Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-05-28

An fhilíocht mar liotúirge

Ó Bhíobla léirithe Julius Schnorr von Carolsfeld

Agus an foirm a thug Éabhlóid do leabhar filíochta Ailbhe Ní Ghearbhuigh á mholadh aici ag an seoladh, luaigh Máirín Nic Eoin an ribín chun d'áit a mharcáil, rud a thug gné liotúirgeach don leabhar, dar léi. 

Ritheann sé liom go bhfuil gné liotúirgeach le filíocht i dtólamh. Fiú murar moladh Dé nó achainí air atá díreach i gceist le gach dán, is iondúil gur ardú meanman atá i gceist le filíocht a reic. 

Agus is liotúirge sa chiall chúng neart den filíocht a mhair. Na Sailm nó Laoi na Laoithe, ba mar chuid de seirbhísí reiligiúnda iad a reic. Go leor den méid a mhaireann de filíocht Safó freisin. Nó dánta na Súfaíoch nó na hIndia a bhíonn ar bhlag Gabriel, abair.

Tá Saltair na Rann inár n-oidhreacht féin. 

Baineann filíocht le moladh Dé riamh anall, ach mar a phléigh C. S. Lewis, ní hionann sin is a rá nach bhfuil ann "ach" filíocht.

 An tslí


Tá sé ar fad romhainn
ar an tslí

Guím
go n-éireod gach lá le fonn
tabhairt faoi,

is mura bhfuil fonn féin orm
nach ngéillfead aon lá
don lagbhrí.

Turas na slí.
Lá amháin sa turas
iomlán mo ghuí.

Liam Ó Muirthile
Camino de Santiago
Dánta 
 
Tugann filíocht ardú meanman don reacaire agus don léitheoir agus don éisteoir. Tá gné liotúirgeach ann, gan amhras, agus bhí riamh.