Píosaí liom in áiteanna eile:

2016-01-27

Straitéis Léitheoireachta

Bhí alt suntasach ag Siún Ní Dhuinn san Irish Times i rith na seachtaine seo chaite. Bhí alt eile i Tuairisc ag Áine Ní Ghlinn. Ceist achrannach atá ann, le fada. Tá dhá ghné ann dar liom.

Léitheoirí a Aimsiú

Is ann do dhaoine ar maith leo leabhair, fiú leabhair Gaeilge. Ach tá sé deacair teacht ar na leabhar. Tá siopaí leabhar geal leis imithe. Maith go leor, tá siopaí leabhar ar líne fearacht http://www.litriocht.com ann anois; agus tá siad iontach má tá leabhar ar leith á lorg agat. Ach ní féidir leabhar a lorg murab eol duit é a bheith ann. Ceannaím leabhar de ghnáth mar go bhfuil cloiste agam faoi. Sách minic is ag seoladh leabhar a cloisim faoi leabhar eile mar go mbíonn mionsiopa leabhair ann. Tá IMRAM go maith freisin mar bíonn siopa beag leabhair ag imeachtaí dá chuid. Ach ní bhíonn an deis nó an fonn céanna ar gach duine taisteal chuig ócáidí.

Tá gá mar sin, ní hamháin le léirmheasanna - ach le margaíocht. Margaíocht in earnáil an Bhéarla freisin, mar nach gach duine le Gaeilge a chuireann an dua orthu féin - agus is dua atá ann - irisí Gaeilge a aimsiú agus a léamh.  Chomh maith leis sin, cloisfidh gaolta agus cairde gan ach Béarla faoi agus seans go smaoineoidís ar leabhar Ghaeilge mar féirín nó ar a laghad go dtabharfaidh siad nod do léitheoir gurbh ann do leabhar.

D'aireoinn Leabharlannaí mar gné den mhargaíocht freisin. Má tá réimse maith leabhair i nGaeilge ag leabharlann poiblí, tá seans ag daoine iad a léamh gan costas; agus teacht ar údair agus leabhair ar fiú dóibh airgead a chaitheamh orthu. Faraor, bíonn rogha na leabhair Gaeilge sna leabharlanna poiblí ag braith go mór ar dhíograis an leabharlannaí - tá sé d'ádh orm go bhfuil bá ag an leabharlannaí i mBré leis an nGaeilge agus rogha réasúnta maith leabhair ar fáil dá réir. Bainim úsáid freisin as http://borrowbooks.ie/ ach ar ndóigh, arís, sin chun teacht ar leabhar a bhfuilim ar an eolas faoi.

Ó thaobh na margaíochta de, tá feabhas mór tagtha anois leis an Idirlíon agus na meáin sóisialta - tá cuid mhór de na foilsitheoirí gníomhach ansiúd, ag díriú aird ar na saothair atá acu. Tá lucht Leabhra Feabhra le moladh go mór as feachtas iontach ar líne a eagrú.

Creidim gur cheart tógáil ar a leithéidí agus siopa leabhair fán a eagrú a fhreastalóidh ar féilte cultúrtha agus liteartha suas síos na tíre, le rogha leabhair agus ábhar margaíochta atá feiliúnach don ócáid agus atá feiceálach, spleodrach.

Léitheoirí a earcú

Tá pobal na Gaeilge beag. Ach tá pobal léitheoireachta na Gaeilge níos lú fós. Tá cúis simplí leis sin. Nós is ea léitheoireacht. Tá leabhair iontacha ann do dhaoine faoi bhun a deich agus os cionn a tríocha. Idir an dá aois sin, cé go bhfuil feabhas ag teacht, tá poll. Titeann go leor de léitheoirí na Gaeilge isteach sa pholl sin.

Tá triúr clainne orm; beirt buachaillí atá anois fásta agus iníon 9 bliana d'aois. Léim fós le'm iníon, mar a rinne le mo mhic go dtí thart ar an aois céanna, Léann m'iníon leabhair go neamhspleách má thaitníonn siad léi - mar a thaitníonn Asterix abair, agus corr leabhar eile (Cuidíonn sé go mór go raibh eachtraí Asterix ar theilifís leanaí na Gearmáine, agus go bhfuil go leor ar youtube. Spreagann sin í)

Léann mo mhic mórleabhair. Ach ní as Gaeilge. Tuige? Toisc go bhfuil a laghad ann as Gaeilge atá spéisiúil gur chaill siad an nós. Fáinne fí atá ann; mothaíonn siad léamh i nGaeilge a bheith deacair, ceal taithí, mar sin ní léann siad. Ní chuireann sin lena dtaithí!

Tá  feabhas éigin ag teacht ar chúrsaí - bhain mo mhac atá 19 sult as An Litir, mar shampla.

Ach tá bearna mhór san soláthar; agus ní stopfar an bhearna sin le haistriú imleabhar amháin de Harry Potter nó Artemis Fowl. (An dá rud againn. Mise amháin a léigh - bhí an sraith ar fad as Béarla léite cheana acu, ní fhaca siad ciall le dua a chuir orthu féin á léamh).

Is anseo atá Eachroim le baint, nó le cailleadh.

Agus sin mo racht go nuige seo.

suirbhé á reáchtáil ag Foras na Gaeilge. B'fhiú é líonadh.