Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label dlí werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label dlí werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2016-10-17

Ní lia dlíodóir, aguisín

Argóint a déantar go minic ar son an chosc ar ginmhilleadh a aisghairm ná go bhfuil sé ag tarlú cibé. Go háirithe anois agus piollaí ginmhillte ar fáil.
Ní ghéillim do sin. Ní tomhais ar ceart nó mícheart ruda an líon daoine a déanann é.

Ach tá rud amháin ar mithid aghaidh a thabhairt air. Bhí clinicí áirid ag comhairliú do mhná bréaga a insint dá dochtúirí, rá leo go raibh breith anabaí nádúrtha acu. Comhairle baolach, mífhreagrach  atá ansin. Cé go maítear na piollaí seo a bheith slán, níl aon leigheas nach bhféadadh iarmhairtí gan choinne a bheith aige, go minic tar éis blianta. Tá sé tábhachtach go mbeadh eolas cruinn ag lia chun fáthmheas ceart a dhéanamh.

An t-imní atá ar na mná ná go sceithfí orthu agus go mbeadh iarmhairtí dlí dóibh.

Creidim go mba cheart go mbeadh macasamhail séala na faoistine i gceist le dochtúir i gcás mar é; go mbeadh dualgas gan aon eolas a nochtadh seachas dá mbeadh sé práinneach ar mhaithe le sláinte na mnaoi.

B'fhiú machnamh ar modh éigin tuairiscithe anaithnid chun sonraí faoi méid na húsáide a mheas. Ach go háirithe cionn is go m'bhféidir go mbeidh iarmhairtí sláinte amach anseo.

Tuigtear anois nasc a bheith idir an piolla frithghiniúna agus an galar dubhach- agus manglam eile hormóin atá i gceist leis na piollaí ginmhillte.

Arís seo cás arbh fhearr i lámha lucht leighis ná lucht dlí.

Ní lia dlíodóir

Airteagal 40.3.3 an cnámh spairne:

Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é.

Soiléir go leor, shilfeá. Ach de bharr meatacht rialtais le triocha bliain anuas, ní raibh go dtí 2013 aon reachtaíocht dearfach. Tá an píosa reachtaíochta sin féin amscaí, brúite le deifir tríd an oireachtas. Fágann sin gur i lámha na cúirteanna agus dlíodóirí a bhí an cheist. Is iontach na castachtaí ar féidir le dlíodóir baint as nath simplí fearacht 'sa mhéid gur féidir é'. Ní mór a rá freisin gurbh iad na cásanna is castaí agus is truamhéalaí a thagann ós comhair na cúirteanna.

Maíonn roinnt cnáimhseoirí go bhfuil an cosaint ar an mbeo gan breith ina chosc ar deá chleachtas leigheas. Tá frídín amhrais orm. Ní hamháin go bhfuil na dochtúir céanna chun tosaigh ag éileamh eascú ar ghinmhilleadh, ach is iad freisin a bhíonn ag iarraidh neamhspleáchas mná glúine a mhúchadh, agus a bhíonn ag maíomh as a 'mbainistíocht gníomhach ar luí seoil' a chuireann an máthair agus leanbh faoi chúng clár ama agus oibre monarchanúil an oispidéal, seachas a ceann a ligeann leis an nádúr, mar ba cheart i mórchuid na cásanna.

Luaitear tragóid Savita mar fhianaise don dearcadh seo. Tá an tuiscint seo bunaithe ar nath fánach le banaltra a dúirt gurbh tír caitliceach í seo. Léirigh trí iniúchadh áfach gur faillí lucht leighis, a scaoil ocht deis gníomhú tharstu, ba cúis lena bás. Más rud é go raibh siad srianta ag an dlí, ba dheacair tuiscint cad chuige go dtáinig FSS ar shocrú lena nuachar. Mura raibh faic mícheart déanta acu faoin dlí, ní bheadh cúis le freagairt acu.

Mar sin féin ní cheart a leithéidí seo a bheith i lámha dlíodóirí seachas dochtúirí.

Fágann córas achrannach an dlí coiteann go mbíonn brú ar dhochtúirí a gcuid botúin a cheilt- a shéanadh fiú- agus a bheith iontach cúramach má tá aon amhras ann. Daoine is ea dochtúirí, ag obair faoi ardbhrú ag teorainn bás agus beatha. Neacha iontach casta othair, agus níl cinnteacht ann maidir le cén éifeacht a bheadh ag íocshláinte.

