siúd a bhíonn ag adhradh Dia ann. Tá cuimhne orm ar iad a fheiscint ag súil chun guí ar an tSabóid.
Ach seachas seanbhean amháin, a bhí cairdiúil leis an comharsan béal dorais a thug aire dom ó h-am go h-am agus mé óg, ní mé ar labhair mé riamh leo. Is mór an trua nár dhéan!

Scéal thairis sin. Nuair a bhí mé sa Gearmáin ar dtúis, cheannaigh mé dlúthdhiosca de amhráin Giúdaise . Gearmánach an t-oirfideach, agus bhí an ceol sollúnta, deasghnáthaíoch beagnach -E-Musik1

Chuala mo chailín ag am (mo bhean anois, mar a tharlaíonn) an ceol, agus dúirt liom nárbh fiú dada é, go bhfaigheadh sí ceol fiúntach dom. Agus fuair.

Mac le teaghlach a tháinig slán é Moshe Leiser, a rugadh in Antuairp. Canúint den nGearmáinis a chleacht Ashkenazi (aicme áirithe de Giúdaigh na hEorpa) is ea an Giúdais. Scríobhtar san aibítir Eabhraise é, ach tuigimse (le beagán stró) na hamhráin. De bharr Moshe a bheith tógtha in ndiaidh an tUileloscadh, a bhasc a chultúr chomh maith lena phobal, deir sé féin go bhfuil lochtanna áirithe ar a stór amhráin, agus ar a chanúint.

Ach tá blaiseadh éigin den gcultúr ársa, beomhar úd le fáil san DD seo. De thaisme a tháinig an triúr le chéile le ceol a dhéanamh, amhránaí, fidléir agus boscadóir. Ach is mór is fiú gur tháinig.

Tá idir ceol aerach, ceol brónach, agus ceol
gezungen mit naganes in di hent (ceolta le gunna i ngleic) ar an DD.

Tá Amhrán an Cheithearnaigh Coille, an Partizanenlied2, thar a bheith corraitheach. Tá Az der Rebbe singt aerach. (Uaidh sin a sciob mé teideal an mhír seo).

Tá an DD ar mo phíobaire póca agam anois, agus mé ag baint an-sult as. Níor éist mé leis an DD eile ó shin!

Ach is mithid don Rebbe seo dul a luí anois! Schalom!




Gérard Barreaux, Ami Flammer, Moshe Leiser
Tendresses et rage * Chansons Yiddish

1 Bíonn idirdhealú sa Ghearmáin idir E-Musik, Ernste Musik, ceol dáiríre, agus U Musik, Unterhaltungsmusik, ceol siamsaíochta. Ní thuigim an t-idirdhealú sin. Feictear domhsa an dá fheidhm a bheith comhlíonta ag ceolta maithe.

2 Tá na focail san cló Eabhraise ar an nasc thuas chomh maith.

Tús an Turnaimh Thubaistigh.

Ar an Lá seo i 1933, de bharr tuaiplis na gCaomhach sa Ghearmáin, tháinig Hitler agus an NSDAP chun cumhachta. Tamall roimhe sin, bhí siad ar an ndé deiridh.
Chreid na caomhaigh go mbeadh ar a gcumas smacht a choimeád ar an NSDAP. Dúirt Von Papen:
...man habe Hitler engagiert und werde ihn bald "so in die Ecke gedrückt haben, dass er quietscht"...

Tá Hitler fostaithe againn, agus beidh sé sáinnithe i gcúinne ar ball beag againn chomh géar sinn go mbeidh sé ag díoscáin

Bhí breall air.

Scéal níos cuimsithí ag an Tagesspiegel.

2008-01-29

Athrógseanchas: Mír a Ceathair. Ní leor N don E!

Mar a luaigh Michal i dtráchtaireacht thíos, tá sé de nós ag roinnt ríomhchláraitheoirí ainmneacha thar a bheith gairid a úsáid. "uc" abair, in áit "uimhirCait".

Drochnós.

Tá cúinsí stairiúla leis. Bhí srianta ar na seaninneall, agus ar comhréir na dteangacha luath.

FORTRAN an ceann is soiléire. Thosaigh líne FORTAN ag poll a 7 i bpollchárta. Nós atá fós ann, cé nach bhfaca mise riamh pollchárta in úsáid, agus mé sa ghairm le fiche éigin bliain.

Bhíodh srian ar C go gcaithfí ainmneacha athróga a bheith leithleach san gcéad 6 litir. (Féach Aithne a IX)

Bhíodh scáileáin 80 carachtar ar leithéid, agus ní raibh cead líne a bhriseadh.

