Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-10-21

Sruth an Eallaigh, Páirc an Leasrí agus Dochtúir Buile


Mise san amharclann, Fionn ⁊ Tom Butler (Wozzeck),
marbhshruth an bháid, cuntar tábhairne,
siopa 24 uair a chlog i gKilburn

Thug mé sciurd gairid ar Londain an tseachtain seo. Tá máistreacht bainte amach ag Fionn san amhránaíocht Opera, agus tá sé i mbun cúrsa dhá bhliana breis oiliúna. Toisc gur dord atá ann, tá breis forbairt de dhíth air.

Mar chuid den oiliúint, cuirtear radhairc as réimse Opera ar stáitse, mar a rinne mé cuir síos air sa bhlagmhír deireadh. 

Bhí mo shonuachar i láthair ag an ceolchoirm a rinne sé do dheireadh na máistreachta, inar chan sé i sé teanga agus ghnóthaigh céad onóracha. A bhuí le togra Dairíne Ní Mheadhra Tionscadal na nAmhrán Ealaíne Gaeilge bhí an Ghaeilge ar aon chéim ann le Iodáilis, Rúisis, Gearmáinis agus Sacs-Bhéarla. Thug John Kinsella cead do Fionn an trí amhrán a rinne sé féin a chóiriú dá ghuth - agus chan sé Bóithre Fada Bána Eoin Ó Tuairisc dá réir. (Bhí téama fánaíochta aige tríd síos)

Thug mé féin na bóithre orm féin. Ní raibh fonn eitilte orm, agus shocraigh mé ar bhád agus iarnród a úsáid arís. (112€ ar an dturas fillte as BÁC go Londain. Ní bheadh eitilt mórán níos saoire, cé go mbeadh sé níos gaiste.)

Bhí an bád ag seoladh um 08:00. Cé go mbeadh sé indéanta é a bhaint amach ó Bhaile an Chinnéidigh tríd bus luath a fháil, bheadh éiginnteacht agus strus i gceist leis sin. Shocraigh mé an oíche roimh ré a chaitheamh tí m'athair i dTír an Iúir. Luaigh mo nuachar liom go raibh Glasbhealach oscailte timpeall an chalafoirt. Os rúd é 
  1. gur mhúscail mé an-luath
  2. go raibh sé tirim
  3. go raibh gealach lán ann
  4. Go dtéann bus as tír an uair go dtí an Trá Thuaidh

shocraigh mé - ag an nóiméad deiridh - siúl ón Trá Thuaidh seachas bus eile a fháil ó lár na cathrach. Bhí neart ama agam toisc a luaithe is a mhúscail mé. Fuair mé bus 15 ó Thír an Iúir go dtí Droichead Newcomen.

Bhí mé tar éis éirí den mbus rud beag luath - is an Canál Ríoga seachas an Tulcha a thrasnaíonn an droichead. Ach bhí fuílleach ama agam. Lean mé orm suas an bhóthair go dtí gur shroich mé an Tulcha. Ar dheis fán mbruach ansin, chomh fada le Bóthar Alfie Byrne. Trasna an droichead. Thug aicearra tríd Páirc mé chomh fada le Park gnó an pointe thoir, agus tús an ghlasbhealaigh. Bhí taithí agam ar an gcosán cúng ar imeallbhord na páirce. Bhí mé ag obair sa pháirc gnó ar feadh roinnt blianta, agus ba chúrsa an cosán m'aclaíocht am lóin. Ainneoin na gealaí, bhí sé dorcha go maith idir na crainn. Bhí sé ina lagthrá, agus bhí glaocha diamhaire na éin mara ag cuir leis an uaigneas. Bhí cúpla lóchán ar an gcosán. 

Bhain mé deireadh na páirce gnó amach faoi dheireadh. Cosán nuadhéanta a bhí anois fúm, leathan go leor do choisithe agus rothaithe. Agus soilsithe go maith. 
Ceapacha bláthanna ar an imeall, neart poipíní. Fógraí eolas nár thug mé mórán aird orthu. Dónall Ó Conaill ina measc!

Ní fada go raibh mé ag an mbád, ticéad faighte, mála droma scaoilte isteach i mbolg an bháid agus mé ag ithe céadphroinn friochta ar boird. 
 
Thart ar meán lae a bhaineamar Caer Gybi amach. Bhí beartaithe agam traein díreach ó thógáil go Euston - ach is amhlaidh go raibh fuarlaigh thart ar Crewe agus moill ar traenacha, nó iad ar ceal ar fad. D'fhág príobháidiú na n-iarnróid san Ríocht Aontaithe na comhlachtaí éagsúla i bhfeighil codanna éagsúla, agus deacrachtaí cumarsáide dá réir. B'é an comhairle is fearr a bhí ar fáil ná dul ar an dtraein chomh fada le Caer agus comhairle a lorg ansin! Bhí dornán de na coisithe ón mbád ag tabhairt faoin aistear céanna, agus is mar mheitheal a bhogamar ar aghaidh. I gCaer dúradh linn dul i dtreo Leeds chomh fada le Warrenpoint Bank Quay. Leathuair d'fhanacht ansin, agus ansin traein (plódaithe) go Euston. De shiúl na gcos ansin go dtí Acadamh Ríoga an Cheoil, áit a raibh mé díreach in am eochair a fháil ó Fionn sula raibh air dul ar stáitse.
 
