Gaeilgeoir cathrach mise: níl baint ar bith gairmiúil agam leis an nGaeilge. Rud a chiallaíonn nach mór dom aon deis atá ann a thapú chun Gaeilge a 'labhairt'. Cinnte, labhraím Gaeilge le mo pháistí agus gaolta liom, éistim le Raidió na Gaeltachta, léim Gaelscéal, Feasta agus an Timire.Tá (an iomarca) leabhair i nGaeilge agam, agus faighim breis ón siopa nó ón leabharlann go rialta. Freastalaím ar imeachtaí de chuid An Ciorcail Díospóireachta, An Roth, Comhluadar agus na Cnocadóirí.
Ach ó tháinig ann don idirlíon, is áis tábhachtach agam é chun faobhar a chuir ar mo chuid Gaeilge. Bhí sé thar a bheith luachmhar - riachtanach fiú - agus cónaí orm sa Ghearmáin, gan ach fíor corr chainteoir a raibh teacht agam orthu. Tá sé fós úsáideach anois agus deiseanna labhartha níos minice ann.
Creidim gur fiú an Ghaeilge a úsáid i pé réimse saoil is féidir. Mar sin, fáiltímse roimh leaganacha Gaeilge de leithéidí Firefox, Audacity nó OpenOffice, agus bainim feidhm astu. Sléachtaim roimh na saorálaithe a chuireann dua orthu féin a leithéidí a chuir ar fáil. Tá, mar is léir ón suíomh Nascanna.com, éachtaí déanta acu.
Maidir le twitter féin, murach an deis a thugann sé dom - deis a bhfuilim ag baint ró úsáid as seans - Gaeilge a labhairt, níl bheinn ann ar chor ar bith! Ba bhreá liom dá mbeadh comhéadan i nGaeilge ag dul leis. Agus, ó tharla an comhéadan a bheith ilteangach mar atá, agus saorálaithe ar fáil, ní ceart go mbeadh mórán dua ag baint leis. Seo é ré an sluafhoinsithe, a chuireann deiseanna ar fáil do pobail mionteangacha. Tapaímis iad!
Tar éis an tsaoil, scil is ea teanga - agus taithí a níos máistreacht!