Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-08-30

Seilbh Litríocht Fódhla

Is é 'Tuatha de Danann - Seilbh Inse Fódhla' an dara leabhar de chuid Diarmuid Johnson atá ag tarraingt as an litríocht ársa. Mar a rinne sé i Conaire Mór, tá sleachta as lámhscríbhinní éagsúla fuinte le chéile aige in insint bhríomhar cuanna.

Tá nathaíocht agus ruthaig ann, ach seachas cinn smolchaite tá siad múnlaithe as an nua. (Ba iontach an chlosleabhar a dhéanfadh seo).

Tá scéal gabhála Éireann iontach agus aisteach, streachailt Tuath de Danann, Fir Bolg agus Fomhóraigh.

Tá insint Diarmuid Johnson soléite snoite gan an aisteacht a scaoileadh le sruth. De bhrí an scéal atá faoi chaibidil tá foclóir leathan in úsáid ach ní dóigh liom go mbeadh léitheoir le taithí seasta ag ransú foclóir - tá na leaganacha soiléir i gcomhthéacs an insint.

Bhí cuid mhaith de na heachtraí léite agam in insintí eile. Ach is mar scéalta thall is abhus a léigh mé iad. Is maith ann insint téagartha taitneamhach amháin.

Leabhar a fillfidh mé ar arís, fearacht Conaire Mór, agus tá mé ag tnúth le foilsiú an tríú ghála, Éadaoin.

Tá Leabhar Breac ag fónamh do léitheoirí agus do scríbhneoirí araon trí seoda seo na sean litríochta a fhoilsiú faoi chló nua, agus in eagráin ar saothar ealaíona gach cuid de, clúdach, cló, caint...

Tuatha Dé Danann
Diarmuid Johnson
€16.00
120 lch, clúdach crua,
ISBN 978-1-911363-20-0