Tá gá, ar mhaithe linn ar fad, le córas dlí a thugann cosaint do dhochtúir coinsiasach. A thugann spreagadh botúin a admháil go luath, chun go mbeadh deis na hiarmhairtí a mhaolú agus chun foghlaim agus cleachtais a leasú dá réir. Is gá gan amhras dochtúirí bradacha a aithint, ach níl barántas sa chóras reatha go ndéanfar amhlaidh.

Mar chuid de sin tá gá le córas a chuidíonn leo siúd atá thíos le míthapa leigheas- chun plé leis na hiarmhairtí nuair a fhágtar duine faoi míchumas, agus chun tuiscint a thabhairt do theaghlaigh faoi bhrón. Ní ceart go mbeadh ar a leithéidí achrann is costas cás cúirte a tharraingt orthu féin agus iad cheana féin buailte is brónach.

Sin leasú a bheadh mé in ann lán tacaíocht ó chroí a thabhairt dó.

2011-06-12

Prionsabal nó Aois Toilithe?

Ina litir chuig a lucht tacaíochta maíonn an Seanadóir David Norris go bhfuil sé ar son reachtaíocht a thugann cumhacht do na breithiúna ceist an toilithe a réiteach, neamhspleách ar an aois. Maíonn sé - agus an cheart aige - go leanann coiriúlú míchuí ar ógánaigh reachtaíocht bunaithe ar aois. Aontaím leis faoin méid sin. 
Mar sin féin, bheinn i gcoinne fáil réidh go hiomlán le aois mar slat tomhais ar cumas toilithe i gceisteanna collaíochta. Nuair a thagann an cheist ós comhair breitheamh, tá an dochar - más ann dó - déanta. Is uirlis mí oiriúnach an dlí chun ceisteanna caidrimh agus collaíochta a réiteach. Aontaím leis nach bhfuil ról ar bith ag an dlí coiriúil i gníomhartha daoine lán fhásta, chomh fada agus nach bhfuil éigean i gceist. Sin díreach, áfach, an áit a éiríonn an cheist thar a bheith casta - ní gá gur éigean corpartha atá i gceist. Ach nuair nach bhfuil lorg fágtha ar an gcolainn, is deacair bheith cinnte faoi toiliú nó a mhalairt.
Agus is deacra fós an cheist nuair is duine óg atá i gceist.
Ní mór freisin feidhm "oideachasúil" an dlí, agus an feidhm cosanta atá leis, a chuir san áireamh. Má tá rud éigin in aghaidh an dlí, is comhartha é nach bhfuil sé inghlactha ag an sochaí. Beidh daoine ann a sháróidh an dlí: ach ní cúis é sin chun fáil réidh leis an dlí i bhfabhar ainriail agus gach rud a fhágáil faoin duine aonair, agus ansin na breithiúna ag iarraidh an smionagar a leigheas.
Táimse mar sin i bhfabhar aois toilithe do gníomhartha collaíochta a leagan síos go soiléir sa dlí - agus aois níos airde a bheith i gceist nuair atá duine spléach nó faoi údarás duine eile. Mar shampla, ní dóigh liom go mbeadh caidreamh idir oide agus dalta ceart, fiú  dá mbeadh an cuma air go raibh an dalta in inmhe cinneadh a dhéanamh ar an gceist. Ach sa bhreis ar sin creidim go mba cheart mír a bheith san dlí chun nach gcaithfí mar coirpigh le ógánaigh  a mbíonn caidreamh collaí acu le daoine atá mórán ar chomhaois leo. Go mbeadh sé soiléir nach rud ciallmhar é; ach nach scriosfaí saol an duine óig dá bharr. Ach go hairithe go bhfaighfí réidh leis an idirdhealú atá ann faoi láthair a fhágann go mbeadh gasúr óg ciontach i gcoir, ach an girseach saor ó ionchúiseamh.

2010-11-26

Drochíde

Ba é inné an Lá Idirnáisiúnta um Foréigean i gcoinne Mná a Dhíothú: rud nárbh eol dom. Bhí alt san Irish Times inniu a chuir ag machnamh mé.

