Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-09-12

gementes et flentes in hac lacrimarum valle

FAINIC - NÁ LÉIGH SEO MURA BHFUIL MADAME LAZARE LÉITE AGAT MUNA BHFUIL UAIT AN SCÉAL A MHILLEADH!

Tá creideamh tábhachtach d'fhéiniúlacht, agus is tríd cleachtadh a léirítear creideamh.

 I gcás Levana agus a máthair is leagan ceartchreidmheach den nGiúdachas a chleachtann siad, ag cloí le rialacha dochta na Sabóide agus an tsaoil. Tugann rialacha dá leithéid struchtúr don saol. Ní léir sa leabhar cad a spreag Brigitte dul sa treo sin, ach is é mo thuiscint nach bhfuil sé neamhghnách i measc clann na glúine a tháinig tríd an Shoah. Bealach chun a nGiúdachas a athdhearbhú, ciall a fháisceadh as, b'fhéidir. Tá traidisiún Iosrael, agus an Sean Tiomna, lán de scéalta faoin dtubaiste a tharraing faillí i ndlíthe Dé ar an bpobal agus an gá filleadh ar an reacht mar réiteach ar an ndólás.

Nuair a théann Brigitte ar shlí na fírinne éilíonn sí ar a tuismitheoirí, atá patuar go maith faoi chleachtadh a nGiúdachas, an leanbh a tógáil mar a dhéanadh sí féin. Ag tosú leis na deasghnátha caointe.
 
 Deasghnátha sách aduaine, atá fréamhaithe sa Bhíobla. Caoineadh roimh agus i ndiaidh an adhlactha, ar feadh seacht lá agus tréimhse níos scaoilte ar feadh tríocha lá.

Nuair a chonaic siad uathu é níor aithníodar é; chromadar ar chaoineadh in ard a gcinn, stróic siad a n‑éidí agus chaith luaithreach ar a mbaithis (i dtreo neimhe). Shuigh siad ar an talamh taobh leis ar feadh seacht lá agus seacht n‑oíche, gan focal a labhairt leis mar ba dhobrónach an radharc acu é.

Cé go nglacann na tuismitheoirí leis seo, de bharr a ghrá agus a dobrón, is léir gur ualach é ar an mbeirt acu - go háirithe de bhrí gurb an leanbh, atá cleachtaithe leis na nósanna, a leagan síos an modh iompair cuí. (Chuirfeadh a leithéid soir ar fad mise. Tá gá le foighne ar leith cuir suas le beachtú ó leanbh). 

Ar ndóigh, tuigimid ar ball nach sa chreideamh seo a tógadh Hana /Muraed in aon chor. Agus nach bhfuil an sólás céanna ann di dá réir. 

Ar ócáid amháin, agus an aimsir caite ina bró muilne aici de bharr fiosracht Levana faoina stair, géilleann sí don ól agus faigheann faoiseamh maoithneach ag éisteacht le Aifreann Mozart - na focail a bhfuil taithí aici orthu óna hóige. Sollúntacht Laidine agus Gréigise. (Bíonn uirthi bréag a insint do Levana faoi cad chuige a chorraíonn siad í. Creideann Levana bocht go bhfuil doras an aimsir caite oscailte scoilt agus go bhfaighidh sé an t-eolas a shantaíonn sí faoina sinsir). 

Tá an méala ó thús i saol Muraed de bharr gur cailleadh a máthair agus í á tabhairt féin agus a leathchúpla ar an saol. 

Tugann tuiscint soineanta na leanbaíochta faoiseamh éigin di - gur chuir an Mhaighdean fios ar a máthair le cabhrú léi i gcistin teaghlach neimhe. Agus go bhfuil cluas na Maighdine aici, agus ag Muraed dá réir. 

Spreagadh breise chun aghaidh a thabhairt ar Chnoc Mhuire le Pádraic, ainneoin rabhadh tuisceanach an sagairt óg faoi nádúr míorúiltí, agus an féidearthacht gurb é an míorúilt glacadh leis an saol mar atá. 

Ní bhíonn toradh a haislinge ar an turas go Cnoc Mhuire, agus ar filleadh dóibh tá a hathair tar éis bás tobann a fháil - agus tá deasghnátha an bhróin le comhlíonadh. 

Ar ndóigh, ní sólás ar fad an chreideamh, agus tá srianta agus toirmisc i gceist. 

Rud a thagann i gceist agus an Sagart Óg ag bagairt ar Mhuraed. Tá Bid - in iarracht Pádraic a chuir i Home, ar mhaithe le Mhuraed féin dar léi - tar éis inseacht dó go bhfuil an cúpla fós ag codladh in aon leaba, cé go bhfuil siad caithrithe le cúpla bliain. Ní hé go bhfuil amhras ar an sagart go bhfuil iompar míchuí i gceist - ach is gá fiú frídín an amhrais go bhfuil a leithéid ann a mhúchadh...

B'fhéidir go mbeadh bealach níos fearr ag an tAthair Folan plé leis - ach tá an sagart óg taobh le rialacha agus údarás chun a oifig a chomhlíonadh, agus gann ar thaithí saoil. Agus ina ghiolla ag meon an phobail... 

Ar ndóigh, de bharr na tubaiste scoitear Muraed óna creideamh. Agus dá réir ón sólás a bhaineann le faoistin agus aithrí. 

Ní tionóisc é gur de bharr gur leithéid an sagart óg, a bhfuil cumhacht absalóide aige, a shíleann sí a bheith i nGearailt, a scaoiltear na rúin sa deireadh - go pointe. 

Tá sólás agus neartú féiniúlachta le fáil sa chreideamh - ach ní mór don saol a bheith ag teacht leis an creideamh. Nó is géibheann a déantar as na nósanna a chleachtann an duine aonair. Agus is féidir leis an comhluadar creideamh a bhrú ar dhuine, chun a aimhleasa. Bíonn baol ar leith ann don duine ar an imeall, a bhfuil ag brostú chun cinn ar an bpobal, nó atá ag tarraingt na gcos. Braitheann go leor ansin ar an bhfuil údaráis an phobail tuisceanach, ar leas an duine nó a mhalairt. 

Ach má tá an creideamh ina uirlis smachtaithe, mar a bhí seal fada abhus, iompaíonn sé ina nimh don bpobal agus go háirithe do íospartaigh an chur chuige. 

Is gá go mbeadh creideamh ina thairiscint a glactar leis le fonn seachas ina chúng. 

Agus níl ansin ach ceann de sruthanna smaointe atá sa fuarán smaointe a spreag úrscéal Thadhg ionam.