Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Thomas More werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Thomas More werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-05-01

Paidir Naomh Tomás More um shuairceas

Thomas More, le Hans Óg Holbein, 1527




A Thiarna,
Deonaigh goile maith dom agus rud lena shásamh, 
Deonaigh colainn folláin dom agus suairceas é choinneáil amhlaidh, 
Deonaigh anam simplí dom a thuigeann conas an maith a chur i dtaisce, agus nach gcuireann  an t-olc sceon air,
Ach a aimsíonn ina ionad modh rudaí a chur ina gceart, 
Deonaigh anam dom nach eol dó leadrán, clamhsán, osnaíl ná olagón,
Ná barraíocht struis de dheasca an chonstaic úd dá ngairtear "mise"
Deonaigh dom a Thiarna acmhainn grinn, an grásta glacadh le magadh fúm, an cumas lúcháir a aimsiú sa saol agus é a roinnt le daoine eile.

Áiméan.

Lag aistriúchán liomsa. De réir a thuairisc féin deir an Pápa Proinsias an urnaí seo go laethúil. 

2017-06-03

Paidir Thomas More

Deonaigh dom a Thiarna
goile maith, agus rud lena shásamh,
Deonaigh dom colainn folláin agus an deá ghiúmar lena choinneáil amhlaidh.
Deonaigh dom anam simplí ar mór aige an maith ach nach dtagann eagla ró éasca air i bhfianaise an oilc, a aimsíonn seachas sin dóigh le rudaí a chuir ina gceart.
Tabhair dom anam saor ó leadrán, clamhsán, osnaíl ┐olagóin nó ró strus de bharr an constaic úd 'mise'.
Deonaigh dom a Thiarna acmhainn grinn.
Lig dom bheith in ann glacadh le magadh,  agus sonas a aimsiú san saol, agus an cumas an sonas sin a roinnt ar dhaoine eile.