Rud is ea an drochíde atá i súile an té a tugtar dóibh é, go minic (ag fágáil foréigean soiléir corpartha as an áireamh). Conas is féidir daoine a chosaint go héifeachtach ón sórt drochíde nach bhfágann lorg soiléir?

Is cinnte go mba cheart dlíthe a bheith ann chun go bhfeadfadh daoine faoiseamh a lorg - agus cionn is go léireodh an dlí go bhfuil líne ann nach ceart í a thrasnú.

Gan amhras, le imeaglú mar a luaitear san alt bheadh sé deacair an dlí a chuir i bhfeidhm: ach déanta na fírinne, feictear dom go bhfeadfaí ordú cúirte a lorg chun réimse áirithe iompar, a bheadh gan locht de ghnáth, a chosc idir beirt - go háirithe dá gcaithfí leis i mbealach a thugadh a gceart don dá thaobh. D'fhéadfaí, mar shampla an ordú a dhéanamh agus cosc ar é a phoibliú chomh fada agus a bhí an té a rinneadh ina choinne é ag cloí leis.

Ach in aois na líonraí sóisialta, tá sé níos deacra scaradh le duine nach mian leat teagmháil a bheith agat leo níos mó.

Ceist chigilteach; ach tábhachtach.

2010-08-13

Sippenhaft agus Piolóid na Meáin

Táim míshuaimhneach faoin gcaoi a bhfuil na meáin cumarsáide ag plé le ceist Larry Murphy. Agus tá amhras orm faoin fíoch atá á ghríosadh sa phobal. Slua forairdill ag bailiú ag ionad cónaithe d'iar phríosúnaigh, de bharr ráfla é bheith ann.Ceannlínte sna nuachtáin ag baint úsáide as focail lán de mhothúcháin.
Thar aon rud eile bhí trua agam dá dheartháir a bhí ar an nuacht aréir. Ba léir go ndéanadh dian eagarthóireacht ar an bpíosa - go raibh an fear bhocht corraithe go mór. Tá gach nasc briste aige lena dheartháir - ach táthar ag cuir ina luí ar siúd go mba cheart dó bailiú leis, cionn is go ndearna a dheartháir coir.
Tá córas dlí againn sa tír seo. Níl sé foirfe, agus tá deacrachtaí ar leith ann i gcásanna ciontóirí gnéis - coir atá sách deacair a chruthú uaireanta, agus a fhágann an íospartach thíos leis ar feadh a saol. Go minic gointear arís í (í a bhí i gceist go hiondúil) de bharr imeachtaí an an próiseas dlí.
Ach tá an fear seo tar éis an phionós, a shocraigh an breitheamh a bheith cuí, a chuir isteach. Tá na Gardaí ag déanamh a ndualgas maidir le súil a choimeád air.
Níl fianaise dá laghad ann - níl ann ach ráflaí - go raibh baint aige le coireanna gnéis eile.
Coir ghránna a rinne sé. Ach ní thugann sin an cheart do fíoch fola gan deireadh air, ná ar dhaoine eile dá leithéid. Agus is cinnte nach ceart go mbeadh a mhuintir thíos leis go deo.

2009-12-21

Dlí scanrúil, scannalach á phlé i Uganda

Beidh fhios ag léitheoirí an bhlag seo go seasaimse go dlúth le teagasc na hEaglaise, ina measc an teagasc gurbh sa bpósadh idir fhear agus bean amháin atá dlisteanacht ag baint le gníomh collaí.

Ní hionann sin agus a rá go bhfuilim i bhfabhar dlí chóiriúil a úsáid chun an teagasc sin a chuir i bhfeidhm. Creidim go raibh an lán cheart ag Tomás Acúin ina phlé ar gnó an dlí - ní féidir le dlí daonna cosc a chuir ar gach duáilce, ná iallach a chuir gach suáilce a bheith ag duine. Is an leas coiteann atá mar sprioc ag an dlí. Deir na scrioptúir go dtiteann an fear chóir seacht n-uaire in aghaidh an lae, agus is beag duine againn nach dtiocfadh i coinbhleacht le dlí ghéar mar sin.

