2020-12-01
MÍP
2020-01-08
Lindbergh – Scéal luchóige a d’eitil
Tá cnámha an scéil simplí, luch atá tugtha don léamh agus staidéar an laoch. De bharr teacht an ghaiste luiche teitheann na lucha eile as an chathair, (Hamburg) agus fágtar ina haonair í. Ba mhaith léi iad a leanacht, déanta amach aici go bhfuil siad imithe go Meiriceá.
Ach ní féidir léi dul ar bord loinge mar go bhfuil cait ag faire gach poll is conair. Agus í ag ealú feiceann sí ialtóga agus tagann sé ina ceann eitilt.
Gabhann an luch ansin ar luas tríd iarrachtaí inneall eitilte a chruthú, bunaithe ar stair iarrachtaí an chine daonna. Tá mionsonraithe agus samhlaíocht na léaráidí sa chuid thar cionn ar fad, macallaí steampunk ann.
Faoi dheireadh, agus ainneoin ulchabháin a bheith sa tóir uirthi, éiríonn le turgnaimh na luiche agus trasnaíonn sí an Atlantach. Fáiltíonn idir daoine agus lucha roimpi agus tugann a heachtraí spreagadh do bhuachaill óg – Charles Lindbergh!
Spreagann an scéal agus go háirithe na léaráidí smaointe – ba dheacair domsa gan smaoineamh ar teifigh daonna, agus go háirithe na Giúdaigh sa Ghearmáin sna 1930í; ach freisin ar mhisneach dosháraithe agus díogras fionnaitheach.
Tá Gaeilge chuanna curtha ag Myra Zepf agus Andreas Vogel ar an scéal, agus bainfidh léitheoirí óga neamhspleácha agus leanaí a léitear dóibh, agus go deimhin a dtuismitheoirí an-sásamh as an seod seo.
Torben Kuhlmann
Aistriúchán: Andreas Vogel agus Máire Zepf
ISBN: 9781910945261
Futa Fata
Aois: 8+
Foilsíodh an léirmheas seo i dtosach ar Gobblefunked i Meán Fómhair 2017
2019-04-25
Nóinín stoite
Fáiltím roimh an leabhar seo. Tá easpa leabhair do dhéagóirí as Gaeilge agus seo saothar dea-scríofa tráthúil.
Nóinín
Cois Life
ISBN: 978-1-907494-94-9
2017-09-01
Tubaiste ar an Titanic
Bhí Lá leis na Lochlannaigh ceannaithe agam agus léite le m'iníon, mar sin nuair a chonaic mé an scéal seo a tháinig roimhe croch mé liom ón leabharlann é.
An uair seo nuair a osclaíonn Brídín agus Cormac an doras draíochta (don gcéad uair) aimsíonn siad iad féin ar long mhór ghalánta. Buaileann siad le himirceach óg as Éirinn atá faoin deic, san tríú grád. Is féidir leis na páistí na doirse glasáilte a oscailt, agus bíonn an triúr acu ag baint lán na súil as cuannacht an chéad agus an dara grád.
Diaidh ar ndiaidh áfach tagann siad ar an dtuiscint go bhfuil siad ar an Titanic - agus níos measa fós, go bhfuil briseadh na loinge ar tí tarlú.
Éiríonn leo máthair agus deartháir an chailín ar bhuail siad leo a tharrtháil chomh maith leis an gcailín féin - murach iad bheadh siad féin faoi ghlas!
Agus an teaghlach beag slán ar bhád, cromann siad ar an ndoras draíochta a lorg athuair- agus práinn leis toisc go bhfuil an long ag dul go tóin poill.
Éiríonn leo sa deireadh (ar ndóigh!)
Insint beoga drámatúil, lán sonraí. Lón léitheoireachta!
Tubaiste ar an Titanic
Máire Zepf
Cló Mhaigh Eo
2017-02-05
Lá leis na Lochlannaigh
Sa leabhar seo tugann Myra Zepf a laochra Brídín agus Cormac, agus muidne leo, tríd doras draíochta siar san am chuig Duibhlinn na Lochlannach. Buaileann siad le cailín ann - Bjarki. Gael í máthair Bjarki agus Lochlannach a hathair - tá Gaeilge agus Lochlainnis aici. Bíonn siad gafa in achrann contúirteach le beirt maistín, ach tagann siad as an achrann le gliceas.
Lá leis na Lochlannaigh
ISBN: 978-1-907494-55-0
Foilsithe: 2016
Léaráidí le: Olivia Golden
Leathanaigh: 74
€8.00
![]() |
| Léaráid ón leabhar |





