Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label eachtraí werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label eachtraí werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-02-02

Bí Ullamh

Nuair a bhí mé sa bhunscoil, thosaigh mé ag dul chuig grúpa macaomh i nDeartraí. Ag rothaíocht ó Thír an Iúir. Déanaim amach gur '78 a bhí ann. Níl mé baileach cinnte. Tá meathchuimhne agam ar féile gasógaíochta, mar a raibh oigheann tógtha as cré ag na gasóga. Sílim go raibh mé ar champa i Larch Hill. Ag obair chun suaitheantais a ghnóthú.
Cluiche Kim. Cluiche cuimhne. Duine amháin agus an ceannasaí i seomra ar leith. 
Bhí mé tar éis a bheith san Spáinn ar feadh an tsamhraidh. Tarraing sé anuas mo bhriste agus brístín le feiceáil an raibh mé "donn gach áit". (Ní raibh. Ar ndóigh. Ní raibh réimeas Franco ach díreach thart. Ní bheadh leanaí fiú ag dul thart lomnocht). Bhí mé thar a bheith saonta. Ach níor thaitin sé liom in aon chor. D'inis mé do mo mhuintir. B'shin deireadh tobann le gasógaíocht domsa. Deir m'athair gur thuairisc siad é, agus go bhfuair siad geallúint go leanfadh gníomh. Níl mé cinnte gur lean.

Fuair mé mo chuid campáil agus siúl sléibhe le club óige Críostaí do bhuachaillí feasta. Tráthnóntaí Sathairn i mbun adhmadóireacht nó ag déanamh rudaí le leathair. Roinnt teagasc Críostaí leis. Turais as baile, siúlóidí sléibhe. Ach murab ionann agus na gasóga, is iad na daoine fásta a bhí i gceannas go hiomlán.
Bhí mise beag agus go hainnis ag spóirt. Agus ró umhal agus géilliúil. Sprioc éasca do buachaillí níos mó agus níos gairbhe, nuair nach raibh na daoine fásta airdeallach. Bain mé tairbhe áirithe as ach ní raibh mé sona ann. Cúpla campa samhraidh. Cuimhin liom ceann amháin i Loch Garman. Slua réasúnta mór ann. Icelandic na puball. Agus Marquee mór.

Bhí sé ag stealladh báistí ar feadh na seachtaine. Diaidh ar ndiaidh thit gach puball agus bhog a líon isteach san Marquee. Bhí díog troigh ar doimhne tochailte timpeall ar sin chun an t-uisce a thabhairt chun siúil. B'éigean é athnuachan gach lá. 
Bliain eile bhíomar i sean tigh feirme i mBun Machan. Chuamar inár mbeirteanna le dul ar an ordóg go Trá Mhór. Sna déaga luatha a bhíomar is dócha. Mise agus duine eile an bheirt deireadh a scaoileadh amach. Stop teaghlach ón Tuaisceart, a raibh bus iompaithe ina veain campála acu, dúinn. Ansin phioc siad suas gach beirt eile fán tslí! 

Bhí mé cúig déag nó sé déag nuair a bhuail fonn mé dul le grúpa fánaithe gasóga. Bhí mé ar scoil lán bhuachaillí, agus i m'éan corr. Ní raibh an maoin céanna againne agus go leor eile sa scoil. Bhí mé go maith i mbun na leabhair agus go holc ag spóirt. Beag fós, cé go raibh fás ag tosú. Sa chéad bhliain bhí mé sa sraith tosaigh sa ghrianghraf ranga, a bhí de réir airde. Faoi bhliain na hardteiste, bhí mé ar cúl. Bhí cara nó beirt agam, maith go leor. Ach... 