Bhíodh gníomhacha collaí idir fir in aghaidh an dlí chóiriúil san tír seo. Ní dóigh liom go ndearna an dlí úd aon leas don bpobal i gcoitinne. D'fhág sé daoine aeracha faoi bhagairt dúmhál agus níos measa. D'fhág sé baic roimh obair sláinte agus tréadach. Droch dlí a bhí ann, agus is maith bainte de na leabhair é.

Ach tá dlíthe mar é fós ina reacht ina lán tíortha. Tá dlí a phlé i Uganda a bheadh iarmhairtí thar a bheith tromchúiseacha aige. Gearrfar pionós an bhás ar dhaoine aeracha. Cuirfear dualgas dlí ar aoinne le húdarás sceitheadh a dhéanamh ar aon eolas atá acu. Reacht mí mhorálta atá ann.

Tá deacracht ann i gcur i gcoinne dlí mar seo ón Iarthar. Mar a léiríonn an alt seo, tá an tuairim forleathan san Afraic gur "cúis" Iartharach é cúis na daoine aeracha, atá dá bhrú in aghaidh a dtola ar mhuintir na hAfraice. Maraon le nithe eile a fheictear dóibh a bheidh in aghaidh a leasa - tá gnéithe eoiginic agus ciníoch ag baint len obair atá ar bun acu siúd san Iarthar atá ag brú frithghiniúint agus ginmhilleadh ar an Afraic. Sin gan trácht ar na fiacha atá ar an Afraic le bainc san Iarthar - ach gur caitheadh an t-airgead ar lón cogaidh nár dhéan leas pobail na hAfraice in aon chor, agus a chuir go mór le brabach an Iarthar. Ní hé an chollaíocht an chloch is mó ar phaidrín Eaglais na hAfraice (ná abhus, i bhfírinne - níl ann ach go bhfuil codarsnacht follasach idir an teagasc agus meon na meáin chumarsáide, ainneoin an fíoch a bhí ar Tiger Woods de bharr a dhrúis).

Bhí mé ag súil go labharfadh Easpaig na hAfraice iad féin amach, ag meabhrú teagasc na hEaglaise a aithníonn castacht agus íogaireacht cheist an Homaighnéasacht agus a deir go soiléir go mba cheart aon rian de leithcheal éagórach ina leith a sheachaint.

Ach níor labhair.

Níl fhios agam céard ba cheart a dhéanamh ón Iarthar sa chás seo. Tá súil agam nach rithfear an reacht mar atá, agus má ritear, go n-aimseoidh daoine bealaí thart air chun an éagóir a sheachaint, agus chun leas na pobail go léir a dhéanamh - idir homaighnéasach agus gan a bheith.

Ní fheictear dom aon mhaith a bheith i achainithe idirlín nach bhfuil costas ag baint len iad a shíniú agus dearmad a dhéanamh orthu.

2009-12-11

Athaireacht

Léiríonn an cás a chinn an Chúirt Uachtarach maidir le cearta athair, a thug a shíol chun go mbeadh leanbh ag lánúin leispiach, castacht cheist an Atáirgeadh Daonna Cuidithe.

Mar is gnách di, tá an cheist cíortha go maith ag Carol Coleman san Times inniu.

Cearta an páiste croí na ceiste - an ceart fhios a bheith aige cé dar díobh é sa cholainn chomh maith le san oiliúint. Agus a leas.

Tá faillí do-mhaite á dhéanamh ag an Oireachtas gan cearta paistí i léith a nathair a rialú, agus gan creatlach ceart dlí a chuir in áit má tá Atáirgeadh Daonna Cuidithe le bheith ann.

Ní ceart an cheist seo a fhágann faoi na cúirteanna - ní féidir leo ach na cásanna a thagann ós a gcomhair a réiteach - nó iarracht ar réiteach a dhéanamh. Faoin am go mbíonn cás imithe faoi bhráid cúirt, is minic dochar déanta.

Tá soiléireacht de dhíth ar phaistí, agus ar an bpobal.

Ceist goilliúnach atá anseo, cinnte, toisc baint a bheith aige le collaíocht agus caidrimh. Ach ní féidir faillí a dhéanamh ann de bharr meatacht.

Aguisín 2009-12-12: alt eile san Times inniu le Breda O'Brien.

