Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label gasúir werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label gasúir werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2012-12-20

Scéalta Sí

Tráthúil go leor is dócha agus Google agus Duden araon ag ceiliúradh 200 Bliain ó céad fhoilsigh Jacob agus Wilhlem Grimm a gcuid Kinder- und Hausmärchen, tá leaganacha de cuid de na scéalta sin á léamh agam do'm iníon roimh dul a luí di. Leagan le Criostóir Ó Floinn atá i gceist: i 1975 a foilsíodh an chóip atá agam, agus tá an cuma air go bhfuil an leabhar as cló.
Is mór an trua sin, mar tá na leaganacha soiléir saibhir deas. Ná scéalta is cáiliúla atá i gceist, athinsint bhlasta orthu. Ainneoin gur léitheoir chraosach mé féin, caithfidh mé admháil go raibh leagan anseo nó ansiúd de nath nach bhfuil agam.
Tá scéal amháin san cnuasach nár aithin mé: Taidhgín agus na Fathaigh - sílim gur athinsint ar Das Tapfere Schneiderlein atá i gceist ach athraithe móra ar an scéal.
Gan amhras, tá leaganacha eile de na scéalta seo cloiste nó feicthe aici cheana; ach táimid araon ag baint taitneamh as na leaganacha san leabhar, tá siad thar a bheith feiliúnach le léamh ós ard. Agus, mar a dúirt mé, táimse ag foghlaim nathanna agus leaganacha nua as.
Is mór an trua go bhfuil an leabhar as cló; ní heol dom aon cnuasach eile de na scéalta seo i nGaeilge.

2011-07-09

Ag rince i measc na leabhair!

Maidin inniu d'fhreastail m'iníon agus mé fhéin ar imeacht de chuid Comhluadar agus an Siopa Leabhair i Sráid Fhearchair. An chéad ceann de sraith atá ann chun léitheoirí óga a mhealladh isteach sa siopa. Ba dheacair foilsitheoir níos fearr a mhealladh don gcéad ócáid ná Futa Fata, arbh é an fear ildánach sin Tadhg Mac Dhonnagáin a cheann feadhna. Tadhg agus a iníon a chuir tús le himeachtaí, ag léamh an scéil Neilín agus an Cat. Lean beirt údar eile de chuid an tí - Ailbhe Nic Giolla Bhrighde ag léamh a leabhar "Cócó an Colgán Cairdiúil", scéal ana dheas faoi éagsúlacht agus cairdeas. Bhí sé go deas freisin go bhfuair canúint Conallach bheith istigh!
Seal Patricia Forde a bhí ann ansin, ag léamh a scéal samhlaíoch "Cití Cearc" - tá na léaráidí don scéal dréimire seo iontach ar fad! Chuir Tadhg agus a iníon smear mullaigh ar an ócáid le meascra dánta agus amhráin óna shaothair Bliain na nAmhrán, Ceol na Mara agus Gugalaí Gug. Bá léir ón rannpháirtíocht go raibh taithí ag na gasúir ar na scéalta agus amhráin agus gur bhain siad ana scléip as. (Sílim gur díoladh leabhar nó dhó chomh maith!)
Tá moladh ag dul do Dharagh Ó Tuama agus a fhoireann as an ócáid a eagrú chomh maith sin; agus as na bronntanais a bronn siad orainn agus muid ag imeacht - scéalta ar DD, Leabhar dathúcháin agus lón beag. Beidh súil in airde againn do ócáidí mar é! Tá áiseanna agus leabhair iontacha ann do ghasúir agus seo bealach samhlaíoch chun an scéal a scaipeadh.

2010-04-05

An Ghaeilge Ealíonta

Tá beirt mhac sna déaga luaithe agam. Fágann sin mé ag léamh leabhair atá dírithe ar an aos sin - mar athair freagrach is mian liom tuairim éigin a bheith agam cá dtugann flosc léitheoireachta na buachaillí iad.

I measc na leabhair atá á léamh acu tá "The Moorehawke Trilogy" le Celine Kiernan. Úrscéalta lonnaithe i gcúirt ríoga san 14ú aois in Eoraip "comhthreomhar" atá iontu - fantaisíocht fuilteach den chineál ar maith le gasúir iad, is cosúil.

An gné is spéis liom anseo ná na Merron: cine arbh í Gaeilge na linne seo a dteanga. Cine sách aisteach - tá ainmneacha acu a mheabhraíonn Lochlann seachas Éireann dom. Agus cleachtann siad collaíocht nua-aoiseach, ach creideamh ársa, fuilteach - móide íobairt daonna.

Tuigim go raibh amhras ar na foilsitheoirí - Cló Uí Bhroin - faoin beartas seo, ó tharla gan Gaeilge a bheith ag an údar. Nuair nár éirigh leo í a dheighilt óna bplean. d'fhostaigh siad Gabriel Rosenstock le slacht a chuir ar an nGaeilge.

Táim fós idir dhá chomhairle faoi nithe mar seo, mar atáim faoi tatúnna i nGaeilge ar cneas duine gan Ghaeilge. Is maith, gan amhras, an Ghaeilge a chuir i láthair saol níos leithne. Ach an é seo an dóigh is fearr? Sílim tairbhe áirithe a bheith ann - ardú sprid do aosánaigh le Gaeilge - más fíor an méid a deir leathanach na litreach tí Celia.

Ach fós, n'fheadar ....

