Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-06-07

Sráideanna Ard Mhacha


Bhí sé d'ádh orainn gur éirigh leis an té a rinne turas na Cnocadóirí ar Ard Mhacha a eagrú dul i dteagmháil le Réamonn Ó Ciaráin, fear oilte gnóthach as Ard Mhacha. (Tá sé ainmnithe le déanaí ina phríomhfheidhmeannach le Gael Linn - bhí sé gnóthach roimhe sin leo agus le heagraíochtaí teanga eile - agus is beatháisnéisí Chú Chulainn, Laoch na Laochra é)
Bhí sé in éineacht linn ag an ardeaglais Protastúnach agus d'inis dúinn faoi na foirgnimh thart air, a tógadh mar chuid de uaillmhian an Ardeaspag Robinson Ollscoil a bhunú in Ard Mhacha. Shiúlamar síos ansin chomh fada le múrphictúir iontach ina bhfuil mórán de ghnéithe cultúrtha Ard Mhacha ceaptha air; agus i ngar dó Cros gan Scríbhinn i gcuimhne íosparaigh - páistí óga formhór acu - pléascán gáis i 1967. Cros a tógadh traidhfil blianta ó shin. 
Bhí brú áirithe ama orainn toisc go raibh muid ceaptha bheith ag an Ard Eaglais Chaitliceach um meán lae - ach bhí íota caife ar go leor, go háirithe iadsan a tháinig ar maidin ó Bhaile Átha Cliath. Bhí caife le fáil acu in Aonach Mhacha  agus deis ag Réamonn sciúird tríd an fhoirgneamh cuanna a thabhairt dúinn agus deis freisin dhá scannán gairide a roinnt linn faoin dtogra pobal seo agus an foirgneamh cuanna atá acu anois - áit do eagraíochtaí éagsúla Gaeilge - Gael Linn, Cairde Teo, Cleamairí Ard Mhacha - agus spás ar fáil d'ócáidí cultúrtha agus ranganna. Spreagúil!
Tar éis dúinn cuairt (níos giorra ná mar a bhí beartaithe) a thabhairt ar an Ardeaglais Chaitliceach agus lón a ithe i mbialann deas Toni's chuaigh muid go hEamhain Mhacha. Tá blagmhír dá chuid féin dlite do sin.

Nuair a d'fhilleamar ó Eamhain Mhacha thug Réamonn tríd sráideanna Ard Mhacha muid, a stopadh ag an b"Poll sa Bhalla" mar a bhíodh ar teaghlaigh daoine sa charcair a gcuid bia a bhrú tríd, thar an áit a rugadh Máel Máedóc Ua Morgair agus amach go dtí an áit ar crochadh an file agus rópaire Séamas Mór Mac Murchaidh (a bhfuil an iomaí leagan ar a ainm is cosúil!)
Is reacaire den scoth é Réamonn agus d'inis sé scéal a bheatha agus a bhás agus an méid a thit amach ina dhiadh go bríomhar beoga.


Ar mhullach Shliabh gCuilinn bhí an choirm á réiteach
‘Gus Séamas a’ Mhurfaidh ’na thaoiseach ar an fhéasta,
Cha dtabharfadh sé urraim do bhodaigh an Bhéarla,
’Gus anois tá sé in Ard Mhacha is gan fáil ar a réiteach

 Táim cinnte go bhfuil oiread eile agus breis in Ard Mhacha nach bhfacamar agus gurb fiú cinnte cúpla turas eile a thabhairt ar an mbaile - ach is iontach go raibh treoraí spreagúil eolach ar fáil dúinn, Bheadh sé deacair ag an siúlóir fanach na mionsonraí a thabhairt faoi ndeara ná an t-eolas a aimsiú.