2009-09-01

Súil caoch an dlí?

Chuir an tuairisc seo an croí trasna ionam. Tuairisc ag Adam Brophy faoi fear, a cíontaíodh as iompar mí chuí le leanaí, a bheith ag faire ar a leanaí. Rinne Adam an rud cheart, agus thuairisc do na Gardaí é. Ach ní raibh ar a gcumas siúd ach - cé gur admhaigh an fear seo go raibh sé ag gliúcaíocht ar na gearrchailí - rá leis fanacht chun siúil.

Nílim ar son daoine a dhamnú ar feadh a saol as cionta a bhfuil íoctha acu astu.

Ach i gcás mar seo, creidim go mba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag na Gardaí, nó ag Breitheamh dúiche, ordú urchoisc le feidhm dlí leis a chur i bhfeidhm ar an nduine. Go hairithe agus fiainaise ann, mar a bhí sa chás seo.

Is eol dúinn anois go mbíonn claonadh ag ciontóirí in aghaidh leanaí filleadh ar an ndrochgníomhartha. B'é súil caoch na n-údaráis a lig dó seo tarlú go minic cheana, agus a charnaigh íobartach ar íobartach.

Caithfidh modh níos fearr a bheith ann.

2008-09-25

Cad tá ar bun ag GNIB?

Tá na scéalta faoi drochmheas agus drochíde ar eachtrannaigh ag ár dteorainn ag carnadh.


Dhá scéal ar na mallaibh - an sagart ón Nigéir a chaitheadh sa charcair agus a deanadh uirisliú air. Agus turasóir ón Ind a bhuaigh duais de chuid Fáilte Oirland - agus nár chreid na hoifigigh ar an dteorainn gurbh amhlaidh a bhí. Tagann seo sna sála ar scéal Alex Hijmans agus a phairtnéir ón Bhraisil a raibh deacrachtaí acu i nGaillimh.
Agus ag dul níos faide siar, scéal Keola Donaghy.


Tá trí rud a chuireann imní orm faoi na scéalta uilig seo

Is deacair gan smal a chiníochas a cheangail leo uilig - daoine nach duine geala iad a bhí i gceist in ngach cás.

Murach cairde sa chúirt acu, ní chloisfí faoi na scéalta seo beag ná mór. Mar sin, is cinnte go bhfuil níos mó eachtraí den tsórt seo ag tarlú.

Ach an ceist is tromchúisí faoi seo uilig ná nach léir dom go bhfuil aon chigireacht cheart ar na daoine atá freagrach as na heachtraí seo. Toisc go bhfuilid ag feidhmiú ar na teorainn, agus i mórchuid cásanna nach scaoiltear na daoine isteach in Éirinn in aon chor, is cosúil nach bhfuil aon cigireacht ag an gcóras dlí ar na himeachtaí seo.


Cinnte, baineadh an stampa "cead isteach diúltaithe" de phas an sagairt. Ach rinneadh "without prejudice" é. Sé sin le rá, níor tugadh cúis ar bith gur cuireadh an stampa ann. Ná níor tugadh cúis ar bith go baineadh an stampa as.

Ní mar sin ar cheart feidhmiú i bpoblacht faoi riail an Dlí.


Ní leor mar chúis "tuairim an oifigigh" chun bheith istigh a dhiúltú. Ba cheart fiainaise i scríbhinn a thabairt don duine i gceist ar cén bunús atá leis an dtuairim sin. Ba cheart freisin cead athchomharc "ar an spota" nó níos moille a bheith ann. Agus ba cheart an t-eolas seo ar fad a chuir ar fáil do chigireacht neamhspléach - Fear (nó Bean) Ionad na nImirceach. A fhoilseodh tuarascáil bhliantiúl ar conas mar atá an córas ag feidhmiú.
Bhí viosa bhailí, agus na conníolacha a bhain leis, coimhlíonta i gcás na ndaoine seo ar fad. Ach, is cosúil, gurbh leor ar an lá, tuairim duine aonair chun na cáipéisí seo a chuir ar neamhní.

Sin sárú dlí agus cirt. Is mithid stop a chuir leis.

