Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-02-08

Dónall Dána (Horrid Henry)


Tá cáil ar an gcarachtar Horrid Henry a chruthaigh Francesca Simon. Buachaill beag a chothaíonn mioscais is achrann pé áit a théann sé. Ainspioraid ainriail.

Tá meitheal bhreá aistritheoirí tugtha le chéile ag Cló Iar Chonnacht, agus tá Gaeilge bhreá créúil curtha ar eachtraí is achrann Dónall Dána curtha ar fáil. Beidh léitheoirí idir óg is sean lag ag gáirí faoi na bobanna a bhuaileann sé.

A dheartháirín Learaí gan-locht is mó a bhíonn thíos lena mhioscais. Ach is minic bob buailte ar féin ag a chéile comhraic Peigí Pusach. Tá friotal iontach ar fáil sa leabhar – srón a phiocfá faochain leis ag Róisín Raicleach an múinteoir rince. Agus nach mbeadh sceon ort roimh Bláthnaid Snáthaid, an t-altra allta? Ní bheadh barúil na ngrást agat cén casadh a bheadh sna heachtraí spleodracha greannmhara seo.

Agus gan amhras na focail is léaráidí Tony Ross ag freagairt go hiontach dá chéile.

Fainic gan craos a dhéanamh sa léamh nó beidh ort fios a chuir ar an Dochtúir Drochúlla de bharr tú bheith lag ag gáire!

Tréaslaím a saothar Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Caitlín Ní Chualáin agus Marion Ní Shúilleabháin.

Agus le Cló Iar Chonnacht a bhailigh meitheal chomh cumasach. Shamhlóinn gur mó racht gáire a chroith iad agus na hainmneacha á roghnú agus an chaint á mhúnlú.


Údar Francesca Simon
Léaráidí: Tony Ross
Aistrithe ag : Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Marion Ní Shúilleabháin agus Caitlín Ní Chualáin
ISBN: 9781784441456
Cló Iar Chonnacht

Foilsíodh an mír seo cheana ar Gobblefunked 5ú Eanáir 2017