Fuair mé an t-úrscéal seo le Séamas Mac Annaidh ón leabharlann le déanaí (tá sé as cló, is cosúil).
Tosaíonn an scéal amach go séimh, dialann fhir meánaosta. Tá na páistí imithe as an dteach, agus a chaidreamh ag dul chun leadráin ... géarchéim lár na beatha? Diaidh ar ndiaidh áfach éiríonn an scéal níos dorcha. Tagann casadh obann reacaireachta ansin, taobh a mhnaoi den scéal á nochtadh i litreacha. Díreach nuair a shíleann an léitheoir go bhfuil fios feasa na scéala aige, casadh eile reacaireachta. Agus arís, agus arís eile. Fágtar an léitheoir ag deireadh le scata féidearthachtaí réitigh, gan nod cé acu is dóichí!
Is léir gur dalta é Mac Annaidh de chuid Flann Uí Bhriain nár ghéill gur gá tús agus deireadh amháin a bheith ag scéal! Dalta diongbhála a mháistir é, más ea - bhí mé iomlán tumtha san úrscéal seo, na castaí is iontaí ann iomlán inchreidte agus mé ag léamh.
Scéinséir a thugann an foilsitheoir ar an saothar seo, agus is cinnte go bhfuil a leithéid ann; ach tá sé níos cliste ná sin, agus mar a deirim ní scaoiltear an scéal go hiomlán ag an críoch - nó, le bheith cruinn, fágtar faoin léitheoir rogha a dhéanamh idir na léargais éagsúla ar an scéal.
Thaitin sé go mór liom (agus le hais saothair eile dá chuid, ní raibh an léitheoireacht chomh trom céanna!)
An Deireadh
Séamas Mac Annaidh
Coiscéim 1996.7