Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Port Láirge werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Port Láirge werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-06-29

Scioból ceolmhar an Droma Mhóir

Éilíonn Féile ceoil tacaíocht. Tá éirithe ag an BVOF tacaíocht a mhealladh ó dhaoine saibhre chun tacú leis na hócáidí. Mo thuiscint na gur tacaíocht nithiúil atá ann go gcuirtear an scioból sa Drom Mhór ar fáil do cheolchoirm mar chuid den fhéile. Rinne na húinéirí athchóiriú air roinnt blianta ó shin mar ionad do bhainis teaghlaigh. Tá an scioból agus roinnt sean fothraigh oibre thart air cois Móire ag deireadh bóthar fhada casta cúng. Dúshlánach do thiománaí le gluaisteán lán. Dúshlán a sháraigh mo nuachar arís i mbliana oíche Luain saoire bhainc Meithimh agus muid ag freastal ar cheolchoirm (gan Fionn, an uair seo).

Rogha ceoil Vivaldi á chanadh ag Arianna Vendittelli – soprano, agus Iestyn Morris – countertenor, tionlacan acu ón ceolfhoireann céanna agus an stiúrthóir céanna a bhí ag an Opera an oíche roimhe, Nicholas McGegan agus Ceolfhoireann barócach na hÉireann.

Críoch thar a bheith sásúil leis an gcuid ceolmhar den saoire, bhí Vendittelli go háirithe cumhachtach, ag léiriú mothúcháin éagsúla le guth agus colainn. Bhí roinnt uirlisí neamhghnácha ag an ceolfhoireann, agus máistreacht acu orthu. Idir shúgradh agus dáiríre a bhí an ceol, agus cuir i láthair an stiúrthóra dá réir. Ba léir go raibh na hoirfidigh ag baint sult as an gceol, agus tá a leithéid spreagúil don lucht féachana.


2024-06-27

Trá na mBó



Níl mórán spéisiúil le rá faoi Aoine an saoire. Bhí mé sa bhaile, agus tráthnóna fad is a bhí an déagóir ag tabhairt faoi scrúdú damhsa chuaigh mé ag siúl i mBré. Thugamar aghaidh ansin ar lár na cathrach. Bus 20:00 le fáil againn. An bus mór glas arís. Cáidheach arís. Bhailigh mo nuachar muid i nDún Garbhán agus thug chun na hAirde Móire muid. Bhí sé thart ar mheán oíche. Fán slí chonaiceamar péire broc ar an mbóthar. Ní dóigh liom go bhfaca mé broc beo cheana!

Ní raibh aon ócáid ceoil a raibh sé i gceist againn freastal air ar an Satharn. Thugamar aghaidh ar Bhun Machan sa charr. 

Chaith mé féin cúpla saoire i mBun Machan sna 1970í agus 1980í. Babtha amháin le club óige i sean teach feirme. Mo chuimhne ar an dturas sin ná gur cuireadh amach inár mbeirteanna muid chun dul go Trá Mhór ar an ordóg. Mise sa bheirt deireadh. Stopamar bus a bhí iompaithe ina theach soghluaiste ag teaghlach ó na sé Chontae. Phioc siad suas gach dís eile sa ghrúpa freisin...

Bhí tigh saoire ag cairde le mo thuismitheoirí díreach trasna an bhóthair ón láthair campála agus an trá. Mo chuimhne ná go rabhamar ann dhá samhradh i ndiaidh a chéile sna 1980í luath agus gur chuir mé aithne gach bliain acu ar buachaill ón Ghearmáin a bhí mórán ar chomhaois liom. Malairtigh muid litreacha ar feadh seal agus idir dhá Nollaig i 1982/3 chuaigh mé anall - tamall gar do Hamburg agus tamall i mBeirlín Thiar. Níor mhair an teagmháil le fear Hamburg, ach tá mé fós i dteagmháil leis an gclann as Beirlín - na tuismitheoirí seachas an cara pinn! Rinne siad ionad tuismitheora dom an chéad cúpla bliain i mBeirlín.

Bhí Trá na mBó feicthe agam an uair úd. Tá iarsmaí mianaigh copair sna haillte - uaimheanna isteach agus tolláin. Tá siúlóid thart ar deich nóiméad chuige, cois aille. Cosán géar ansin síos go dtí cladach clochach. 

Tá grianghraf de dheirfiúr liom ag seasamh i mbéal uaimhe, tógtha ón taobh istigh ag m'athair sa chaoi is nach raibh le feiceáil di ach a cruth. Bhí súil agam athchruthú a dhéanamh ar sin leis an déagóir, ach bhí an phluais áirithe sin dúnta, gráta curtha ina bhéal. D'fhan mo mháthair céile thuas ar bharr na haille ag faire ormsa, an déagóir agus a páirtí ag tabhairt faoi snámh. (Bhí sé fuaaarrr). Chaitheamar tamall ag suí muid féin tar éis an tsnámh, agus ansin shiúil amach go dtí ceann tíre beag chun lán ár súil a bhaint as dealbhóireacht na mara - sceirde agus stácaí mara. 

