Ar an 12ú Samhain i léachtlann R COBÁC thug an Dr Caoimhín Mac Giolla Léith 
an dara léacht san sraith comórtha 'Seacht mBua an Éirí Amach'. Is ag 
plé leis na hamharcealaíona a bhí sé, go sonrach leis an plé i mín 
ealaíon le téama an Éirí Amach. 
Thosaigh sé a léargas fíor spéisiúil le maíomh Thomás 
Dáibhis go mbíonn ealaíontóirí na hÉireann neamartach i imeachtaí móra na
 staire a chíoradh ina gcuid péintéireachta, murab ionann agus 
ealaíontóirí na mór roinne. 
Rianaigh sé an bheagán ealaíon atá ann ag eascairt as an 
ngorta mór, agus tionchar na grianghrafadóireachta a tháinig chun cinn i
 dtreo deireadh na 19u  aoise mar chúlra dá chaint ar thionchar an éirí 
amach ar na healaíona an uair úd agus ina dhiaidh. 
![]()  | 
| Lavery: Triail Ruairí Mhic Easmainn | 
Ainneoin nach sa chineál seo ealaíne atá a chuid spéise ná 
saineolas féin, thug sé cur síos chuimsitheach ar an méid beag atá ar 
fáil. Ina measc saothar le Kathleen Fox a rinne pictiúir comhaimseartha 
de ghabháil an chuntaois Markiewicz bunaithe ar sceitse a ghlac sí ar an
 láthair. Tá freisin pictiúir ag John Lavery de thriail Ruairí mhic 
Easmainn, atá ar iasacht fadtéarmach ag óstaí an rí ó cúirteanna Shasana
 a fuair le huacht é dá mbuíochas. 
Bé Seán Keating a rinne cuid de íomhánna íocónacha an 
tréimhse, Men of the West, a rinneadh roimh an éirí amach, agus Men of 
the South le linn cogadh na saoirse. B'é freisin a rinne Allegory agus 
a  dhóchas ag trá de bharr cogadh na gcarad. Pictiúir a léiríonn go 
héifeachtach tús deacair an stáit nua. 
![]()  | 
| Keating Men of the West | 
Thug sé spléachadh freisin ar na hiarrachtaí a bhain le 
ealaíon a chuir ar fáil don gcomóradh a rinneadh i 1966 agus atá ar bun 
anois, ag tarraingt as saothar le Robert Ballagh - sna 1960í ag 
athshamhlú múnlaithe Eorpacha le leithéidí Delacroix, agus anois a chuir
 íomhá le stair spéisiúil ar fáil bunaithe ar ghrianghraf de pictiúir 
lonnaithe san GPO le Paget, a athdhearadh le dath agus ag tabhairt 
seachtar na cásca chun tosaigh ann. 
Cé gurbh ar na pictiúir is mó a bhí a ard, phléigh freisin 
le dealbh Cú Chulainn le Sheppard atá anois sa GPO ó chuir de Valera ann
 sna 1930í - saothar atá níos sine ná an éirí amach! 
Léacht thar a bheith spéisiúil, lán eolais a bhí ann. D'admhaigh sé go 
raibh mórán eile le rá faoi ealaín an phobail, bonn, stampaí agus araile
 nár fhéad sé plé, cé go ndearna roinnt tagairt do shaothar Jim 
Fitzpatrick.
  | 
  | 
||||
  | 
|||||




