Spreag tuirlingt an chairr taiscéalaíochta Curiosity ar dhromchla Mars spéis athuair san taiscéalaíocht spás. Tá cuntas Twitter ag an meitheal atá taobh thiar den éacht innealtóireacht seo, rud a tharraing m'aird féin air. Bíonn rud éigin diamhair ag baint leis na híomhánna a sheolann a leithéid d'árthach chugainn ó i bhfad i gcéin.
Cuirtear an cheist go minic an fiú airgead a chaitheamh ar a leithéid seo de thogra, nach léir a buntáistí do saol ar an Domhan seo. Go hairithe i bhfianaise a liacht fadhbanna atá againn ar an saol seo, an bochtanas agus ocras forleathan.
Is cinnte go mbíonn airgead ollmhór i gceist agus foireann mór innealtóirí agus eolaithe chun togra mar é a chur i gcrích. Ach táim féin den tuairim gur fiú. Ní shin le rá nár cheart bheith tíosach. Fearacht aon togra mhór Rialtais, cuirtear airgead amú i dtograí mar seo, fiú mura dteipeann orthu (mar a tharla do Beagle). Ní mór dom a admháil go raibh mé féin beo ar feadh traidhfil blianta ar thogra de chuid an Gníomhaireacht Spás Eorpach; mar sin níl mé saor ó féinleas sa cheist seo.
Ach ar an gcéad dul síos, ní imíonn an t-airgead seo go hiomlán le gaoth - bíonn daoine agus comhlachtaí beo air. Agus seachas cogadh, níl gníomh a spreagann dul chun sna heolaíochtaí agus na teicneolaíochtaí níos fearr ná togra uaillmhianach a bheireann greim ar shamhlaíocht náisiún mar a dhéanann togra mar "Duine a chuir ar Mhars".
Spreagann sé daoine óga le dul le heolaíocht. Agus de réir mar a bhíonn ceist mar é á chíoradh agus á iniúchadh, faightear torthaí tánaisteacha as a théann chun leasa an chine daonna ina iomláine.
Ní ceist dubh agus bán atá ann, cinnte, agus níl aon cheist go bhfeadfadh Rialtais an Domhain dul i ngleic le fréamhacha an ocrais ar bhealaí níos éifeachtaí. Go háirithe ós rud é go bhfuil an eolaíocht in ann raidhse bia a chuir ar fáil, agus gur ceist polaitíochta agus dáileadh atá san ocras seachas ceist acmhainní.
Tá luach i dtograí mar seo a ardaíonn ár súile agus samhlaíocht chun na cruinne. Treise leis na hinnealtóirí agus eolaithe a bhronn orainn é!