Oszczypek, íomhá le Pawel Swiegoda |
Beidh sé tugtha faoi deara agaibh go bhfuil rabharta cuimhní cinn maidir leis an bPolainn tar éis mé a bhualadh le tamall anuas. Nuair a bhí cónaí orm i mBeirlín, thug mé dornán cuairteanna ar an bPolainn - chuig Vársá, Kraków, agus Gdansk. Ní fada ó Kraków Auschwitz an míchlú. Sa mhullach ar sin, tá deartháir liom pósta thall agus bhíos ag a bhainis roinnt blianta ó shin.
Ach is amhlaidh gur cheannaigh mé píosa cáise Gołka ar na mallaibh i Polonez.(Sin, dála an scéil ceann de fíor bheagán iarmhairtí dearfacha an Tíogar Cheiltigh - gur chuir na hinimircigh go mór le hilchineálacht bia agus dí abhus)
Chuir sin siar ar bhóithrín na smaointe mé. Um Cáisc 1995 thug mo bhean agus mé féin, agus an mac is sine cuairt ar Kraków. Bhí daoine eile ceaptha theacht linn, ach tharraing siad siad ag an nóiméad deiridh, rud a d'fhág ár socraithe lóistín ina gcíor tuathail. Bheartaigh muid gan ach lá nó dhó a chaitheamh i Kraków toisc nach bhfuair muid lóistín ar ár suaimhneas ann. Mol an teaghlach lena a bhfuair muid leaba agus bricfeasta dúinn aghaidh ar thabhairt ar Szczawnica, sna cnoic ar theorainn na Slóvaice - ar imeall Sliabhraon Tatra. Bhí óstán molta acu dúinn agus is air a thug muid aghaidh i dtosach. Ach níor thaitin sé linn - túr de plátaí stroighin réamhdhéanta, seomra i bhfad suas, agus gan é bheith sábháilte do naíonán. Ar ámharaí an tsaoil d'aimsigh muid seomra le teaghlach thíos sa bhaile agus caith muid roinnt laethanta taitneamhacha ann.
Is ann a thuig mé cad go díreach atá i gceist le hEaglais lán! Aoine an Chéasta bhí mé ag na searmanais agus ní raibh slí bogadh san Eaglais. Nuair a feac duine amháin glúin, bhí ar cách amhlaidh a dhéanamh! (Tharlódh nach bhfuil an scéal amhlaidh níos mó - bhí an Eaglais fite fuaite leis an streachailt in aghaidh an Chumannachas; sílim go raibh torthaí den gcineál céanna aige sin agus a bhí ag Caesar is Críost lámh ar lámh le chéile abhus, agus go mbeidh a mhacasamhail d'íonghlanadh de dhíth thall agus atá abhus).
Is ann freisin a bhlais mé den Oszczypek - cáis deataithe fearacht Gołka ach le bainne caora seachas bó. Níor éirigh liom teacht ar an gcáis ó shin.
Agus sin an eochair a d'oscail comhla an chófra ina bhfuil na cuimhní cinn Polannacha ...