Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label dánlann eolaíochta werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label dánlann eolaíochta werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2014-04-26

Imbolc 2014 Abaigeal Ní Ógáin: Bitheolaíocht Baile!

Íomhá Sinéad Corish
Táim ana cheanúil ar an nDánlann Eolaíochta mar sin bhí an spéis san caint a bhí Abaigeal Ní Ógáin le tabhairt. Tá oideachas eolaíochta níos tábhachtaí ná riamh, agus amhras agus piseoga ag scaipeadh faoin eolaíocht agus teicneolaíocht. Bhain caint Abaí lena taithí leis an Saotharlann Poiblí a bhí mar chuid den taispeántas Grow Your Own (ceann nár éirigh liom freastal air). San taispeántas agus sna saotharlann a bhain leis bhí deis ag an bpobal triail a bhaint as na féidearthachtaí bhaineann le bitheolaíocht baile, ag le géineolaíocht fiú - chun bia a sholáthar agus rudaí ar nós dúch.
Is réimse thar a bheith tábhachtach atá anseo, agus gá againn le tuiscint níos fearr ar na deiseanna agus na priacail a bhaineann lena leithéid - agus is gá an t-eolas sin a bheith fairsing sa phobal seachas i dtúr eabhar na hacadamh.
Agus is breá liom an modh oibre atá i gceist leis an saotharlann pobal - deis a thabhairt do dhaoine taithí a fháil ar an eolaíocht iad féin. Ag deireadh an lae, cineál eile cócaireachta atá i gceist!
Íomhá Sinéad Corish
Ach ba mhaith an rud é dá mbeadh a leithéidí níos coitianta. Is ar dhéagóirí agus daoine fásta óga is mó atá iarrachtaí na Dánlainne Eolaíochta dírithe, ach tá sé spreagúil do leanaí chomh maith. (Bheir an ghrianghrafadóir orm agus díospóireacht theasaí idir mé agus Abaí ar an gceist airithe sin - ba mhaith liomsa go mbeadh níos mó ar bun acu do leanaí agus caithfidh mé géilleadh don méid a dúirt sí maidir le leanaí a bheith ag cur an sprioc aois ghrúpa ó dhoras! Is deacair don ghobadán an dá thrá a fhreastal)
Ba spreagúil an chaint a bhí inti, agus gúim gach rath ar na hiarrachtaí aici agus ag an dánlann le tuiscint is bá don eolaíocht a scaipeadh sa phobal. Réimse atá ann ina bhfuil, feictear dom, géarchéim faoi láthair - neamhlitearthacht eolaíochta fairsing, agus bladar á scaipeadh ag potrálaithe.

2014-03-04

Teip níos fearr

Is breá liom an Dánlann Eolaíochta.
Is iontach an lón machnaimh a chuireann siad ar fáil, agus ní taise don taispeántas reatha - Teip níos fearr - teideal a thagann ó gearrscéal de chuid Beckett, Worstward Ho:

All of old. Nothing else ever. Ever tried. Ever failed. No matter. Try again. Fail again. Fail better.
Marana ar an dteip, nó ar an rud a tugtar teip air atá ann, i ngach gné. Ach, mar a deir mana amháin atá ar an mballa acu:
Níl a leithéid de rud ann agus turgnamh ar theip air. Níl ann ach turgnaimh a raibh toradh gan choinne orthu.
Léiríonn samplaí áirithe de teipeanna san taispeántas "teip" ar tháinig bua as, mar shampla an dath  sintéiseach liathchorcra a d'eascair as sraith turgnamh chun rud eile ar fad a chuir ar fáil.

Taispeántas a chuaigh i bhfeidhm go mór orm féin ná an goradán a dearadh le páirteanna saora agus éifeachtacha don domhan i mbéal forbartha - ach nach nglacadh aos leighis leis mar nár fhéach sé i gceart. Meabhrú nach leor go n-oibreodh aireagán, caithfear glacadh a bheith leis ag na húsáideoirí!

Tugadh cuireadh do Jane Ní Dhulchaointí, tionscnóir sugru bheith ina coimeádaí don taispeántas, mar go bhfuil a aireagán sise bunaithe ar an bhfíric go dteipeann ar rudaí, ach nach sin deireadh an scéil.

Agus, mar shampla - an teip é nuair a leánn fiús? Cinnte, gan fabht áit éigin, ní theipfeadh ar an ngléas cosanta sin - ach is an teip a fheidhm, d'fhonn teip níos measa a sheachaint!

Ag deireadh an lae, níl aon duine nach dteipeann air ach an duine nach ndéanann aon iarracht!