Pé scéal é, rinne mé cúpla glaoch gutháin. Bhí grúpa fánaithe ag Grúpa 31 Ráth Fearnáin de Ghasóga na hÉireann. (An uair úd bhí fós cúpla eagraíocht ann. Na gasóga Caitliceacha agus Gasóga na hÉireann. Gasóga Bhaden Powell. Tá siad aontaithe ó shin, b'fhéidir scór bliain ó shin). Cé go raibh ceannaire fireann agus baineann ann (agus ise an sinsir), is iad na baill, go háirithe an coiste feidhmiúcháin tofa, a bhí freagrach as eagar agus reáchtáil imeachtaí. Creidim go raibh thart ar dosaen againn ann, idir fireann agus baineann. Meascán creidimh, beagán níos mó a bhain le hEaglais na hÉireann. Formhór acu siúd ag freastal ar an High School. Cónaí orainn ó Thír an Iúir go Dún Droma. I dtithe a chéile a tháinig muid le chéile i dtosach ach tar éis tamaill fuair muid cead sean Teach na Cúirte i Ráth Fearnáin a úsáid. D'fheil sin dúinn. Caidreamh thar a bheith scaoilte a bhí againn leis na gasóga áitiúla féin agus a gceannasaíocht. 

Níorbh fhada go raibh mé féin sáite sa choiste gnó. Mar chisteoir i dtosach, más buan mo chuimhne. Cathaoirleach ar ball Chuaigh muid ar shiúlóidí sléibhe go measartha minic. Bhí sé de nós againn dul as baile le chéile idir dhá Nollaig. Ar cheann de na turais sin bhain mé barr Corrán Tuathail amach. D'imir muid cártaí ar na turais seo. Cluiche simplí. Hi Low. Ag cuir geal ar an dóchúlacht go mbeadh an tríú cárta idir an dá chárta a bhí agat. Ag tosú le pingeacha, ach an pota ag méadú... Bhuaigh mé deich bpuint nó níos mó cúpla uair. Ag am go raibh 75p ar phionta Guinness. (Bhí an ocht déag slánaithe agam agus mé tosaithe ar an ól). Dheinimis rudaí éagsúla i dteach na cúirte. Ach b'iad na siúlóidí agus na turais an rud. Agus, gan amhras, an ól rialta i tábhairne an Castle i Ráth Fearnáin tar éis an chruinniú rialta oíche Domhnaigh. 

Anois is arís chabhraigh muid le himeachtaí eile. Is cuimhin liom eachtra greannmhar amháin. Bhíomar i bhfeighil ar lá spóirt do na macaomh. Ag rian ráis UCD. Bhí córas PA again. Téipthaifeadán agamsa. Bhíos tugtha ag an am do cheol sluachanta míleata, ar chúis éigin. Ar aon nós, bhí Edelweiß a bhleastáil amach as na callairí agam nuair a tháinig an ceannaire fireann ag rith, alltacht air - bhí an complacht Giúdach díreach leandeáilte agus ag tuirlingt de na busanna.... 

Bhain mé oiread sult as gur chloígh mé leis an ngrúpa fiú agus mé ar an ollscoil. Cé go raibh cairde maithe agam ann, tá cineál aiféala orm faoi sin. Bheadh sé níos ciallmhaire dá mbeinn tar éis dul leis an gcumann cnocadóireachta, mar a rinne mé i mbliain na céime. Ach chuaigh mé ag siúl níos minice leo ar saoirí abhaile tar éis na hOllscoile! Bhí taithí ait Ollscoile agam toisc go raibh muid in Ardán Phort an Iarla agus Sráid Mhuirfean seachas i mBelfield mar a bhí formhór na neacha léinn. Bhí buntáistí gan amhras le bheith i lár na cathrach, ach d'fhág sé mé scoite amach píosa ó shaol na hOllscoile. Sin scéal eile, is dócha. 

Scríobh mé cheana faoi mo theagmhálacha le gasóga Gearmánacha agus mé ag obair ann le linn an tsamhraidh. 

Bhí fhios agam go mbeadh mé níos óige ná mo chomhghleacaithe sa Ghearmáin. Bhí fiú an chuid is óige cúpla bliain níos sine ná mé. Chuaigh mé ag lorg grúpa gasóga, ag súil rud éigin cosúil leis na fánaithe a aimsiú. Ghlac mé ballraíocht i Stamm Normannen de chuid an Bund Deutsche Pfadfinder. (Bhí trí nó ceithre eagraíocht gasóga sa Ghearmáin. Leis na Deutsche Pfadfinder Sankt Georg, eagraíocht Chaitliceach a bhí teagmháil agam in Osnabrück). Bhí cultúr an BdP ina mheascán de cuir chuige Baden Powell agus traidisiún na grúpaí óige idir dhá chogaidh, fearacht na Wandervögel (éin siúlacha). Mar a scríobh mé cheana, bhí amhránaíocht tábhachtach dóibh. 

