Gnó na Cnocadóirí cnocadóireacht, ar ndóigh, agus ar an Domhnach i ndiadh dúinn cuairt a thabhairt ar Chathair Ard Mhacha thugamar faoi Sliabh gCuilinn. Tá cáil ar an sliabh san Rúraíocht agus sa bhFiannaíocht go háirithe - sa scéal Feis Tigh Chónáin (CELT, agus athinsint bhreá ag Darach Ó Scólaí).
‘Aon do ló dá raibhe misi & maithe fhian Éirionn a nAlmhain ag ól & ag aoibhnus, & tarla aimhsiughadh mór cugum ann .i. días ban do Tuathaibh Dé Dananntuc grádh damh-sa a n-aoinfheacht; & is amhlaidh tarla dhóibh a bheith 'na ndias ndeirbhseathur dhá céile, eadhón Miodhluachar & Aighne a n-anmanna, & tug an dara bean díobh freiteach nach rachadh sí le fear liáth co bráth .i. Aighne. Arna chlos sin do Miodhluachair .i. a derbhshiur eile, do thionóil sí draídhthe Tuath Dé Danann a n-aon-ionadh & do dhealbhadur loch doilbhthe draídheachta ar leath-taoibh Shléibhe Cuillinn Chúailgne .i. do budh de chloind Cuillinn Chuailgne an días ban sin féin; & dá ndeachdís fir domain faí in loch sin, do badh liath iat dá éis.
...
Arna chlos sin don fhéin, do líonadur do thuirsi & do dhobrón & do leigedur trí gártha móra ós aird a ttiomchioll in locha; gurab de sin atá Loch nDoghra ar in loch sin & biaidh co bráth.
...
Agus adubairt Fionn an láoi ann:
Miodhluachair is Aignae fhial,dhá bhan-draoi do bhí 'sa sliabh,do charsat mé cechtur dhe,dhá inghin Chuillinn Chuailgne.Freitighus Aighnae fhiala dhol co bráth re fear líath's nach rachadh le fear dhá thoighacht madh fear óg anarsaidh.Tionólus Miodhluathchair mhalldraoithe Tuatha Dé Danannnó gur dhealbhustair-sean tráan loch doilbhthe draoidheachta.Téid roimpe Miodhluathchair mhaisgusin tTeamhraigh treathain-ghlais;do chuaidh a riocht eilidi deinghean chaomh Chuillinn Chuailgne.Do leansum an fíadh luaimneachéattrom eirluath iomshuaimhneach,agus níor sguiremur deco loch Síthe Cuilinn Cualgne.Aon-bhean ar brú in locha láingan uamhan, gan iomurscáildo rat a gceist misi defá dháltaibh na hingine.Créad do rad ann sin thú, a bhean,a inghean luachair láim-gheal?Dhá fhail óir do bhí fóm' laimhdo chuadur 'sa loch lind-bháin.Geassa ort-sa, a Fhind fhéil,mun' ttucadh tusa in léimar ceand m'uincceadh óir 'sa loch's a ttaphairt dham gan lán-locht.Ann sin do lingus an léim,nocharbh é dob fearr dom' chéill;an leath do lingus fón lochas eadh ro líath co lán-mhoch.As í sin an cheist iar bhfíor,a Channáin gusan gcaom-ghníomh,folt mo chind ro líath co mbladhas eadh ro mhill (mad) liathadh.
Níl fhios agam cathain nó conas a rinneadh Cailleach Béarra as Meáluchair i mbéal an phobail, ach is Loch na Caillí Béarra atá ar an loch. Bíonn daoine ag snámh sa loch anois ach níor chuala mé liathadh ag teacht ar éinne acu!
Deirtear freisin gurbh ann a bhí Culann Gabha ina chónaí agus gurbh ann a fuair Séadanta a ainm nuair a bhí sé mall don gcóisir agus mharbh an chú!
Cé go bhfuil cosáin marcáilte agus bealaí éasca go barr, bhí conair leagtha amach ag an treoraí Seán Ó Fearghail dúinn a bhí níos cosúla le gnáth siúl sléibhe agus thugamar faoi le fonn - bhí an aimsir linn. Thosaigh muid amach ar cosán tríd an choill ón gcarrchlós, tríd siamsaíocht do ghasúir - conair síogach. (Ní raibh sé baileach chomh kitschig is a bhíonn a leithéid go minic).
Níorbh fhada áfach gur ghearr muid tríd an gcoill, suas go dtí bóthar eile (tá deis ann tiomáint thart ar an sliabh i dtreo amháin) agus ansin tabhairt faoin sliabh i gceart. Dreapadh sách géar a bhí i gceist go dtí gar don mullach - ach bhí sé tirim agus an cosán sách soiléir. De réir mar a chuaigh muid in airde bhí radharcanna níos fearr agus níos fearr againn ar cheantar Chuailgne (an tsean reachta - bhí radharc i bhfad againn, measaim go bhfaca mé Reachrann Átha Cliath ar íor na spéire).
De réír mar a bhíomar ag druidim le mullach na sléibhe bhí an radharc a leithniú ar bhealach nach minic in Éirinn mar go bhfuil formhór na sléibhte ina gcuid de shliabhraon. Mar sin, cé nach sliabh ard atá ann, tá radharc iontach uaidh.
Tá carn ar mullach na sléibhe - Sí Chuilinn an scéil - agus is féidir dul isteach ann, tá obair seandálaíochta déanta air agus an seomra ann neartaithe. Idir dhá mhullach atá Loch na Caillí Béarra, agus lean mórchuid againn ar aghaidh sa treo sin, cé gur chas roinnt ar ais chun dul síos ar chósán níos fusa ón mullach agus ar ais ar an mbóthar ciúin.
Bhí sé sách gaofar ag an loch, agus leanamar ar aghaidh go dtí foscadh an dara charn ar mullach eile chun greim lóin a ithe. Síos ansin ar chosán measartha soiléir le treor anois is arís i bhfoirm saghad cruach ar chuaille. Tríd bogach agus ar aghaidh ar shleasa thoir na sléibhe go dtí an choill, tríd ar bhriseadh tine, áit ar tháinig muid arís go dtí an bóthar coille.
Bhíomar ar ais sa charrchlós in am do chupán caife (oighreata mo rogha) agus ceapaire blasta san caifé ag an gcarrchlós. Siúloid taithneamhach, agus ana lá chuige.