Ar ais ansin ar ar suaimhneas go dtí an tsráidbhaile agus caife oighreata. 

Áit álainn, agus gan a bheith ró phlódaithe. 

Is an Trá céanna a mheabhraigh an pictiúr seo le Thomas Richter dom (ach aithris ar Dali agus tírdhreach Éireannach a bhí i gceist aige siúd) 
Rinne mé socrú leis é a cheannach agus íoc as ina ghálaí. Tá sé ar ár mballa ó shin. 



2024-06-22

Baile Mór

Bhí an déagóir fanta sa bhaile chun tabhairt faoi scrúdúithe damhsa. Mar sin, ar an Déardaoin thaisteal mé suas arís go Cill Mhantáin ar an mbus, agus tháinig anuas leo ar an mbus oíche Aoine.

Go moch ar maidin fuair mé an bus nasc áitiúil ón Aird Mhór go dtí Dún Garbhán - Baile Mór, mar a thugann muintir na Rinne air. Turas ana dheas atá ann - fán gcósta agus tríd an Seanaphobal agus an Rinn, amach go Heilbhic agus ar ais. Tá suíochán arda sna busanna atá faighte ag an Údarás iompair don gcóras nasc áitiúil. Is féidir íoc le cárta Leap - chosain an turas 3.70€ orm sílim. Tá 5€ air in airgead tirim - bhí an turas chomh taitneamhach gur mhol mé do mo nuachar a máthair agus a pháirtí a chuir air. Rinne, agus bhain siad taitneamh as. Ní bheadh na radhairc le fáil ó ghluaisteán, toisc fál a bheith ar dhá thaobh an bhóthair agus na paisinéirí níos ísle dá réir.

Fuair mé bricfeasta i gcaifé i nDún Garbhán - bricfeasta Éireannach d'fhonn mé a coinneáil ag dul. Nuair a bhí mé ag fágáil an chaifé thug mé faoi deara go raibh dáta sa chló Ghaelach greanta i leac ar an dtairseach. 4 Márta 1922. D'fhiosraigh mé an cheist le lucht an chaifé, ach ní raibh siad cinnte cén brí a bhí leis.
Bhí thart ar uair an chloig agam sula mbeadh Bus Bhleá Cliath ann, agus thosaigh mé ag siúl thart ar an gcearnóg. Thug mé faoi deara go raibh leaca agus rudaí greanta orthu os comhair nach mór gach siopa. Ar ball, tar éis roinnt guglála, fuair mé amach gur togra stair áitiúil a bhí i gceist, i gcomhar le Múseam an Chontae. Agus go raibh leabhar déanta as sraith altanna faoi agus é ar fáil go leictreonach ó Amazon

Íomhánna éagsúla de shaol agus stair an cheantair, sciar maith acu bunaithe ar sceitseanna ealaíontóra ón 19ú Céad, Sampson Towgood Roch. 

Ach san áireamh tá an chianstair - fuarthas cnámha mamat sa cheantar - , agus an nua eolaíocht - rugadh Walton, a scoilt an t-adamh, i nDún na Mainistreach.

Chaith mé tamall eile ag fánaíocht thart. Baile glan taitneamhach agus neart bialanna agus araile le feiceáil. 


Bus - an bus cáidheach céanna - go Baile Átha Cliath agus ansin amach go Bré, áit a raibh scrúdú an déagóra thart. Bhí an turas bus taitneamhach seachas riocht an bhus féin. Radhairc le fáil ar an dtuath agus na bailte - Cill Chainnigh go hairithe - a thaisteal muid tríothu. 



2024-06-21

Na Déise ag Déaglán go bráth!

Chaith mé an Chéadaoin in Aird Mhór. Shiúl mé conair na haille le páirtí mo mháthair céile. Lúb taitneamhach thart ar 4km. 

Luaitear an Aird Mhór le Déaglán, a bhí ag scaipeadh na Críostaíochta sna Déise sular tháinig Pádraig in aon chor. 

Agus do dhirigh an clocc roime cum n-Ereann ionnus gur gabh cuan isin taobh thes .i. is na Deisibh iMumhain ag an inis dárab ainm Inis Aird na gCaorac an tansin. Agus do ghabh an long an port cedna amail adubairt Declan. Agus do chúaidh an fer naemhta sin i ttír agus tucc grasa agus moládh do Dhia ar son go ttainic se go h-ionad a eisérge. 



