Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-07-01

Cois Séine dom


Agus mé ag obair i bPáras ar na mallaibh, rinne mé roinnt spaisteoireachta i lár na cathrach a bhí gar go maith don áit a raibh lóistín agam. Tá bruacha an Séin nach mór iomlán saor ó feithiclí i lár na cathrach. De hAoine tar éis na hoibre a chuaigh mé ann an chéad uair, ag fánaíocht ar mo shuaimhneas fán abhann. Bhí go leor daoine ar na bruacha, ag suí is ag ól fíona nó ag ithe, ag spaisteoireacht ar mo nós féin nó ag baint sult as na báid a raibh proinntithe iontu. Ceantar daonna pléisiúrtha. (Murab ionann agus an beagán de siúlán cláir i lár BhÁC áit nach mbainim taitneamh ar bith as de bhrí nach mothaím sábháilte ann. Seans ar ndóigh gur aineolas a d'fhág ar mo shuaimhneas i bPáras mé...)
Shiúl mé ann arís de Satharn i ndiaidh dom cuaird a thabhairt ar an Louvre. Shiúl mé chomh fada le Túr Eiffel (ach níor leag mé cos air sin!) agus bhí mé thart arís ar an Domhnach nuair a d'éist mé Aifreann i Notre Dame.

Thug mé bothanna leabhair faoi deara (ach sheachain mé iad). Bhí inimircigh ón Afraic feiceálach thall is abhus ag díol truflais leis na turasóirí, go háirithe in aice leis an Túr.

Bhraith mé áfach go raibh pobal na cathrach ann freisin, ag ligean a scíth cois abhainn nó i nGairdín an Tuileries. (Faraor bhí geataí agus bacanna le feiceáil ansin agus in áiteanna eile - airdeall roimh ionsaí sceimhle).
Is iontach an áis abhainn le bruacha leathana insiúlta ar thráthnóna breá earraigh, mar a bhí ann is mé ann.

Bhí col agam le Páras ón uair a chaith mé tréimhse ann gan pingin rua ar an mbealach abhaile agus mé i mo mhac léinn. Ach bhí an turas seo taitneamhach. Is mór an difir a níonn sé gan a bheith ag comhaireamh na pinginí nuair atá béile le ceannach. Bhí an beatha saor go maith, margaí maithe le fáil cé go ndearna mé meancóg ag ól caife ar an tsráid in aice le Notre Dame - 4.50€ ar chupán! Bhí dearmad déanta agam go n-éiríonn an caife níos daoire dá fhaid ón cuntair a suíonn tú.