Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-04-18

Earagail


Bhíomar ag freastal ar Scoil Geimhridh Gaoth Dobhair idir dhá Nollaig. Rinne mé roinnt siúil agus mé ann. Lá Chinn Bhliana dhreap mo mhac, cara leis agus mé féin Earagail. Thug mo nuachar muid go bun an chnoic.

Bhí an Earagail dreaptha agam cheana, agus b'é mo chuimhne go raibh tús na siúlóide fliuch, tríd an mbogach. Ach le blianta beaga anuas tá dream áitiúil ag saothrú ar mhaithe le siúlóirí agus ar mhaithe le creimeadh talún a sheachaint. 

Tá cosán den scoth tógtha acu, nach mór an bealach ar fad go barr na sléibhe. Gaineamh agus gairbhéal dlúite. San áit a bhfuil an fána níos géire, tá céimeanna. Tá bealaí fágtha san cosán don uisce sileadh go nádúrtha - tábhachtach chun creimeadh talún agus cosáin a sheachaint. Tá snas ar an obair. 

Siúlóid pléisiúrtha a bhí ann, agus neart daoine eile air an lá úd. Bhí an aimsir go maith agus bhí páistí óga fiú ann. (Cuid acu ag gol de dheasca na fuachta, ní mór a rá!) 

Is deacair a cheart a thabhairt d'áilleacht na radharcanna ón mbarr. Tá an sliabh níos airde ná na cinn gar do, agus scoite amach uatha freisin. Fágann sin go bhfuil léargas iontach i ngach treo le fáil uaidh. Locha agus bogaigh agus clocha is mó atá le feiceáil, ar ndóigh! Agus an teiscinn mhór! 

Bhí ana lá againn ar an gcnoc.