Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-12-12

Laofacht uathoibrithe - Dúrthóireacht bhaochta


Tá na Gaeil cleachtaithe ar an ráiteas "Ní féidir leis an ríomhaire síneadh fada a láimhseáil". Ní ar an ríomhaire atá an locht, áfach, ach ar na daoine a dhear an chóras agus a raibh tuiscint éadomhain acu ar ainmneacha agus riachtanais. Galar atá forleathan i measc ríomhchláraitheoirí, monuar - féach éithigh a chreideann ríomhchláraitheoirí faoi ainmneacha. Ar ndóigh, naoi n-uaire as deich, níor smaoinigh an foireann a dhear an chóras ar an gceist ar chor ar bith. Bhain siad feidhm as leabharlann éigin, mar a phléigh mé i gcás Dunnes.

Is annamh, le fada, gur foireann bheag a dhearann córas ar bith ríomhaireachta, dá simplí é. 

Agus bíonn na córais i bhfad níos fad mharthanaí ná a shíl a ndearthóirí go mbeadh - b'shin toisc fadhb an dá mhíle, agus tá a mhacasamhail, fadhb 2k38, ag druidim linn go pras.

Fágann sin go bhfuil feidhm á bhaint ar córais ríomhaireachta chun rudaí a dhéanamh nár shamhlaigh na dearthóirí, a bheag nó a mhór. Le caoga éigin bliain táthar ag iarraidh conriocht na mbogearraí a cheansú. Ach ainneoin go bhfuil fhios againn an rud atá follasach, i. Níl daoine saor ó locht, dá bhrí sin níl a cuid oibre, tá creideamh diamhair ag daoine sna freagraí a thugann ríomhaire dóibh.

Laofacht uathoibríochta a tugtar ar an gclaonadh seo san duine, agus is féidir leis bheith marfach - tá roinnt timpiste eitleáin a tharla dá dheasca. 

Glacaim leis gur laofacht dá leithéid is cúis leis an bhfógra Dúrthóireacht bhaochta a thug Cathal Seoighe faoi ndeara ar an mbealach chuig droichead íseal. Ríomhaire a phraistrigh, caithfidh sé go bhfuil sé ceart. 

Tá cúrsaí ag dul in olcas anois agus samhail mhóra teangan in úsáid ar féidir leo píosaí móra téacs a ghiniúint a mbíonn cuma na fírinne agus an fiúntais orthu. Is minic áfach go bhfuil siad míchruinn baolach. Ní hamháin go bhfuil claontacht, agus minic go leor olc agus fuath sna sonraí a úsáidtear chun oiliúna na córais seo, séantar go minic an ról atá ag daoine i roghnú na sonraí, na spriocanna foghlama agus na hualaí a mbíonn tionchar acu ar an dtoradh.

Ní chabhraíonn sé ach oiread nuair a déantar áibhéil agus bualam sciath faoin dtoradh, amhail is dá mbeadh tuiscint ag an clár seachas bheith ina phearóid stocastach.

Fágann laofacht uathoibrithe muid leochaileach agus i mbaol. Ag faillí nó go deimhin ag mioscais daoine.

Cheana féin tá an t-idirlíon truaillithe ag praistriúchán. Má thagann tonn faisnéis bréagach uathghinte sa mhullach ar sin, cuirfear úsáid an idirlín mar fhoinse eolais ó mhaith ar fad - agus cuirfear daoine amú agus i mbaol de dheasca laofacht uathoibrithe. 

Agus sin mo racht go n-uige seo.