2010-02-09

Domhan baolach na nÓg

Tá alt ag Kate Holmquist inniu faoi tromaíocht ar líne, agus an baol atá ann d'aosánaigh. Tá beirt mhac sna déaga agam, agus iad araon ar líne cuid mhaith. Le bheith ionraic, ní féidir liom a bheith iomlán cinnte nach bhfuil siad in aon chúinne baolach. Tá labhartha againn leo maidir le bheith cúramach. Coinníonn muid súil éigin ar cad atá ar bun acu - ach caithfidh muid muinín a bheith againn astu freisin má tá siad le fás.

Feictear dom go bhfuil an dúshlán mar a bhí riamh - caidreamh oscailte a bheith agat le do ghasúir, i dtreo is go mbeidh siad sásta teacht chughat má tá siad buartha faoi aon rud. Ní raibh sé riamh éasca, ach is gá é a dhéanamh.

Ní dóigh liom gur féidir a bheith ag súil le haon feabhas ón Rialtas ná ón na comhlachtaí móra. Ní hé a gcúram siúd é, agus ní bheidh siad in ann áit tuistí a ghlacadh riamh.

2009-11-30

Seoda Saíochta Soiscéalaíochta

Chuir mé fios ar an iomlán leabhair móide DD atá a chuir amach ag Lorlum.

Cúig cinn ar fhichead de scéalta ón mBíobla, agus leaganacha fileata cumtha ag Fearghas Mac Lochlainn. Tá siad bunaithe ar leabhair de chuid Arch, mar sin, tá dóchas agam go bhfuil níos mó ar na bacáin acu!

Tá an obair ealaíona gleoite, agus an rannaireacht sár mhaith. Tá nasc san eireaball i gconaí le saol creideamh an duine aonair san lá atá inniu ann.

Sár píosa oibre atá san Dlúthdhiosca freisin, le éagsúlacht guthanna agus fuaimeanna nuair a fheileann siad.

Tá leabhar samplach le feiscint anseo:

Táim ag súil go mór len iad a léamh le m'iníon (tar éis do San Nioclás iad a bhronnadh uirthi um Nollag!)

2009-11-23

Clár dubh daor

D'fhógair an Taoiseach ar na mallaibh go bhfuiltear chun infheistiú i dteicneolaíocht do scoileanna. Tá preasráiteas maidir leis an gceist ar shuíomh na Roinne Éadóchais. Ba cheart go mbeadh teacht ar an dtuarascáil ansin freisin, ach faoi láthair ar aon nós, tá an nasc briste. (Is cosúil go bhfuil sé ag obair anois)

Tá siad ag cuir béim ar an bhfíric go mbeidh ríomhaire glúine agus clár bán idirghníomhach ar fáil do gach rang i ngach bunscoil.

Níl ansin, dar liom, ach cur i gcéill. Cinnte, is féidir úsáid fónta a bhaint as teicneolaíocht sa rang. Ach ní oideachas san teicneolaíocht atá i gceist chor ar bith leis sin.

litir spéisiúil san Times inniu, ag rá go bhfuil curaclam ríomhaireachta deartha ag Lero. Tá sé bunaithe ar scratch - bogearra deartha ag MIT chun ríomhaireacht a mhúineadh do ghasúir. Scríobh mé fhéin faoi anseo cheana. Monuar, lig mé mo mhaidí le sruth rud beag - caithfidh mé filleadh ar le mo ghasúir. Cá bhfios nach mbainfinn tairbhe as an ábhar ag http://www.scratch.ie chuige sin.

2009-05-19

Enid Blyton na Gaeilge?

Bhí alt spéisiúil ag Ríona Nic Congáil ar Cathal Ó Sandair i gComhar na míosa seo.

Fear a scríobh mórchuid leabhar do dhaoine óga, sraith faoin bleachtaire Réics Carló ina measc. Tá ceann nó dhó acu léite agam, ach tá sé deacair teacht orthu (Ní constaic domhsa an tseanchló - agus ní dóigh liom go mba cheart go mbeadh sé ina chonstaic, ach sin scéal eile). Rinne an Gúm athchló ar "Réics Carló ar Oileán Mhanann" i 1984, ach seachas sin ní dóigh liom go bhfuil teacht ar aon saothar dá chuid, seachas corruair i siopa dara láimhe.

Feictear dom nach raibh aon oidhre cheart air. Cinnte, tá leabhardhó ag Ríona í féin - agus ag daoine cosúil le Iarla Mac Aodha Bhuí - ach níl aoinne ag scríobh as Gaeilge chun dúshlán Eoin Colfer Anthony Horowitz, gan trácht ar Darren Shan, a thabhairt.

Slogann mo mhac is sine na leabhair seo, ach tá sé deacair é a spreagadh chun rud ar bith i nGaeilge a léamh - cé gur cabhair áirithe úrscéalta grafacha Cholmáin Uí Raghallaigh agus seoda an tSnáthaid Mhór.

Fáinne fí atá anseo; ní léann sé i nGaeilge cionn is go bhfuil sé "deacair" (toisc gan taithí a bheith aige air). Cinnte, tá leagan Gaeilge de Harry Potter (leabhar amháin) agus Artemis Fowl (leabhar amháin) agus is scoth-aistriúcháin iad. Ach tuige go léifeadh gasúr iad agus an bunleagan seanléite acu faoin am a thagann siad orthu?

Níl leigheas an scéil agam - is deacair maireachtáil mar scríobhnóir do ghasúir as Béarla, ní áirim as Gaeilge.

Ach is dóigh liom go mba céim mhaith é saothar Uí Shandáir a chuir ar fáil arís. Agus na haistriúcháin a rinneadh thart ar an am chéanna.