I measc na leabhair a léigh mé le déanaí bhí an úrscéal dírbheathaisnéiseach "Céard é English?". Scéal faoi buachaill a tógadh le Gaeilge i mBaile Átha Cliath; ag lánúin a d'fhoghlaim an Ghaeilge agus iad fásta. Tá sliocht de chuid Maugham ar an mblurba; rud éigin mar gheall air deamhain agus duairceas saoil a dhíbirt tríd úrscéal a scríobh. Sa mhéid is gur bhain mé adhmad as an scéal - bhí barraíocht de sreabh an chomhfheasa ann domhsa - sílim gurbh mó a bhí a (dhroch) chaidreamh lena athair i gceist seachas a chaidreamh olc, maith ná measartha leis an nGaeilge. Sa mhéid sin de, bhí macallaí de dhaoine breaca Hugo Hamilton ann. Gan amhras, bíonn teasaíocht i gceist idir aithreacha agus mic; agus is daoine le pearsantachtaí láidre a bhíonn i gceist linne a thógann clann le Gaeilge i mbóchna an Béarla. (Buaileann imní mé uaireanta go bhfuilim ag soláthar ábhar úrscéil do mo dhaoine breaca fhéin!)
Mar sin fhéin, ní dóigh liom go bhfuil saol an Ghaeilgeora Galltachta, óg ná sean, i gcónaí duairc, lán coimhlint is teannais. Tharlódh sé áfach nach bhfuil ábhar úrscéil i ngnáthshaoil ghnáthdhuine? Táim fós sa tóir mar sin ar scáthán litríochta ar mo shaol agus saol daoine fearacht mise, a tógadh le Gaeilge san Oirthear Ghallda.
ISBN: 978-1-901176-30-8
Foilsithe: 2002
Leathanaigh: 162