Bhíodh an cumarsáid ó teirminéal go dtí an ríomhaire mall, agus srian ar an luas go bhfeadfaí litreacha a sheoladh dá réir.

Ach is leis an sean stair a bhaineann na gnéithe sin go léir anois.

saé! (Scríobh amach é!).

Athrógseanchas, Mír a Trí. Scéalta ón bhFronta


Is i réimse na rialaitheoirí is mó atáimse gníomhach. Tá nodaireacht fadbhunaithe ann don na cainníochtaí a bhíonn idir chamán agam - sruth leictreach i, voltais u, luas v agus rl.

Tá nodaireacht ann do na príomhchineál athróg chomh maith. San léaráid thuas, tá an gnath leagan amach ar chóras den cineál a bhíonn plé agam leis.

Úsáidtear "W" don luach tagartha - an luach an mian linn a bheith ag an luach thomhaiste "X". Cuirtear an earráid "E" arbh ionann é agus W lúide X isteach san rialaitheoir ar mhaith leis an luach ar "Y", an t-athróg ionramháilte a ríomh. Má bhíonn an córas deartha i gceart, beidh tionchar ag "Y" ar an gléasra a fhágann go laghdófar "E".

Is ar ghnás ina bhfuil trí chuid is mó atá cleachtadh agamsa air:
Réimír a chuireann an cineál in iúl, cur síos ar an athróg, agus iarmhír roghnach a chuireann cáilíocht breise a bhaineann leis an athróg in iúl.

Mar shampla; XU_Motor_Avg : an meán voltais san inneall; WI_Motor: an sruth atá de dhíth san inneall, agus mar sin de.



Scéilín: Bhí gnás dá leithéid leagtha síos againn, agus cúram ar dhuine áirithe é chuir i feidhm.
Mhol muid na ceannlitreacha "I" agus "O" a sheachaint in ainmneacha, de bharr an baol a bheith ann go léifí mar "1" agus "0" iad. Bhí muid aontaithe air 3 litir don iarmhír cáilíochta.

Anois, bhí cailíocht de dhíth d'uimhreacha choimpléascacha, nó le bheith beacht don gcuid fíor agus samhaileatch den uimhir (a + jb) nuair is ionann "j" agus fréamh cearnach -1.

Anois, tá nodaireacht fadbhunaithe sa Mhatamaitic don a léithéid: "Re" agus "Im".

Ach ba Ghearmánach a bhí ag obair san Eilvéis mo dhuine. Chuir sé na rialacha a mhol muid i bhfeidhm go docht, agus mhol "Rea" agus "Mgn" (toisc cosc a bheith a "I" agus 3 litir a bheith de dhíth).

Sin sampla de cuir i bhfeidhm místuama. Ar amharaí an tsaoil d'éirigh linn cuir ina luí air go raibh éisceacht ciallmhar sa chás seo. Ach ní raibh sé simplí!



Notá Teangain: Is sa Ghearmáin a chuir mise tús le mo slí gairme. Tá gearmáinís beacht ar W (Sollwert), X (Istwert) agus Y (Stellwert).

2008-01-27

Lá Cuimhneacháin an tUileloscadh

atá ann inniu.

Bhí dornán bheag dóibh siúd a tháinig slán ag ócáid i Teach an Árd Mheara i mBaile Átha Cliath. Iad ina leanaí óga an tráth úd.

Smál dorcha ar Stair na hEorpa.

2008-01-26

Athrógseanchas, Mír a Dó.

Maith go leor. Tá Gluais againn. Tá an sonraíocht déanta, agus na riachtanais soiléir agus scagtha.
Tá tús á chuir leis an ndearadh. Táimid ag casadh ón cumarsáid le daoine amháin i dtreo cumarsáid le daoine, feidhmchláranna agus ríomhairí. Beidh rialacha níos doichte de dhíth; is féidir le daoine débhríocht a shárú; cliseann ar ríomhairí.

Is minic gnáis i réim cheana féin san réimse nó bainteach leis na huirlisí. Ba cheart iad a chuir san áireamh, agus feidhm a bhaint astu mura bhfuil cúis tromchúiseach gan é dhéanamh.

An cloch is mó ar mo phaidrínse sa chás seo ná go mbeadh leanúnachas san bhfriotail a mbaintear feidhm as - go mbeadh sonraíochtaí, dearadh, cód agus lámhleabhar ag tabhairt na hainmneacha céanna ar na nithe céanna.

Agus gur faoin sprioc seachas faoin dturas a thabharfaidh na hainmneacha sin cúntas.

Tá cúraimí eile do ghnáis: Seo alt suimiúil ag plé le húsáid gnáis chun botúin a dhéanamh soiléir.