2008-04-25

Dhá cás K

Tá dhá cás K san nuacht.
Fear a rinne comhriachtain le cailín 13 bliana d'aois ceann acu. Coir gan cheist ab ea sin go dtí le déanaí - éigniú reachtúil. Ach rialaigh an Chuairt Uachtarach go raibh an dlí áirithe sin mí bhunreachtúil de bharr nár thug sé deis don cúisí a mhaíomh go ndearna sé botún ionraic, agus gur chreid sé go raibh an cailín in aois tola.

Sin a tharla sa chás seo. Tugadh fianaise, ní hamháin ón bhfear, ach ó phoitigéir agus ó mná eile, go raibh an chuma ar an gcailín go raibh sí 18. Bhí sí ag ól leis an bhfear agus scata eile ar Bheann Éadair nuair a bhuail siad craiceann. Dúirt sí gur thuig sí cad a bhí i gceist, agus gur lena toil a tharla.

Is dóigh liom, ainneoin an ghleo go léir ó Bharnados, an RCC agus Alan Shatter, gur breith cóir a bhí ann.

Ní hé gur dóigh liom go raibh an fear soineanta. Ná nach bhfuil ceisteanna le freagairt aige. Ach sa chás seo, ní éigniú a bhí ann. Bheinn i bhfách le dlí a d'fhágadh fear dá leithéid ciontach in oilghníomh. Ach ní bheadh sé tuilte aige a bheith brandáilte ina chiontóir gnéis, ar aon chéim le éigneoirí foréigneacha.

Is ag daoine eile atá ceisteanna le freagairt. Cén saghas cúram é ligean dod iníon faoi aois bheith ag ól le strainséirí agus í feistithe sa dóigh is gur chreid cách í bheith fásta? Tá ró-théisiulacht á dhéanamh ar ár n-aos óg, iad faoi bhrú cuma aibí a chuir orthu féin agus gníomhú amhail is dá mbeadh a dtoil chomh haibí lena gcoirp. Ar an sochaí i gcoitinne, sochaí atá ró thógtha le híomhá an choirp mealltach, foirfe, atá an locht.

Baineann an chás K eile leis an mbean a fuair aistriú fola in aghaidh a tola. Cás casta, aisteach. Is cosúil go ndúirt sí ar dtús gurbh caitliceach í, agus ar ball gur Finné Jehova í, dream atá in aghaidh aistriú fola ar bhonn morálta.

Ceist cigilteach atá ansin, agus nílim cinnte faoin mbreith.

Níor mhaith liom bheith i mo bhreitheamh in Éirinn inniu - tá an iomarca ceisteanna nach bhfuil réitithe ag an sochaí, agus ag an oireachtas arbh a dhualgas é, ag teacht ós comhair Breithiúna na hÉireann.

2008-04-02

Uaimh luaithreadáin

Rinne an Rialtas anseo corr gníomh fónta. An cáin ar na malaí plaisteacha, abair, a bhíodh uileláithreach.
Thar rud ar bith eile, áfach, an cosc ar thobac in áiteanna oibre. Tá tíortha eile ag déanamh aithris ar sin anois.

Ina measc an Ghearmáin. Tá rudaí rud beag níos casta ansiúd - is ceist do na Länder (na stáit) - Ländersache - atá ann, mar sin ní hionann an dlí - agus go hairithe na heisceachtaí - gach áit.

Ach bhí sé thar a bheith deas ár gcuid a chaitheamh i mbialann saor ó toit.

Chonac anseo is ansiúd fógraí do "Raucherclub" - Cumann lucht caite tobac! Síbíní míthaitneamhacha (ón taobh amuigh ar a laghad) ab ea iad - is dócha nach mbeadh tarraingt orthu in aon chor murab gur tearmann do lucht ólta tobac iad. Bhí gan amhras ballraíocht sealadach le fáil sa Chumann.

Comhghéilleadh measartha ciallmhar atá sna clubanna seo, feictear dom.

Athrú eile a bhí ann ná go raibh gá le cárta aitheantais leictreonach - carta bainc abair - chun toitíní a cheannach ó na hinneall. Agus ní raibh na hinneall féin chomh fairsing is a bhíodh. Ar mhaithe leis an aos óg a choimeád ón tobac atá na hathraithe sin ann.


Nóta: Más mian leat teideal an mhír a thuiscint, féach faoi uaimh i Dinneen!