|
Chonaic Dennis an alt seo agus thug mó dhúshlán ar twitter Gaeilge a chuir ar dhánfhocail móréileamh Oscar Wilde. Ainneoin go n-aontaím le hIarla a d'fhiafraigh " Cén populus? Aicme ardnósach díomhaoin Shasana?" bhain mé sult as an aclaíocht intinne. Ós rud é go dtéann giolc le gaoth, seo agaibh na torthaí.
- Táimid uilig san dríob ach tá radharc ar na réalta ag sciar againn.
- Is féidir liom seasamh in aghaidh aon rud seachas an cathú.
- Soinicí: fear a bhfuil praghas gach uile rud ar eolas aige ach dall ar luach rud ar bith.
- Is annamh an fhírinne glan agus ní bhíonn sí riamh simplí.
- Níl ach rud amháin níos measa ná go mbeifí ag caint fút: Ná beifí ag caint fút!
- An t-aon bhealach le fáil réidh le cathú ná géilleadh dó.
- Saothar mallacht aosa óil.
- Taithí a thugann cách ar a gcuid botún féin.
- Tosach seirce fad saoil is ea féin-searc.
- Nuair a aontaíonn daoine liom, mothaím i gcónaí go gcaithfidh sé go bhfuilim mícheart.
|
Le Dorothy Parker an focal scoir:
If, with the literate, I am
impelled to try an epigram
I never try to take the credit
we all assume Oscar said it.
Sa chás, agus mé le haos léann,
go spreagtar asam dánfhocail
ní ghlacaim riamh an creidiúint;
sílimid uilig gurbh Oscar a dúirt
Tá giorra giolc oiriúnach don nathaíocht mar seo.