Tá an siúlóid ana thaitneamhach. Thosaíomar amach ag an trá, ag súil fán balla mara. Is ar an gcladach ansin atá cloch Déaglán, mullán de chineál éagsúil le clocha eile an chladaigh. Tá sé sa mhullach ar ghnáth chlocha an chladaigh. Ag lá trá d'fheadadh duine solúbtha siúl faoi - deirtear go bhfuil leigheas do phianta droma san siúl faoi. Shíl mé áfach gur féidir gur mó dochar ná leas a dhéanfadh an iarracht do mo dhroim féin. 

Leanann an siúlóid ar aghaidh, ag dul in airde thar cúpla siopa gleoite thar óstán uasal. Ansin tá an siúlóid sa dúlra, ag Díseart Dhéagláin. Fothrach séipéil agus tobar naofa. Comharthaí úsáide ar an dtobar ach gan bruscar ribíní is truflaise ann. 
Cosán dea thógtha cois aille ansin, dromchla gainimhe a bhí go deas siúl air. Beagán síos agus suas ach gan a bheith géar. Radhairc iontacha ar an gcuan. Éin ar muir agus ar na failltreacha. 

Túr comharthaí ó ré Napoléon, agus both faire de chuid an LDF ó aimsir na hÉigeandála - an dara cogadh domhanda. 

Agus tobar bheannaithe i gcuimhne sagart (ar baineadh de a chóta, más fíor don alt gangaideach seo

Casann an cosán isteach ansin i dtreo an mhainistir áit a bhfuil cloigtheach agus fothrach ardeaglais chomh maith le aireagail níos lú. Tá clocha greanta le scéalta bíobalta ann freisin, scéal réiteach Solamh idir an dá bhean in achrann faoi leanbh ina measc. 

Tá an baile féin go deas, siopa grósaera spéisiúil agus cúpla bialanna. Agus trá breá gainimhe. An éadomhain agus bíonn píosa maith le siúl ag lagtrá ag an té a bhfuil fonn snámha air. 


2024-06-16

Bus, Dord, Cos

Maidin Dé Máirt d'fhág mé an Rinn ar an mbus nasc áitiúil go dtí An Baile Mór, i. Dún Garbhán. D'fhág mé ón oifig an phoist atá iata anois...
Ní raibh orm fanacht ach cúpla nóiméad i nDún Garbhán ar bhus ar aghaidh go dtí Lios Mór. Nasc áitiúil arís, compordach agus iníoctha le cárta Leap. Ní fada go raibh mé ag ól caife le Fionn ina lóistín sa Lios Mór - iostán ar an Sráid Nua. 

Bhí ceolchoirm faoin spéir le bheith ag cuid den chór i bPáirc na Mílaoise gar don gCaisleán. 

Tar éis caife thugamar aghaidh ar an bpáirc. 
Ba oscailt an fhéile a bhí i gceist, agus bhí orainn éisteacht le cúpla óráid - gairid bld - sular thosaigh an ceol. Ansin chan cór gasúr scoile roinnt amhráin sular thosaigh Fionn agus a chomrádaithe ag canadh rogha aria, ina n-aonar agus i ngrúpaí. D'éirigh leo críochnú díreach in am sular thit múr samhraidh eile.... 


Thaithin an ceol agus an aisteoireacht liom. Réimse leathan acu agus teangacha éagsúla. Mothúcháin iomadúla... 


Chuamar sa tóir ar lón ansin - rud a thóg tamall toisc go raibh an baile gnóthach le lucht na féile. Fuaireamar lón breá i bproinnteach faoi dheireadh agus d'fhill ar lóistín Fhinn. Cupán caife agus ansin thug comrádaí cóir de chuid Fhinn síob dom chomh fada leis an Eaglais - nó gar dó le bheith cruinn, áit ar thosaigh mé ag siúl ar Shlí Dhéagláin i dtreo na hAirde Móire.
Bhí mé ag siúl ar bhóithre ciúine agus bóithre glasa. Bhí radharcanna iontacha anois is arís ar Sléibhte Chnoc Mhaoldomhnaigh. 

Bhí mé tar éis tosú ag siúl níos moille ná mar a bhí i gceist agam. Bhí an mála droma trom - díol coicíse d'éadaí á iompar agam. Agus cúpla rud eile. Agus nuair a tháinig mé chomh fada le Gleann an Lickey (theip orm ainm Ghaeilge a aimsiú) bhí droichead scuabtha chun siúil agus malairt treo i bhfeidhm, ag cuir roinnt km leis an siúlóid. Ghlaoigh mo bhean ag fiosrú cá raibh mé. Uair an chloig eile le siúl mo neastuchán. 

Ach ansin thosaigh ceobhrán agus bhí mé ag eirí bréan de na bóithre. Mar sin d'iarr mé uirthi teacht is mé a bhailiú. 

Bhí 16km siúlta agam faoin am gur bhailigh sí mé. Tá fonn orm tabhairt faoi shlí Dhéagláin ina iomláine - ach gan a bheith ag iompar barraíocht! 

Beidh mé ar ais!