Is follasach nach máthair mé. Tá an taithí sin, atá fréamhaithe sa cholainn, iata orm. Ar ndóigh is tuismitheoir mé, bhí mé i láthair nuair a rugadh mo chlann agus tá mo sheacht sháith clúidíní cáidheacha athraithe agam. Nílim dall ar imní agus áthas an chúram. Ach tuigim go bhfuil réimse taithí nach bhfuil agam. Tá blaiseadh de le fáil sa chnuasach seo Tonn Teaspaigh. Níl an foclóir critice agam chun cuir síos cruinn a dhéanamh air, agus ar aon nós is fearrde sibh go mór réamhrá léannta Daniela Theinová a léamh seachas mo chuid rámhaille.
Mhothaigh mise gur brionglóidí, imprisean atá sna dánta. Tromluithe uaireanta. Rudaí curtha as a riocht ag tuirse colainne nach bhfuil éalú uaidh agus manglam hormóin ag cúrsaíocht tríd an cholainn chun go mbeadh an mbean in inmhe dá cúram. Áthas agus sonas freisin a thagann le forbairt na clainne. Agus grá domhain. Dánta le filleadh orthu, agus línte agus meafar a scaipfear.
Tá agus dánta eile i gceist leis an leabhar freisin. Ilghnéitheacht iontu ach roinnt de na comharthaí sóirt céanna bainteach leo.
Tá dán fhada faoi Barcelona 1974 ann, taithí au pair. Tá soghontacht agus cúthail na mnaoi óige as iargúil Éireann léirithe go paiteanta ann, le mar a bheadh scuabadh éadrom péintearacht a thugann le fios go bhfuil pictiúir níos iomláine ann.
Táim ag streachailt le m'easpa cumais cuir síos ar an taitneamh a bhain mé as an gcnuasach shaibhir seo.
Ag seoladh an leabhair mhol Máirín Nic Eoin an leabhar féin mar earra, a cruth is toisí, an cló agus an dearadh, an ribín chun áit a mharcáil, léaráidí Kim Sharkey. Tacaím go tréan leis an moladh céanna. Luíonn an leabhar go deas sa lámh, agus rachaidh sé go deas i bpóca don té ar mian leis mám filíochta a bhlaiseadh ar a shiúlta. Mar is mar sin is dual filíocht a léamh - an leabhar a thógáil agus dán a roghnú de réir ala na huaire. Tá sin le fáil go flúirseach anseo.
Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Éabhlóid