 Thóg mé bus ansin go dtí Kilburn, agus lóistín Fhinn, d'fhonn fáil réidh leis an mála droma. Faoin am a d'fhill mé ar RAM bhí an ceolchoirm thart agus chuaigh Fionn is mé féin le roinnt de hoirfidigh eile chun béile a fháil. Comhrá mar anlann leis. Ar ais go dtí lóistín Fhinn ansin, buidéal leanna ón mBeilg agus leaba. 

Maidin Aoine ansin, Fionn fós ina thromshuan, chuaigh mé ag lorg céadphroinn. Phrioc an t-ainm d'Accord m'fhiosracht nuair a d'fhiafraigh mé do Google cá bhfaigheann bricfeasta. Bhí dhá chupán caife agam, ceapaire agus croissant. Agus comhrá deas bríomhar leis an Spáinneach agus an duine de bhunadh na hÉireann a bhí i bhfeighil. An sméar mullaigh leis an ceapaire - síotaicé briosc triomaithe

Shiúl mé na sráideanna tamall ansin, agus d'éist Aifreann a deich. Sagart ón India, pobal ó gach cearn. Faoin am sin bhí Fionn ina shuí. Bhí mé tar éis suntas a thabhairt do siopa beag níocháin, agus fiosrú faoi léine a fháil glanta agus smúdáilte in am don gceolchoirm tráthnóna. Rinneadh amhlaidh ar 5£, agus síneadh láimhe de punt a shíl mé bheith ag dul dó toisc gur chuir mé faoi bhrú é bheith ullamh roimh a haon. Bhailigh Fionn leis le ullmhú don gceolchoirm um a trí, agus d'fhan mise tamall go dtí go raibh sé in am an léine a bhailiú. Ghléas mé mé féin ansin i gcasóg agus bríste a fuair mé ar iasacht ó Fionn, agus mo léine agus carbhat féin.

Ar aghaidh liom ansin de shiúl na gcos. Tá ard bhóthair Kilburn (Sruth an Eallaigh na Sacsan seachas Cill Uí Bhroin Gaelach) lán le siopaí beaga ilchineálacha - bia, éadach, leictreonaic. Chonac siopa éisc le humar amháin lán gliomaigh agus ceann eile lán portán. Siopaí eile agus cairn móra arda de ghlasraí agus torthaí úra lasmuigh agus an iliomad earra tirim istigh. Chuaigh mé ag póirseáil i siopa amháin arbh geal le pluais Aladin é - seilfeanna arda, dorchlaí a bhí ar éigin ar leithead duine agus earraí ó bhonn go barr ó gach cearn den domhan. Cheannaigh mé roinnt féiríní ann.

Ar aghaidh liom ansin i dtreo RAM, ag gearradh tríd Páirc an Leasrí. Bhí an lá go hálainn. Sráideanna deasa tithe sraithe, ag dul i ngalántacht de réir mar a dhruid mé le Páirc an Leasrí. Bhí mé in am maith le mo shuíochán a ghlacadh don taibhiú - cuir síos déanta agam ar sin anseo.

In dhiaidh sin threoraigh Fionn mé chuig siopa ar leith chun peann nua a cheannach don déagóir, agus ansin chuamar ag ól! Agus ar deireadh in éineacht le compánach dá chuid ag ithe, san YMCA Indiach. Líonadh goile ar bheagán airgid. An dóigh cuí le n-ithe foghlamtha ag Fionn ó chomhscoláire - chloí mise le sceanra agus nós an Iarthair! 

Piúint eile san Jackalope agus ansin bhí sé in am ag Fionn brostú chuig an aerfort. Chuaigh mise ar ais ag an lóistín agus chodail. An maidin dar gcionn bhí sé ag ceobhrán. Thóg mé an Bus go Sráid Baker agus shiúil as sin go Euston. Ba cuimhin liom ó mo chamchuairt deiridh go raibh bricfeasta ar fáil lámh leis an stáisiúin.  Líon mé mo ghoile, agus d'fhan ar a traein díreach go Caer Gybi - ní raibh aon deacracht an uair seo. Cuireadh moill bheag ar an traein cgl ach ní raibh aon bhaol ann nach mbeinn in am don bád. 

Bhí an uain iontach agus bhí radharcanna maithe ar Chualann, Beann Éadair agus Cuan Duibhlinne agus muid ag druidim le ceann scríbe. Bhí an bus imithe faoin am ar éirigh liom tuirlingt den mbád. Fuair mé tacsaí agus Aifreann 18:30 i Seipéal San Seosamh ar an mBalla Thoir. Sagart ón India arís - ach bheannaigh sé as Gaeilge, agus dúirt Kyrie agus Paidir as Gaeilge freisin.

Ag sin eachtra Aonghusa i Londain