Ní abhaile a chuaigh mé ar an Satharn ón mbád, ach go tigh m'athair arís - chun cinntiú go mbeadh sé in am chun dul linn go Loch Garman. Bhí Fionn imithe romhainn.
Ar imeall Féile Opera Loch Garman, bíonn ceolchoirm ag Wexford Festival Singers - cór amaitéarach. Bhíomar breá luath agus fuaireamar greim lóin in Cappucinos - gar don séipéal.
Bhí aiféala orainn nár thugamar cúisíní linn! Níl binsí eaglaise ró chompordach.
Wachet auf! le Bach agus Dixit Dominus Scarlatti a bhí ar an gclár, agus ceathrar amhránaí faighte acu do na páirt aonair - Soprano, alt, tenor agus dord - Fionn s'againne. Ceoltóirí acu freisin.
Téacsanna bíobalta - ceann Bach bunaithe go háirithe ar Laoi na Laoithe, Íseáia 52:8 agus parabal na maighdeana stuama agus místuama. Laoi na Laoithe ina mheafar ar ghrá Dé don anam, agus cuardach an anama.
D'fhoilsigh an Tiarna do mo thiarnasa: “Bí i do shuí ar mo dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.” '
Salm 110:1
Caithréim an Tiarna bunús píosa Scarlatti agus an ceol dá réir múscailteach.
Tráthnóna taitneamhach. Chuireamar clabhsúr leis, ar an mbealach abhaile, le béile in The Kitchen i nGuaire (áit a mholaim - cúpla béile caite againn ann, agus iad i dtólamh maith).