Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-11-18

Crothla agus Cnámha


Murach alt le Máirín Nic Eoin An prós cruthaitheach agus an éicichritic san eagrán speisialta aeráide de Comhar, ní bheadh fhios agam go raibh an t-úrscéal seo scríofa ag Torlach Mac Con Midhe. Tá a  chuid aistí léite agam, agus lón machnaimh bainte astu.

Tá an machnamh sin mar bhunús leis an úrscéal seo. Lonnaithe sna sléibhte, in aimsir na Clochaoise. Fear feasa an reacaire, fágtha ina aonar áfach mar go bhfuil an chuid eile den treibh tar éis teitheadh ó dheas de dheasca go bhfuil an geimhreadh ag leanacht ar aghaidh ar feadh na blianta. 

Tugann an reacaire síor ar bhóithre na smaointe muid, é ag machnamh ar a shaol, ar an seanchas a d'fhoghlaim sé óna mháistir, ar turas a thóg siad chun dul i gcomhairle le mná feasa miotasacha. 

Tá an teanga agus an tseanchas fite fuaite tríd an insint. Bíonn an fear feasa ag cíoradh agus ag machnamh ar an méid atá feicthe aige agus foghlamtha aige, ag scagadh agus ag cíoradh de réir mar a chuireann sé lena thaithí. 

Tá an insint réalaíoch don gcuid is mó, ach tá gnéithe osnádúrtha - nó b'fhéidir gur i samhlaíocht an reacaire atá siad.

Tá tionchar ann - mar atá rianaithe ag Mac Con Midhe i suíomh atá curtha ar fáil aige mar thaca leis an leabhar - ag seanchas na nGael, na Gréagaigh, bundúchasaigh Mheiriceá Thuaidh agus an Astráil, agus go háirithe ag pobal labhartha na Rómainise, a bhfuil cónaí ar Torlach ina measc, ar an insint. An uilíoch san rud áitiúil, tionchar an dúlra ar an duine.

In am ina bhfuil an dúlra ag athrú - mar gheall ar an duine agus an coimhthíos idir duine agus dúlra, tá na smaointe a phléitear agus a spreagtar tráthúil. 

Tá sonraí faoin leabhar agus breis eolais le fáil tríd an suíomh https://crothla7cnamha.wordpress.com/

(Ón leabharlann a fuair mise é!)