Bhí b'fhéidir ceithre nó cúig complacht den BdP i mBeirlín, idir mór agus beag. An nós acu iad féin a ainmniú as pobail an Völkerwanderung - Kelten, Sachsen, Burgund. Fireann agus baineann le chéile in aon chomplacht. Ach eagar éagsúil orthu ó abhus, seachas ar na macaoimh ar ghrúpa mór amháin iad le foghrúpaí. Ó aois b'fhéidir deich ar aghaidh bhíodh siad eagraithe ina Sippe (fine) de seisear nó mar sin. Ach an seisear nach mór ar chomhaois. Duine acu ina cheannaire an seisear. Bhí ceannaire fásta ar an iomlán, ach bhí na Sippen neamhspleách go maith ó thaobh imeachtaí. Bhí seomra ar leith ag na Normannen i dteach óige de chuid an Stáit, agus úsáid seomraí eile ann. Tháinig na ceannaire Sippe agus ceannairí macaoimh agus na gasóga níos sine le chéile i ngrúpa ar leith - an Gilde. Ar chruinnithe an ghrúpa sin a d'fhreastail mise. Seachas an ceannaire fásta, bhíodar níos óige ná mé, cuid mhaith níos óige i gcásanna áirithe. Ach tríd teagmhálacha le grúpaí eile chuir mé aithne ar dhaoine a bhí níos gaire in aois dom. Chuaigh mé ar thuras amháin traenach leo go Vársá agus Kraków. Agus Auschwitz

Bhí campa iomlán an Stamm sa samhradh ann. Ní cuimhin liom go baileach cén áit, déanta na fírinne. Áit éigin in Iarthar na Gearmáine. Bhain na gasóga le Beirlín Thiar, ní raibh an gasógaíocht fréamhaithe fós thoir cé go raibh iarrachtaí é a thabhairt air ais toisc go raibh an óige Stáiteagraithe cumannach ar lár. Téama Ceilteach a bhí le bheith ar an gcampa. Cúig buíon le bheith ann, atheagar sealadach ar na grúpaí. Mhol mé iad a ainmniú as cúigiú na hÉireann agus armas na cúigí a bheith mar shuaitheantas acu. Armas de chuid an airm abhus a bhronn mé ar an mhí. Saghad dearg ar chúlra buí. Bhí duine acu, a bhí tugtha do araltas amhrasach faoi sin, ach rinne sé cúis. Bhí sé feicthe agam ar feithicil agus éide abhus. 
Puball ar leith a bhíonn ag gasóga na Gearmáine. Jurte. Aithris ar phubaill na Steip. 
Tógtha as píosaí cearnógacha agus triantánacha canbhás dubh, agus cuaillí adhmaid. Bhí solúbthacht iontach ag baint leis an gcóras. D'fhéadfadh píosa amháin den bpuball a bheith ag gach ball de Sippe agus iad ar thuras fánaíochta. As na píosaí sin d'fhéadfaí Kohte a thógáil ach cúpla cuaille a aimsiú. Nó d'fhéadfá foirgneamh mór a thógáil fearacht an chinn thuas. Nó fiú díreach píosa amháin a úsáid chun luí air ar 
biobháig. 
Ba ghnách tine a dhéanamh i lár an phuball do teas agus cócaireacht. Agus don tschai! Coire mór tae le spíosraí agus torthaí ann, a oideas féin ag gach dream. 
Bhí éide ar leith ag na gasóga ar gnáth imeachtaí. 
Léine trom gorm. Lederhosen go minic ar cuid de na leaids. Na cailíní tugtha do sciorta fhada. Nó díreach jeans. Ach sin bhí an Juscha. Forléine trom dubh le húda ar leith. 
Oidhreacht gluaiseacht na hÓige, giorrú ar Jugenschaftsjacke. Don gcampa seo áfach rinneamar Léinte dúinn féin. Cineál LARPáil. 
Thaithin sé leo freisin feidhm a bhaint as tóirsí céarach. 
Eachtra greannmhar amháin is cuimhin liom. Coire mór stobhach prátaí á bhruith don dinnéar. Daoine éagsúla ag plé leis. Chuir gach duine, i ngan fhios don gcuid eile, breis salann leis... Bhí ocras orainn an lá sin! 

