Tá míthuiscintí forleathan faoi theagasc na hEaglaise ar mórán ceisteanna, ach is dócha gurbh é foirceadal an do-earráideacht an cheist
Tá cuir síos sách mion ar sa Chaiticiosma.
Go bunúsach, ní bhaineann an teagasc ach le réimse thar a bheith cúng, agus le gnás thar a bheith soiléir. Go bhfios dom, ní dhearna an Pápa reatha aon forógra a bhfuil do-earráideacht ag baint leis. Agus rinne Eoin Pól II faoi dhó é, de réir mo chuimhne.
Is le saincheisteanna creidimh agus moráltachta amháin a bhaineann an foirceadal, agus ní bhaintear feidhm as ach amháin nuair atá gá tromchúiseach le deireadh a chuir le plé faoi ghné éigin den gcreidimh.
Seachas sin, is cime mar chách é an Pápa. Téann sé ar faoistin sách minic! Bhí fíor droch Phápaí ann - drúisiúil agus marfach - ach ní raibh aon Phápa a chuir an teagasc as a riocht.