Cé go n-aontaím le Réaltán (agus cúiseanna maithe tugtha anseo aici) gur feall éagóir atá ann nach bhfuil ach bean amháin ar an póstaer seo de chuid Leabhra Feabhra, tús maith atá ann dar liom.
Gliogáil le méadú |
Bhí plé bhríomhar againn ar Twitter faoi; meabhraíonn an scéal ar fad don go ndearnadh feall ar mhná mná a ligeann síos freisin san Field Day Anthology, rud a spreag imleabhar iomlán ar chúrsaí ban ina dhiaidh sin. Ar ndóigh chíor Máirín Nic Eoin an leithcheal seo in B'ait leo Bean agus phléigh lucht Merriman uair an scéal - tá toradh a bplé ar fáil san leabhar Leath na Spéire.
Ní mór dom admháil - agus mé ag déanamh talamh slán de gur daoine ar shlí na fírinne a bheadh san áireamh - nár rith liom ach beirt:
- Caitlín Maude
- Eibhlín Dubh Ní Chonaill (file Caoineadh Airt Uí Laoghaire)
Luaigh Iarla Siobhán Ní Shúilleabháin. Maidir le Peig, a luaigh Réaltán, bhí mise den tuairim gur scéalaí seachas scríbhneoir í. Ach ag smaoineamh arís, caithfidh mé admháil go raibh tionchair aici in éineacht le scríbhneoirí eile an Bhlascaod ar litríocht na Gaeilge, agus áit san Painteon dlite di dá réir.
Ba chuimhin liom gur luaigh Biddy Jenkinson liosta filí a bheith in A primer of Irish metrics le Kuno Meyer. Chíor mé an liosta agus fuair na mná seo leanas ann (tharlódh corr botún cló bheadh annm agus tharlóidh mná a bheith sa liosta nár aithin mé mar mhná)
- Bébhionn inghean ui Maoilchonaire
- Brigit ingen Dubthaig (i. Naomh Brighid)
- Brigit ban'fili 7 bandrui ingen Echdach Ollathir
- in Chaillech Béirri 8. cent. (Digdi, see Caillech Béirri )
- in Chaillech Laigen (Tig. a.d. 604)
- Créde ingen Gúairi
- Eibhlin Dubh ní Chonaill
- Eibhlín ní Chaoilte (Ellen Quilty)
- Eithne ingen Emangáeth (CZ. iii, p. 16)
- Etan banfili ingen Déincecht (CZ. iii, p. 16; LU. 38 h 4o)
- Feidhelm (i. banfháidh na Tána)
- Gormflaith ingen Flainn Sinna f919
- Gris banliccerd ingen Richisi (SG. ii, p. 482, 23)
- ingen húi Dulsaini 7. cent. (Corm. s.v. prúll)
- Ita fl. 570 (i. Naomh Íde)
- Laitheóc Láidech ingen Laignecháin 9. cent. (B. iv 2, p. 6i b )
- Líadain ban-éces di Chorco Duibne 7. cent.
- Máire Bhuidhe ni Laoghaire
- Máire ní Dhonnagáin
- Máire Lionduin (Alindon)
- Medb Lethderg
- Mór Muman
- Sorcha ní Ghiobúin 18. cent.
- Uallach ingen Muimnecháin f932
Ar ndóigh tá mná lárnach i litríocht na linne; agus níos fadsaolaí. Tríonóid iad Máire Mhac an tSaoi Seán Ó Ríordáin agus Máirtín Ó Direáin atá ag tús na nua-filíochta; tá Máire fós linn agus gura fada buan í! Tá Nuala Ní Dhomhnaill i measc filí INNTI. Tá Biddy Jenkinson, Áine Ní Ghlinn, Anna Heusaff, Orna Ní Choileáin, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Éilis Ní Anluain, Rita Kelly ... agus níl ansin ach ainmneacha ar bharr intinne an léitheora thuathaigh seo ...
Nára fada uainn póstaer a thugann a gceart do na mná!
2020-09-21
Le cuir leis an liosta thuas, a bhuí le hElizabeth Boyle (cómhrá Twitter)
máthair Dega meic Cairpri a leagtar an dán "Co fes cor leth iar Luachair" uirthi. Ní heol dúinn a hainm dílis.