Nó mar a deir leabhar na seanfhocal:
Óir titeann an fíréan faoi seacht, ach éiríonn arís;  (Sea 24:16)
Éirí arís, sin an eochair! Éiríonn go maith leis an taispeántais seo, agus go ghíceanna na litríochta ní hamháin go bhfuil lámhscríbhinn Beckett ann, móide a leasaithe  ach tá Fedora Bhrain Ó Nualláin ann, i gcomóradh ar a leabhar An Treas Phéas, a raibh gach cuma air gur teip a bhí ann, sa dóigh is gur lig Myles air go raibh sé caillte - ach atá anois ina bhunchloch i gcanóin a shaothar!

Má bhíonn deis agaibh, buail isteach! (Tá caifé deas ann freisin!)

2012-12-22

Siopa Déanaimh

Mar atá scríofa agam cheana anseo, is breá liom an Dánlann Eolaíochta i gColáiste na Tríonóide. Bhí spéis agam san togra nua acu, an Makeshop ach shíl mé m'iníon a bheith ró-óg chun tairbhe a bhaint as. Ach agus mé ag plé imeacht do sheachtain na nInnealtóirí leo ghríosaigh siad mé le tabhairt faoi léi. Agus nuair a chuala mé go raibh baol ann go mbeadh deireadh leis an togra um Nollaig shocraigh mé gurbh gá an deis a thapú! (Chuala mé áfach inniu go bhfuil an baol sin curtha ó dhoras ar feadh roinnt míosa eile ar a laghad).
An rud atá i gceist leis an Makeshop na ionad buail isteach inar féidir le daoine - óga agus níos deis - ceardlann a dhéanamh agus rud éigin a chruthú dóibh féin. Tá rogha de turgnaimh socraithe ann agus an t-ábhar ar fáil dóibh; bíonn táille i gceist chun costas na n-ábhar a ghlanadh, 5 nó 10€.
Nuair a tháinig muid isteach bhí orainn fanacht tamaillín mar bhí triúir leaid óga ag obair go crua ar róbó simplí a dhéanamh. An rud a bhí ann ná inneall beag leictreach agus meáchan ar an acastóir. Ní raibh an meáchan láraithe, mar sin bheadh an inneall ag preabadh agus é ag casadh. Bhí an inneall greamaithe de bharr stáin. Bhí trí rogha acu - chuir duine acu spúinse faoin stáin, duine eile manglam de liathróidí polaistiréin, agus an tríú duine trí pheann feiltbhíorach (mar sin bhí ar chumas an tríú ceann seo pictiúr a tharraingt).
Thaitin go mór liom an chaoi gur spreag an teagascóir iad chun smaoineamh ar céard a bhí ar bun acu tríd ceisteanna a chuir orthu seachas an t-eolas a chuir ós a gcomhair. Bá léir gur bhain siad an sult as.
Ár deis a bhí ann ansin. Bhí cloiste ag an teagascóir gur Gaeilge a bhí á labahirt agam le'm iníon, agus d'iompaigh sé féin ar an nGaeilge linn.
Roghnaigh m'iníon bréagán beag le LED agus adhmaint a dhéanamh. Leathsheoltóir atá i gceist le LED; mar sin ag brath ar cén dóigh a nasctar leis an cadhnra é, lasfaidh sé nó ní lasfaidh. Bhí dathanna éagsúla LED ann - dearg, buí, gorm agus glas, agus spreag sé í le triail a bhaint as na cinn éagsúla, agus tabhairt faoi deara cad a tharla m.sh. nuair a nasc sí ceann dearg & buí leis an cadhnra ag am am céanna (bhí an ceann buí níos laige).
Bhí cinn gealánach aige freisin (focal nár rithe liom, spréacharnaí a rith liom ansiúd) agus thaispeáin sé an toilleoir di (focal eile nár tháinig chugam!) agus mhínigh sé dúinn conas a oibríonn sé, ag úsáid buicéid uisce mar mheafar. (Bhí ormsa smaoineamh sular thuig mé cad a bhí i gceist - sílim go dtuigim anois!)
Nasc muid LED le cadhnra agus ansin le adhmaint láidir -  rud a thug bréagáin bheaga di ar féidir iad a chaitheamh le nithe miotail agus a ghreamaíonn daoibh. Cúig cinn ar fad a rinne muid.
Bhain sí sult thar na beart as, agus nuair a chuaigh muid ar aghaidh chuig an Dánlann Eolaíochta bhí sí ag míniú do dhaoine eile cad a bhí déanta aici.
Mar sin, go raibh maith agat John as an nGaeilge agus an Eolaíocht! Beimid ar ais!

