Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-06-24

An Fear Deireanach


Cé go bhfuil cóip crua den leabhar seo le húdar Frankenstein agam le fada áit éigin, ní dóigh liom gur léigh mé é. Plé éigin ar úrscéalta diostóipeacha le mná a spreag mé an leagan Kindle a fháil, measaim. Léigh mé le cúpla lá anuas é.

Tá an réamhrá spéisiúil, cur i gcéill gur aimsigh sí agus comrádaí pluais na banfháithe san Iodáil, agus gurb ann a fuair sí scríbhinn an leabhar seo. 

Duine den uasaicme athair an reacaire, ach é tite i ndrabhlás de bharr andúil san imirt. Droim láimhe tugtha dó faoi dheireadh ag a bhuanchara Rí Shasana, faoi thionchar a nuachair. An mac agus a dheirfiúr tógtha i mbochtaineacht agus a dtuismitheoirí marbh. 

Tá an 21ú aois luaite mar dáta na n-eachtraí, ach is teicneolaíocht na 19ú aois atá fós i réim. I ndáiríre, is scéal é seo a scríobh Mary Shelley faoi dobhrón i ndiaidh bás a fhir, agus is faoina cairde agus gaolta an scéal feictear dom. Byron ina measc. Tá cogadh na Gréige agus na Tuirce fós lárnach sa scéal, agus cé go bhfuil Rí Shasana tar éis éirí as, tá na huaisle fós láidir agus cúrsaí sóisialta mar a bhí in aimsir Shelley féin.

Diaidh ar ndiaidh díorthaíonn plá pobail an domhain, ach is tríd súile líon beag uaisle a fheicimid an tsaoil - an reacaire agus a dheirfiúr tugtha ina measc ag mac an rí, agus póstaí a thugann ionad i measc na n-uaisle dóibh.

Scéal sách ait, ach léargas ar meon an phobail lenar bhain Shelley ann, measaim. Leagan uasal le híseal den daonlathas, a shamhlaíonn an ceannaire dea chroíoch de pór na n-uasal a bheith riachtanach. 

Léargas ann ar phaisean agus searc, agus duairceas a leanann as stuacacht. 

Spéisiúil, ach tá an tsaoil athraithe chomh mór sin nár bhraith mé go raibh todhchaíachas ar bith ag baint leis.