Beidh botúin ann. Níonn daoine botúin. Beidh ort iad a lorg. Cabhraíonn gnás maith iad a sheachaint; agus iad a dhéanamh so-aimsithe. Cigireacht cód an bealach is fearr le fabhtanna a aimsiú.

De bharr botúin, beidh leasaithe sa chód. Cuir sin san áireamh.

San nasc a thug mé thuas, tá plé ar an nodaireacht Ungárach; smaoineamh maith (eile) a bhfuil droch-chlú air de bharr míthuiscint agus cur i gcrích mícheart.

I’m using the word kind on purpose, there, because Simonyi mistakenly used the word type in his paper, and generations of programmers misunderstood what he meant.

(Nóta: feicim go bhfuil an botún a rinne sé buanaithe i bhfoclóir Fiontar ag focal.ie. Theastaigh uaim "kind" a aistriú mar "cineál", ach feicim gur sin a mholann focal ar type: ar mhaithe le míthuiscint a sheachaint, brisfidh mé le mo nós, agus ní haistreoidh mé an tagairt.)

Ba cheart d'ainm athróg ceisteanna bunúsacha a fhreagairt:
  1. Cén cineál ruda é seo?

  2. Cad leis a bhaineann sé san réimse?

  3. Cad iad na rudaí atá déanta leis?
Ar lean...

Athrógseanchas: eadarlúid

Is mithid cúpla focal a rá maidir le caighdeáin agus gnáis.

Tá sé ráite níos fearr ná mar b'fhéidir liomsa ag Steve McConnell i "Code Complete"

Creatlach cabhrach is ea gnás maith. Saorann sé tú chun an machnamh a dhíriú ar an sprioc seachas an turas.

Is féidir é chuir i gcomparáid le feabhsú bruacha abhainn. Déanta i gceart, ritheann an abhann le fuinneamh, agus is féidir innealra a thiomáint leis; ní scaiptear fuinneamh an uisce gan tairbhe ag déanamh riasc de na bruacha. Ach má leagtar srianta ró dhaingin ar an abhann, réabfar na bruacha, agus beidh an praiseach atá mar iarmhairt ar sin seacht n-uaire níos measa ná mar a bhí an lá is measa roimhe.

Ní mór smaoineamh gur daoine machnamhacha saoir cláir; an chuid is fearr acu pé scéal é. Machnamh a gceird.

Caithfear idirdhealú cúramach a dhéanamh idir rialacha ar cheart iad a bheith docht; treoracha agus moltaí. Sa Bhéarla, úsáidtear eochairfhocail len iad seo a chuir in iúl "shall", "should" agus "may". D'fheilfeadh Modh Ordaitheach an Bhriathair, "Ní mór", nó "Is ceart" agus "Moltar" as Gaeilge.

Agus ní mór riail a náid a bheith soiléir do chách:

Riail 0: Ná sáraigh riail gan an bhonn a bhí leis an sárú a thaifead.


Is fusa go mór amhlaidh a dhéanamh má bhíonn taifead soiléir an an mbonn a bhí leis an riail ar an gcéad dul síos.

2008-01-25

Ionas go mba aon iad

Táimid ag druidim le deireadh seachtain aontacht na gCríostaithe.

Is beag a rinne mé faoi, caithfidh mé a admháil. Corr smaoineamh agus corr phaidir.

Tá an cuma ar an scéal go bhfuil aontacht na hEaglaise fós i bhfad uainn, cé go bhfuil dul chun cinn ann.

Ach is i lámha an Spiorad Naoimh atá.

Go raibh toradh ar ghuí Íosa, agus go leigheasfar na créachta in A Chorp.


A Athair Naofa, coinnigh iad i d'ainm,
an t-ainm a chuir Tú faoi mo chúram,
Ionas go mba aon iad mar is aon sinne.

Eoin 17:11

2008-01-23

Gearrthóga gúgláilte

Scríobh Roseanne Smith píosa suimiúl i gcolún Gaeilge an Times inné maidir le ríomhaithne.
Tá costas ar siuntúis dom Times; an an ndrochuair ní ceann agam, leim an leagan clóite. Mar sin, ní thig liom nascadh leis ceal eolais. Má tá sintúis agat, bain triail as an nasc seo

2008-01-30 An téacs ar fáil ar shuíomh Roseanne anois:



De bharr nascleanúint ó mo chuntas statcounter, thug mé faoi ndeara go raibh an bhlag seo luaite mar Fhoinse i Wikipedia an Bhéarla de bharr an giota a scríos faoin gCléireach....gúgláilte arís.