Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-06-21

Na Déise ag Déaglán go bráth!

Chaith mé an Chéadaoin in Aird Mhór. Shiúl mé conair na haille le páirtí mo mháthair céile. Lúb taitneamhach thart ar 4km. 

Luaitear an Aird Mhór le Déaglán, a bhí ag scaipeadh na Críostaíochta sna Déise sular tháinig Pádraig in aon chor. 

Agus do dhirigh an clocc roime cum n-Ereann ionnus gur gabh cuan isin taobh thes .i. is na Deisibh iMumhain ag an inis dárab ainm Inis Aird na gCaorac an tansin. Agus do ghabh an long an port cedna amail adubairt Declan. Agus do chúaidh an fer naemhta sin i ttír agus tucc grasa agus moládh do Dhia ar son go ttainic se go h-ionad a eisérge. 



Tá an siúlóid ana thaitneamhach. Thosaíomar amach ag an trá, ag súil fán balla mara. Is ar an gcladach ansin atá cloch Déaglán, mullán de chineál éagsúil le clocha eile an chladaigh. Tá sé sa mhullach ar ghnáth chlocha an chladaigh. Ag lá trá d'fheadadh duine solúbtha siúl faoi - deirtear go bhfuil leigheas do phianta droma san siúl faoi. Shíl mé áfach gur féidir gur mó dochar ná leas a dhéanfadh an iarracht do mo dhroim féin. 

Leanann an siúlóid ar aghaidh, ag dul in airde thar cúpla siopa gleoite thar óstán uasal. Ansin tá an siúlóid sa dúlra, ag Díseart Dhéagláin. Fothrach séipéil agus tobar naofa. Comharthaí úsáide ar an dtobar ach gan bruscar ribíní is truflaise ann. 
Cosán dea thógtha cois aille ansin, dromchla gainimhe a bhí go deas siúl air. Beagán síos agus suas ach gan a bheith géar. Radhairc iontacha ar an gcuan. Éin ar muir agus ar na failltreacha. 

Túr comharthaí ó ré Napoléon, agus both faire de chuid an LDF ó aimsir na hÉigeandála - an dara cogadh domhanda. 

Agus tobar bheannaithe i gcuimhne sagart (ar baineadh de a chóta, más fíor don alt gangaideach seo

Casann an cosán isteach ansin i dtreo an mhainistir áit a bhfuil cloigtheach agus fothrach ardeaglais chomh maith le aireagail níos lú. Tá clocha greanta le scéalta bíobalta ann freisin, scéal réiteach Solamh idir an dá bhean in achrann faoi leanbh ina measc. 

Tá an baile féin go deas, siopa grósaera spéisiúil agus cúpla bialanna. Agus trá breá gainimhe. An éadomhain agus bíonn píosa maith le siúl ag lagtrá ag an té a bhfuil fonn snámha air.