Tar éis bliain nó dhó d'éirigh mé as ag freastal ar imeachtaí. Ach fuair mé an deis tríd dul ag seol i Muir Bhailt. D'fhan mé i dteagmháil scaoilte le roinnt de mo chomhaoisigh agus le seanfhondúir de chuid na treibhe, ar a raibh an leasainm nó ainm turais Roni. Eisean a d'eagraigh an turas seoil cé gur tharraing sé féin as de bharr cúinsí teaghlaigh ag an nóiméad deireanach. Táim fós i dteagmháil scaoilte leis siúd, litir nó glaoch uair sa bhliain nó mar sin. Ar feadh seal bhí mé ag freastal ar chluiche volleyball a d'eagraigh seisean, agus muid ag dul go dtí An Dicke Wirtin ina dhiaidh. Ach ní raibh mé go maith agus thóg duine eile (nach raibh mé ró chairdiúil leis cibé) i leataobh mé agus dúirt liom go bunúsach go raibh mé ag milleadh na gcluichí agus greadadh liom... 

Bogann an saol ar aghaidh. Ní raibh baint agam le gasógaíocht arís go dtí gur fhilleamar ar Éirinn agus gur thosaigh mo mhic ag freastal ar ghrúpa. Ach sin scéal eile 
... 




2021-07-30

Cogarnach ár gCósta


Rud éigin ar Twitter a spreag mé le fios a chur ar chuntas Ger Ó Cíobháin ar a iomramh naomhóige deiseal timpeall cósta na hÉireann i lár na seachtóidí.

Leabhar measartha gairid atá ann, agus go leor rudaí nach mbaineann leis an turas farraige fágtha ar lár sa chaoi is nárbh léir dom gur sé seachtaine agus breis a mhair an turas.

Ach is fileata an cur síos ann, ó chéad mhúscailt an smaoineamh in aigne déagóra go dtí gur aimsigh sé comrádaí —Danny Sheehy óg - agus é féin i lár a shaol.

Rinne mé iontas - léiriú ar an athrú saoil - ar an méid tagairtí do chaitheamh toitíní atá ann, agus é fós sa leaba ar maidin fiú. Agus fuisce agus pórtar leo sa naomhóg agus iad ag slogadh go minic!

Ba léir a ghrá domhain don fharraige agus don dúlra, agus a chreideamh láidir i nDia agus naomh na nGaeil a thug misneach dó ar thuras a bhí contúirteach go maith, agus cúpla eachtra scáfar ann.

Ba léir freisin a dhoicheall - agus na Trioblóidí in airde réime - roimh taobh amháin ó thuaidh, cé go bhfeictear dom gur caitheadh cóir go maith leis, go háirithe ag lucht an Gharda Chósta a bhí ag faire amach dóibh.

Fuaireadar comhluadar agus aíocht mórán gach áit fán slí, seachas, ar chúis ait éigin, ar Oileán Chléire!

Leabhar taitneamhach agus cuireann léaráidí Tom Roche go mór leis. 

Ger Ó Cíobháin
Cló Dhuibhne, 1979. 

2019-09-16

Seán Ó Mulláin

Níl a fhios agam níos mó cén comhthéacs inár luaigh Panu Höglund Seán Ó Mulláin i gcomhrá i Twitter. Ba leor é chun m'fhiosracht a spreagadh áfach agus chuir mé fios ar roinnt dá leabhair tríd an gcóras iasachtaí idir leabharlanna.

Tá cineál crannchur i gceist leis sin, agus ní dhearna mé fiosrú ceart ar na saothair roimh ré. Ceithre leabhar atá léite go dtí seo, dhá leabhar an ceann as dhá sraith.
Mar a tharlaíonn is cosúil gur in ord contráilte ama a léigh mé iad.

San 16ú nó 17ú aois atá "Na Rianaigh Abú" agus "Fir Claímh" lonnaithe. Eachtraí a bhaineann le teaghlach uasal Gaelach i ré corraithe. I Fir Claímh faigheann mac de chuid an teaghlaigh buille sa chloigeann agus é ag teitheadh ó líon níos mó Sasanaigh tar éis achrann. Cailleann sé a chuimhne. Tagann buíon giofóg i gcabhair air - ach díbrítear iad go Sasana. Is iomaí cor sa scéal go dtagann sé slán abhaile arís. Tá eachtraí  Na Rianaigh Abú lonnaithe sa Fhrainc áit a bhfuil gaol le tarrtháil ó fear uasal Francach.

