Níl a fhios agam an bhfuil éinne i measc mo leantóirí ag lorg poist. Ach má tá, i gcuntas Dé, ná seol litir chuig "Dear Hiring manager". Más mian leat obair linn, léirigh go bhfuil buntaighde fúinn déanta agat.
As lor liom ꝗ laḃrꝫ de sin
Is cosúil gur thug mé m'éitheach leis an nath deiridh sin, mar seo mé ag scaoileadh mo racht anseo.
Mar a tharlaíonn, ní raibh mise i mo Hiring Manager ach uair amháin, agus i gcoinne mo thola an uair sin féin. Tugadh treoir dom céimí a fhostú. Ní theastaigh uaim. Níor chreid mé go raibh obair ann dóibh. (Bhí an cheart agam. Laistigh de bhliain bhíomar uilig iomarcach... ). Níl cuimhne agam ach ar bheirt a chuir faoi agallamh as an carn mór CVanna. Fear agus bean. Bhí an fear sotalach agus seachas dul i bhfeidhm ormsa agus an bhean ón rannóg pearsanra, is amhlaidh a ghlac muid col leis. Níor léirigh sé de spéis sa chomhlacht ach sa mhéid is go raibh sé fiosrach faoi cé mhéad scair-roghanna a mbeadh teideal aige orthu. Fuair an bhean an post. Rud a bhí ina chúis imní orm ar ball, toisc gurb as an India í agus a teideal cónaí in Éirinn ceangailte leis an bpost. Shíl mé nuair a fuaireamar uile bata agus bóthar go raibh sin caillte aici. Ar ámharaí an tsaoil, ní raibh. Fuair sí, de réir mo thuisceana, post maith le hAccenture. Ach ó tharla gurbh de sainaicme ard í, bhí a cleamhnas déanta i bhfad roimhe, agus chuaigh sí as radharc cúpla bliain ina dhiaidh sin. Táim ag seachaint an taobh sin de bhainistíocht ó shin, ar cúpla cúis. Táim sásta bheith i mo bhainisteoir teicniúil, ag riaradh agus stiúradh obair. Ach níl scil agam i gceisteanna pearsanra. Dhá rud a bhí ina eire orm nuair a bhí mé i mo bhainisteoir. Fostaí lag, go raibh cathú orm léim isteach agus an obair a dhéanamh mé féin. Nó fostaí sciliúil agus éirimiúil - ach a shíl gur aige seachas an bhainistíocht a bhí fios fátha na hoibre. Is annamh sin fíor, toisc go mbíonn eolas níos leithne agus radharc níos faide ag an ard mbainistíocht - sin nó tá an fiontar chun dul go tóin poill cibé.
Ar aon nós, gheall mé comhairle. Chuir an "Hiring Manager" úd cantal orm toisc go bhfuil ainmneacha na bainistíochta agus a gcúraimí le fail laistigh de dhá chlic ar shuíomh na comhlachta.
- Bíodh do thaighde déanta agat. Mura bhfuil eolas éigin agat ar an gcuideachta, conas tá fhios agat gur mian leat obair ann?
- Bíodh idir CV agus litir clúdaigh in oiriúint don bpost. Murar fiú duitse dua a chuir ort féin leis sin, ní fiú dúinne am a chuir amú ort.
- Glac leis go bhfuil pé innealtóir a bhfuil tú ag plé leis gnóthach. Mura bhfuil, b'fhearrde tú gan post a fháil ón gcuideachta: ní mhairfidh sé!
- Glac leis, má fuair tú scairt go dtí agallamh, go bhfuil an chuideachta den tuairim go bhfuil an cumas ionat. Tá an agallamh ann le féachaint an bhfuil scileanna sóisialta oibre agat. An réiteoidh tú leis an meitheal?
- Cuirfear ceisteanna theicniúla. Ach ní an freagra ceart atá á lorg, ach tuiscint agus cuir chuige stuama chun fadhb a réiteach.