|
Is ar chrann Bhiddy Jenkinson a thit sé tús a chuir le himeachtaí Imbolc i mbliana. Bhí caint léirithe ullmhaithe aici agus baineadh dá buille roinnt í nuair a theip ar an gcumhacht agus í ar tí tús a chuir lena cuid cainte. (De dheasca na doininne bhí an cumhacht ann as i mBaile Bhúirne.) Bhí roinnt éiginnteacht ann ar feadh seal, agus thosaigh sí ag caint sa chlapsholas. B'é an téama a bhí aici ná filí na hÉireann ó Aimhirgín Glúngheal ar aghaidh, agus an dualgas a bhraitheann sí bheith ar fhilí an lae inniu a gcuimhne a choimeád glé, i. a gcuid dánta a reic.
|
Ic tabairt a choisse dessi i nHerind asbert Amairgen Glúngel mac Miled in laídseo sís.
Am gáeth i mmuir. ar domni.
Am tond trethan i tír.
Am fúaim mara.
Am dam secht ndírend.
Am séig i n-aill.
Am dér gréne.g
Am caín.
Am torc ar gail.
Am hé i llind.
Am loch i mmaig
Am briandai.
Am bri danae.
Am gai i fodb. feras feochtu.
Am dé delbas do chind codnu.
Coiche nod gleith clochur slébe.
Cia on cotagair aesa éscai
Cia dú i llaig funiud grene.
Cia beir búar o thig Temrach.
Cia buar Tethrach. tibi.
Cia dain.
Cia dé delbas faebru. a ndind ailsiu.
Cáinté im gaí cainte gaithe. Am.
( Lebar na Núachongbála, lch 46 anseo)
D'fhill an cumhacht tar éis tamaill agus bhí ar chumas Bhiddy na léaráidí a úsáid. D'inis sí scéalta breátha fúthu - ina measc scéal an dealbh le Jerome Connor a bhí le Filí Ciarraíocha a cheiliúradh i gCill Airne ach nár thaitin le boc mór na háite. Ag comóradh báicéir atá Éire anois, agus in úsáid mar pissoir neamh oifigiúil. Ina háit i gCill Airne tá bé cúthail naofa!
Le Osioni ó Wikimedia |
Bhí scéalta breátha eile aici - beidh oraibh fanacht ar an físeáin don rud iomlán. Thug mé suntas dó go raibh ar chumas Kuno Meyer míle file sean Ghaeilge a liostáil i leabhar leis A primer of Irish metrics.
Luaigh sí na foinsí iontacha atá ar fáil ar líne anois agus staidéar á dhéanamh ar ár n-oidhreacht filíochta - fearacht CELT, Onomasticon Goedelicum, Logainm agus Ainm.
B'é a mian go mbeadh naisc níos fearr eatarthu chun go mbeadh ar chumas duine logainm i roghnú in Ainm, lingeadh go Logainm agus uaidh sin go dtí an Dinnseanchus. (Níl a leithéid as an áireamh de réir mar a thagann forbairt ar na dána digiteacha, ach is poll níos mó ama a bheidh mar thoradh air do mo leithéidí!)
Spreag a cuid cainte mé níos mó scagadh a dhéanamh ar na filí - ach an t-am a bheith agam.