2012-09-30

Ábhair draíochta!

Tá's ag léitheoirí an bhlag seo go bhfuilim ceanúil ar an Dánlann Eolaíochta. Bhíos ann arís inné le'm iníon. "Ábhair Draíochta" an taispeántas reatha. Bhí réimse leathan de nithe spéisiúla acu ann; chomh simplí le "puití seafóideach" nó chomh haisteach le teasc ceirmeach a d'eitil thart i gciorcal ós cionn ciorcal maighnéid nuair a rinneadh é a fhuarú le nítrigin leachtach. Is fiú léamh tríd an suíomh; tá an dúrud eolas ann - beidh mé féin á athléamh! Is amhlaidh nár thuig mé go mb'fhearrde dom clár  a cheannach chun na hiontais ar fad a thuiscint i gceart. Mar sin féin bhí an fhoireann ann thar a bheith eolach agus cuiditheach. (Agus mé ann bhí ar fear amháin dul i ngleic le bean a bhí tugtha do theoiric comhcheilge agus den tuairim gurbh gá don chine daonna sos a ghlacadh ón eolaíocht - ghlac mé páirt sa chomhrá ar feadh tamaill ach theith mé nuair ba léir go raibh rudaí ag dul thart i fáinní fí). 
Meascán d'ábhair saorga agus nádúrtha a bhí sa taispeántas, cuid acu turgnamhach amach is amach, cuid acu le feidhm. Bhí úsáidí spéisiúla síoda á phlé ann; ábhar nádúrtha (cé go bhfuil sé daor de bharr ganntanas péiste síoda). Bhí turgnamh a phlé ann faoi é a úsáid chun críche leighis sa choirp, mar rogha ar scriú agus araile a bhíonn de dhíth chun damáiste do chnámha a leigheas. De bharr gur ábhar nádúrtha é, cuireann sé cineál scafaill ar fáil don cholainn chun an cnámha chuir ar fás arís - bealach i bhfad níos fearr ná miotail a bhíonn ina bhac ar an gcolainn athghiniúint. Fearas spéisiúil eile ab ea an comhla déanta as nitíonóil don croí. De bhrí go mbíonn tionchar ag sruthanna beaga aibhléise air, d'fheadfaí an comhla a chuir ag obair le haibhléis nádúrtha na colainne seachas foinse níos láidre lasmuigh a bhith de dhíth.
Bhí éadach de chineálacha éagsúla ann - cineál feilte déanta as beacáin, nó snáithe déanta ag síoda damháin alla ar lámh amháin - nó as athchúrsáil plaisteach. Bhí éadach clúdaithe le ocsaíd tíotáiniam a shéan uisce ar fad - agus a d'fhéadfaí á úsáid mar chlúdach frithfrídín chomh maith. 
Ach b'é an t-iontas is mó dar liom ná an teasca úd a d'fhan ar foluain sa réimse maighnéadach.

Tá an taispeántas ar siúl go dtí an 5ú Samhain. Má bhíonn an deis agaibh, tapaígí é!

2011-09-18

Dúil sna Dúile

Fad is a bhí daoine eile ag faire ar fhaill Bhaile Átha Cliath Corn Mhic Uidhir a bhreith abhaile, bhíos ag turasóireacht i lár Bhaile Átha Cliath le m'iníon agus cuairteoir ón nGearmáin. Bean sna 70í déanacha, cineál de sheanmháthair dár gcuid - ach bean a bhí fad a saoil ina eolaí. Mar sin, thuig muid aghaidh ar Dánlann na hEolaíochta agus an taispeántas "Dúile". Anois agus m'iníon in aois scoile bhí sí beagnach in inmhe tuiscint a bheith aici  ar a bhfaca muid - cé gur shíl sí gurbh draíocht cuid mór de! Bhí mé ana thógtha leis an taispeántas seo, curtha le chéile go hana mhaith, agus iníonacha (níos mó ná) & mic léinn ag cuir codanna de i láthair.
Tábla Peiriadach na ndúil a bhí mar téama ag an léiriú. Bhí an céad urlár tógtha suas le seilfeanna ina raibh leagan sluafhoinsithe den tábla ann - iarraidh ar dhaoine nithe a raibh dúil áirithe bainteach leo a tabhairt isteach. Thuas staighre bhí turgnamh éagsúla le feiceáil "beo". Chonaic muid scragall alúmanaim á thuaslagann i hiodrocsaíd sóidiam (bun ana láidir) ag gineadh teas agus sruth sofheicthe hidrigin. Bhí muid ag spraoi le adhmaint agus mionrabh iarainn; chonaic muid calóga arbhair á iompú dubh ag iaidín de bharr an oiread stáirse atá iontu. Chonaic muid - rud a chuir an ionadh orm - "Cheerio" á tharraingt thar uisce ag adhmaint - de bharr an iarann ann!
Bhí taispeántas ann de na dúile spéisiúla fearacht mearcair - é á chroitheadh gach cúpla nóiméad. Bhí próca sulfar in aice leis - bhí fhios ag Opina gurbh chun aon mearcair a doirteadh a neodrú a bhí sin ann. Bhí dealbh spéisiúil de Sizewell ann - déanta de gloine úráiniam, substaint lonrach uaine. Bhí, gan amhras ór agus platanam ann.
Tríd is tríd, ana taispeántas: Tá áthas orm nár chaill mé an deis, ó tharla go mbeidh deireadh leis dé hAoine!

