Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-06-18

Móid dílseachta don Náisiúin?

Móid Ruetli (Bunú Cónaidhm na hEilvéise)
le Johann Heinrich Füssli, Ón gnáthfhoinse.
Tá tuairiscí ann go mbeifear ag éileamh móid dílseachta don 'náisiúin' ó dhaoine a ghlacann le saoránacht na hÉireann. Tá amhras orm faoi seo. Cad is brí lena leithéid de mhóid? Bheadh ciall, dar liom, le móid dílseachta don mBunreacht, abair. Nó don Stáit agus a chuid dlíthe. Ach cad é an náisiún, agus cad is brí le dílseacht dó?
Is maith an rud é, dar liom, go bhfuiltear ag caint ar deasghnáth chun fáilte a chuir roimh daoine isteach i saoránacht an Stáit. Céim mhór atá ann, agus tá tábhacht le deasghnátha do dhaoine. Ba mhaith an rud é, sílim, a leithéid de dheasghnáth a bheith ann do daoine a rugadh isteach i saoránacht agus iad ag teacht in inmhe. Macasamhail an Jugendweihe, nó an cóineartú sa Chríostaíocht. 
Deis a bheadh ann daoine a chuir ag machnamh ar cad iad cearta agus dualgais an saoránaigh.
Mar sin féin, má táthar ag caint ar 'An Náisiún' níor mhóir sainmhíniú a thabhairt air. De réir an Bhunreacht: 'Is bundualgas polaitiúil ar gach saoránach bheith dílis don náisiún agus tairiseach don Stát.'  (Airteagal 9.3). Mar sin féin níl aon sainmhíniú tugtha ar cad é an náisiún, seachas gurbh í an Ghaeilge an teanga náisiúnta. (Airteagal 8.1). Is beag saoránach atá dílis don ghné sin den náisiún!
Níl freagra agam féin ar an gceist cad é an náisiún, agus ba dheacair dom cuir síos ar cad dó go díreach a bhfuilim dílis. Beidh orm mo mharana a dhéanamh air. Ach sílim féin gur mó tábhacht atá ag baint le dílseacht do Bhunreacht agus do riail an Dlí - Verfassungspatriotismus ag leibhéal an Stáit - agus gur don duine aonair dílseacht do náisiún nach gá gurbh ionann a  dhaonra ná a chríocha agus daonra ná críocha Stáit.