Dhá úrscéal lán eachtraíochta agus aicsean. Taitneamhach éadrom.

I caogaidí nó seascaidí an aois seo chaite atá an dá leabhar eile lonnaithe, sé sin le rá thart ar am a bhfoilsithe. Poitín, achrann teaghlaigh agus idir teaghlaigh, suirí, grá. Roinnt aicsin freisin gan amhras.

Triantán grá i lár Gníomhú Cosanta. Corr agus casadh roimh deireadh sásúil. Scéal grá idir bean den lucht siúil agus feirmeoir i lár Cosaint an Ghleanna. Beagáinín amhras orm faoi seo mar go bhfuil tincéirí maithe agus drochthincéirí i gceist. Faraor cuid de fós tráthúil - cur in aghaidh tithíocht don lucht siúil.

Bhain mé níos mó taitneamh as na scéalta faoi lucht na claímhte.

Ach scéalta éadroma soléite iad ar fad agus leanfaidh mé orm ag lorg breis saothair leis ón leabharlann.

Is trua nach bhfuil a leithéid i gcló agus fáil ag léitheoirí óga go héasca orthu.

Tá a mhacasamhail i dteangacha eile fairsing.

2009-09-02

Úrscéilín Órga

San slám is déanaí leabhair a fuair mé ón leabharlann, bhí úrscéilín bhreá le Pádraig Ua Maoileoin - An Bóna Óir.

Bhí an líne úd le Moore
"When Malachy wore the collar of gold
he took from the proud invader"
ag preabadh thart im cheann le fada. Bunaithe ar an scéil úd atá an scéal eachtraíochta seo, ach an stair bogtha ar aghaidh glúin nó dhó. Aimsir Flann Sinna agus Cormac mac Cuileannáin, agus ról acu araon san eachtra faoi fear óg a thagann aneas ón Íoslainn agus fonn air choróin Bhaile Átha Cliath a éileamh.

Is iomaí corr sa scéal as sin, agus timpeall an domhain i gceist sula mbaineann sé amach a dhán. Faoi deireadh an scéil, tuigimid gur Gael atá ann, agus ní Gall mar a chreid sé féin. Ach bíonn daoirse i measc na Múrach agus turas ó Luimneach thar Chathair Constaintín agus tríd an Rúis go Críocha Lochlann i ndán dó, agus corr i ndiaidh corr sa scéil.

Agus an scéal ar fad inste i bhfriotal shaibhir Dhuibhneach an Maoileoinigh.

Ana scéal. (Ach as cló, faraor!)


Torc ceilteach ó Wikimedia san íomhá thuas.

2007-12-11

Rotha Mór an tSaoil

Rotha Mór an tSaoil, beathaisnéis Mhicí Mhic Gabhann léite agam le deanaí.

Is doigh liom go bhfuil gach mór bheathaisnéis Gaeltachta - arbh buncloch na litríochta nua iad - léite agam anois.

Tharla go bhfaca mé an ceann seo san leabharlann i mBré - is cosúil go raibh sé amuigh ar iasacht naoi n-uaire ó 1999 - mar sin, ní mise amháin a bhí ag déanamh faillí ann toisc gurbh saothar chonallach atá ann.

Scéal iontach atá an - ó Chloch Chionnaola go dtí Klondike agus thar nais. Tá ábhar scannán eachtraíochta den scoth ann. Agus ó tharla gurbh ó insint bhéil a scríobhadh an leabhar, agus go bhfuil, go bhfios dom, taiféid ar an insint bhéil sin, d'fheadfadh Micí a bheith ina laoch ina scéal fhéin. Is léir síos tríd an leabhair gur Gaeilge a bhí á labhairt le linn mór chuid d'eachtraí an scéil, is cuma an abhus nó in iargúil Mheiriceá a bhí an eachtra sin.

Meas sibh an mbeadh Roibéard "Cré na Cille" Quinn sásta tabhairt faoi?