Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label eachtraíocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label eachtraíocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2020-05-01

An Deachtóir

De bharr turas fánach ar siopa leabhair dara láimhe sa chathair a fuair mé an leabhar seo - ar 5€ más buan mo chuimhne. Ceann de dhornán úrscéal éadroma a d'fhoilsigh Deasún Breatnach sna 1960í. 

Bhí ceann eile léite agam - An Buama Deiridh. Eachtraíocht den chinéal céanna atá anseo, bithiúnaigh tar éis seilbh a ghlacadh ar stáitín i Meiriceá Theas. Sliocht na nGael ann, agus iad ag iarraidh cabhair in Éirinn chun cuir i gcoinne na deachtóireachta.

Beirt Éireannach óg agus long acu ag dul trasna le cabhrú leo (nod ann go raibh siad bainteach le eachtraí i leabhair eile de chuid Deasún).

Eachtraíocht shaonta agus scéal grá geanmnaí. Cuid de beagainín greannmhar - samhlaigh Deachtóir i Meiriceá Theas a bheith buartha faoi scéal sa nuachtán Inniu!

Lorg a ré ar an scéal - ach taitneamhach mar sin féin. Caitheamh aimsire. 

2014-01-21

Iníon Keevack

Ag éirí as an píosa a scríobh mé faoi Scéalta Ó Oileán An Turtair luaigh Marcus an leabhar Iníon Keevack liom agus chuir mé fios ar ón leabharlann.
Ní raibh aon iomrá cloiste agam roimhe ar an údar Mícheál Ua Ciarmhaic.
Úrscéal spleodrach atá anseo, lonnaithe i dTuaisceart Mheiriceá, a mheabhródh duit scéalta Jack London faoi bheith ar an lorg. 
Eachtra tóraíochta agus grá. Bhí an cur síos ar an dúlra agus na heachtraí fán mbealach fíor mhaith. Bhraith mé áfach go raibh an cur síos ar na caidreamh beagán amscaí. Ní raibh Aintín Mildred, a bhí ina cineál leasmháthair olc san scéal, inchreidte dar liom; agus ní raibh gá ar bith leis an daor Seoirse Buí.
Shíl mé i dtosach nach raibh meascán drúis agus Críostaíocht saonta Sheáin agus fiántas ach geanmnaíocht Neeta réalaíoch, ach nílim chomh cinnte den sin théis roinnt machnamh a dhéanamh air. Ní bhíonn daoine iomlán i gcomhréir lena bhfealsúnacht ina mothúcháin.
Scéal ana mhaith atá ann, agus le roinnt beag eagarthóireacht liteartha d'fheadfadh sé bheith ina shár-scéal i seánra atá sceadach go leor in iothlainn na Gaeilge , eadhon, eachtraíocht agus rómáns d'aosánaigh.

Lón aigne agus samhlaíochta, friotal thaitneamhach, fileata. Inmholta.

Iníon Keevack
Micheál Ua Ciarmhaic
ISBN 185791 142 3
An Gúm 1996