Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Caitríona Hastings werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Caitríona Hastings werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2016-10-24

Ridire an ghaiscidh

Ar foghlaimeoirí fásta atá an an leabhar seo dírithe dar leis an réamhrá. Foláireamh mar sin nach oide mise. Agus cé go bhfuilim síoraí ag foghlaim, tá go leor taithí léitheoireachta Gaeilge agam. Mar sin féin, ó chuir Cló Iar Chonnacht an leabhar faoi mo bhráid, déanfaidh mé iarracht é a mheas do na léitheoirí ar a bhfuil sé dírithe.

Maíonn Caitríona Hastings san réamhrá gur sás foghlama ab ea na scéalta béaloidis riamh anall, gaois an chine, teanga agus nósmhaireacht á iompar iontu ó ghlúin go glúin.

Tá eolas domhain agus leathan aici féin ar an mbéaloideas, rud a chuir sí chun tairbhe léitheoirí óga roimhe seo sna leabhair léaráithe a d'fhoilsigh An tSnáthaid Mhór.

Buan tréith de scéal a bhíonn á aithris ós ard is ea na ruthaig, sleachta a chuireann le rithim an scéil agus a mbíonn foirmle agus athrá i gceist iontu. Tá sé luaite aici san réamhrá go measann sí iad seo ach go háirithe a bheith ag fónamh don bhfoghlaimeoir. Tá úsáid éifeachtach bainte aici as na sleachta seo, le casadh beag anois is arís le aird an léitheora a phriocadh.

Is éard atá anseo ná sintéis an scéil ársa faoi mhac rí a oiltear ar leithligh ag ban gaiscíoch agus ar gá do a ionad san saol a bhaint amach tríd gníomhartha gaile. Ar ndóigh bíonn bé álainn a tharrthálann sé ó arrachtach mar luach saothair aige.

Tá go leor scéalta den seánra curtha le chéile anseo, rud a chuidíonn leis an athrá maille athrú atá le bheith ina chuidiú don bhfoghlaimeoir. Measaim go bhfuil an scéim éifeachtach.

Ní insint iomlán traidisiúnta atá i gceist- scaití caitheann an údar amhras ar na gnása, agus tá éadroime agus greann ag baint leis an áibhéil.

Bheinn amhrasach maidir leis an úsáid a bheadh i gcuid den bhfoclóir san lá atá inniu ann, ach is cinnte go bhfuil go leor múnlaí gramadaí san reacaireacht a rachaidh an léitheoir i dtaithí orthu mar thoradh ar an athrá.

Tá foclóir ag deireadh an saothair, ach seachnaítear fonótaí, rud atá inmholta measaim - ní bhainfear aird an léitheora ón scéal.

Bhain mé taitneamh as an leabhar mar léitheoir mé féin, cé gur mheas mé go ndeachaigh sé chun fadálachta beagán de bharr eachtraí a bhí ana chosúil le chéile. Ach fónann sin don aidhm teagascach.

2015-08-16

An tÉan Órga

Tá sintéis déanta anseo ag Caitríona Hastings ar scéal - roinnt scéal dar liom - as an méid a bhailigh na deartháireacha Grimm. Tá leagan dá gcuid den Éan Órga anseo mar shampla: cuid mhór de na heilimintí i scéal Chaitríona, ach cuid eile curtha leo, agus Éireannach agus (tríú!) mac garraíodóra déanta den laoch.

Ar ndóigh tá sé sa Táin go n-éireodh i gcónaí leis an tríú mac ainneoin sotal a dheartháireacha, go háirithe má bhíonn sé cneasta le hainmhithe is daoine. 

Is athinsint béaloideasiúil atá anseo, comharthaí sóirt an scéalaí le braith air, athrá, ruthaig, eachtraí osnádúrtha, agus gan amhras deireadh sona. Maille réamhrá chliste faoin scéalaíocht!

Táim an-tógtha le saothair An tSnáthaid Mhór, ó Gaiscíoch na Beilte Uaine aniar, agus bíonn na scéalta saibhrithe go mór ag ealaíon Andrew Whitson. Tá an oiread sin mionsonraí sna líníochtaí go tarraingíonn siad isteach sa scéal tú, ag treisiú is ag béimniú na bhfocal, ag spreagadh na samhlaíochta.

Go dtí seo is leabhair mhóra a bhí iontu, le léamh ós ard do do leanaí. Ach tá an leabhar seo beag go leor le dul i póca, agus soléite ag léitheoir óg maith. 

Táim á léamh le'm iníon ach ní bheadh sé ró dheacair dí féin, sílim.

Seod eile!

An tÉan Órga
An tSnáthaid Mhór, 
Caitríona Hastings, Andrew Whitson
Tagairt: 9780955227189