2011-05-02

Is cibearg gach duine againn!

In diaidh dom alt Kevin Warwick a léamh san Irish Times dé hAoine threisigh ar m'fhonn cuairt a thabhairt ar an taispeántas Human+ san Dánlann Eolaíochta. Bhí na fógraí suntasacha feicthe roimhe agam. Maidir le Warwick, bhíos ag caint dá chuid roinnt blianta ó shin; agus bhí sé ar an bport céanna an uair úd. Shíl mé an uair úd, agus sílim fós gur bladhmann a bhí i gceist agus nach bhfuil fíor comhshamhlú mar a mhaíonn sé idir inneall agus duine i gceist. (Sin uaidh duine a chaitheann spéaclaí, i. atá spléach ar uirlis!).
Ach agus mé á phlé ar twitter, tarraingíodh m'aird ar Amber Case agus a cuid antraipeolaíocht cibearg. Tá an chaint a thug sí do TED - "Is cibearg gach duine againn" thar a bheith spéisiúil. Agus tá blas na fírinne ar a bhfuil le rá aici - go bhfuilimid an éirí spléach ar ár ngléasanna ar bhealach atá ag athrú ár saol - agus go bhfuil gnéithe dearfacha agus diúltacha ag baint leis seo. Sílim go sroicheann sí eithne na ceiste nuair a deir sí go bhfuil tost gan gléasanna de dhíth orainn ó am go chéile, chun ord agus eagar a chuir ar an saol.
Maidir leis an taispeántas, caithfidh mé a admháil gur chuir sé díomá orm. Duairceas - nó samhnas i gcás an béile a réitíodh ag baint feidhm as súmairí lán d'fhuil an ealaíontóra  - an mhothaigh mé ó na taispeántán. Tharlódh sé go bhfuil dóchas san todhchaí caillte ag aos ealaíona agus nach bhfeiceann siad i ndán dúinn ach meath agus bás san Iarthar. Nílim féin chomh héadóchasach sin; cé go n-aithním go bhfuil dúshlán romhainn. Ach sílim go bhfuil todhchaí an chine ann, agus féidearthachtaí sna teicneolaíochtaí - go háirithe sna ríomhairí agus an idirlíon ar féidir leo neamhní a dhéanamh d'am agus spás, agus cur le cumhacht ár n-intinní. 

2010-05-24

Ag cróiseáil cruth na cruinne

Tá taispeántas ar siúl faoi láthair san Dánlann Eolaíochta i gColáiste na Tríonóide, agus bhí deis agam cuairt a thabhairt air de hAoine. "An sceir choiréil cróiseáilte hipearbóileach". Dream a thugann an Institute for Figuring orthu féin a thionscain an togra.

Tá cuir síos an an gcoincheap, agus bréagnú cúigiú postaláid Euclid atá mar bhunús don tuiscint ar spás hipearbóileach ar fáil san nasc thuas.

Maidir leis an taispeántas féin, tá leaganacha éagsúla cróiseáilte de choiréil ann; ina measc ceann déanta le dramhaíl plaisteach chun aird a tharraingt ar an dochar atá soiléir i mórghuairneán thuaidh an Aigéin Chiúin. Tá, freisin, roinnt clónna bunaidh de chuid M.C. Escher, a bhain feidhm as na coincheapa céanna atá mar bhunús leis an saothar hipearbóileach ina léaráidí.

Is fiú go mór cuairt a thabhairt air - ach tá leagan ar líne ar fáil freisin.

Is breá liom an cumasc d'eolaíocht agus na dáin eile a chuireann an Dánlann Eolaíochta ar fáil; modh éifeachtach teagasc atá ann, dar liom.

Íomhá le Margaret Wertheim, aimsithe ar Wikimedia.