Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-04-21

#comhar80


Bhí mé i láthair anocht ag ceiliúradh ceithre scór Comhar, iris a bhunaigh lucht an comhchaidreamh le linn an dara cogadh domhanda, tráth a raibh páipéar gann agus cead speisialta de dhíth chun iris a chur i gcló. Is minic ó shin go raibh fabhar rialtais de dhíth ar an iris le teacht slán, agus níl sé iomlán slán fós ná ní dócha go mbeidh.

Is minic go mbíonn ar an té a fhreastalaíonn ar ócáidí ceiliúrtha na Gaeil suí tríd aithisc agus óráidí tura ar mhaithe le gloine fíona agus cúpla greim.

Ní sin a bhí i ndán don slua a chruinnigh sa mhúsaeim náisiúnta cló, áfach. Bhí fíon agus blaisíní ann gan amhras, agus iad blasta.

Ach ní cainteoir i ndiaidh cainteoir a chuir Bean an Tí, Sinéad Ní Uallacháin, inár láthair. Is amhlaidh go raibh scagadh agus spíonadh déanta ag Eoin McEvoy ar chartlann Comhar le ceithre scór bliain anuas agus scriopt cuanna fáiscthe aige as le cur i láthair dá chuid féin chun na píosaí a fhí le chéile agus a chuir i gcomparáid leis an lá inniu. Ceathrar a chuir inár láthair é le Eoin - Donncha Crowley, Bríd Ní Ghrugáin, Deirdre Learmont agus Seán T Ó Meallaigh.

Thugadar siúd beocht do dhánta agus tuairimí a cuireadh i gcló i gComhar le ceithre scór bliain anuas. Le leithéidí Tomás Ó Floinn, Bob Quinn, Máire Mhac an tSaoi, Biddy Jenkinson, Gabriel Rosenstock agus Máirtín Ó Cadhain. Ní dhearna Eoin faillí in Éigse na linne seo, agus chualamar dánta ó Chaitlín Nic Íomhair, Darragh Ó Caoimh agus Ciara Ní É. Agus eagarfhocal Seán Tadhg Ó Gairbhí ón uair a thug na léitheoirí slán Comhar cúpla bliain ó shin ó sceanairt an Fhorais.

(Tá moladh speisialta - agus fuair sé bualadh bos - dlite do Seán T as Guí an Rannaire Behan a chuir i láthair go paiteanta paiseanta Duibhlinneach). 

Ba in óráid an chathaoirligh Cathal Goan a bhí an t-aon smál dobróin - tar éis deich mbliana de sheirbhís díograiseach, tá feidhmeannach gnó Comhar, Elly Shaw, ag bogadh ar aghaidh go post nua. 

Níl long Comhar i gcuan sábháilte fós, agus ní bheidh riamh. Ach is ardán thábhachtach atá ann don dtuairimíocht, don fhilíocht agus don bprós.

Tá súil agam go mbeidh an iris linn go ceann i bhfad, ag tabhairt lón machnaimh agus plé do éigse Gaeil.