Agus é an plé leis an socheolaíocht ina chlár agus a alt i nGaelscéal an tseachtain seo, bhí Conn ag caint leis an Dr Iarfhlaith Watson faoin rud a chuir siad síos ar mar iar-ábharachas. Táim in amhras faoin gcur síos; séard a bhí i gceist acu ná an chaoi go mbíonn daoine sásta smaoineamh níos doimhne ar cad a cheannaíonn siad ach leibhéal áirithe maoine a bheith acu, agus iad ar a gcompord. Sílim nach bhfuil anseo ach spléachadh eile ar céimlathas Maslow: go dtagann athrú ar riachtanais an duine de réir mar a shásaítear na bunriachtanais. Níl baint aige dar liom le saint nó a mhalairt - ní duáilce ná suáilce atá i gceist, ach mianta eile atá á shásamh. D'fheadfadh duine bheith ina hábharaí cruthanta, agus an iompar a bhí á phlé acu a léiriú, i. bheith sásta praghas níos airde a íoc ar earra a bhí níos fearr de réir slat tomhais fearacht a laghad dochar don timpeallacht a rinneadh á tháirgeadh.
Ní ionann saint agus ábharachas, pé scéal é.
(Thóg mé teideal an mhír seo ó Bhrecht - ar dtús an chothú, ansin an moráltacht. Ní aontaím baileach leis sin ach oiread, cé gur dóigh liom go bhfuil sé fíor go bhfuil gad a chaithfear a scor chun a bheith in ann machnamh ar an cheart - agus ní moráltacht go machnamh)
Nod libh go bhfuil podchraoltaí de chláir Conn - Ar Strae sa tSaotharlann ar fáil anseo. Is fiú éisteacht leo!