Machnóir domhain eolach is ea Torlach Mac Con Midhe. Sa leabhar seo tá suirbhé déanta aige ar dhearcadh scoláirí na hEorpa - Francaigh agus Sasanaigh don gcuid is mó, ach Gearmánaigh ag teacht chun cinn ar ball. Léiríonn sé tionchar idé-eolaíocht agus polaitíocht na linne ar gach glúin scríbhneoirí, agus - mar a deir sé - anatamaíocht seachas leigheas á chleachtadh acu ar na teangacha Ceilteacha, coimhthíoch ársa imeallach sna náisiúin Stáit a bhí ag teacht chun cinn agus ag lárú le linn an tréimhse ón athrú creidimh go dtí ár linn féin. Smaointe á aistriú isteach sna teangacha Ceilteacha ach fíor bheagán á aistriú amach - agus an bheagán sin féin - féach Ossian Mhic Phearsain abair - ag fónamh do dhioscúrsa na mór teangacha.
Luann sé náisiúnachas leis an spéis a bhorr sa Ghearmáin sna teangacha Ceilteacha, spéis a bhí fite fuaite leis an impiriúlachas dorcha a raibh an Chéad agus ansin an Dara Cogadh Domhanda mar thoradh léanmhar air. Baineadh feidhm as na teangacha Ceilteacha chun a bpobail a ghríosadh i gcoinne na himpireachtaí eile - an Fhrainc agus Sasana.
Chuir neamhspleáchas bheith bainte amach ag Éirinn corr áirithe sa scéal ach mar is eol dúinn níor tháinig an borradh faoin dteanga abhus a d'fhéadfadh teacht as.
Tá na sleachta ar fad sa leabhar - cibé Laidin, Béarla, Fraincis nó Gearmáinis an bunteanga - aistrithe go Gaeilge chun an dioscúrsa a bheith as Gaeilge ó thús deireadh, agus tá na sleachta féin agus nótaí eile (nár amharc mé orthu) mar aguisín.
Saothar fiúntach ach monuar tá an leabhar breac le botúin cló - focail scríofa le chéile, nó litreacha ar lár. Is mór an trua sin, mar go mbaineann sé aird ón saothar agus an tátal atá le baint as.
Mar sin féin tá mé sásta gur chuir mé fios air ón leabharlann!
Na Teangacha Ceilteacha i Stair Smaointeachas na hEorpa
Torlach Mac Con Midhe
Coiscéim 2005