Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label rothaíocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label rothaíocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-10-02

Ar ghearrán iarainn go Dún Aonghusa

Go hÁrainn a chuaigh muid ó Inis Oírr. Bhí sé ina hardtráthnóna nuair a shroicheamar Cill Rónáin. Bhí beartaithe againn aghaidh a thabhairt ar Dhún Aonghusa. Shíl mé go mba críonna an mhaise é rothar beirte a chuir in áirithint - ní dhearna an déagóir mórán rothaíochta ó bhí siad an óg, agus ní raibh mise ar rothar le blianta. Ach ar rothar beirte bheadh muid le chéile ar aon nós! D'fhágamar na málaí san ionad glampála is campála gar don gcé, agus bhailigh an rothar.
Ba mhaith an beart é, ach go raibh dearmad déanta agam go mbeadh rothar fruilithe caite go maith. Bhí na giar caite go maith, agus ag sciorradh anois is arís. Thóg sé tamall go dtí go raibh socrú measartha aimsithe agam. Ar aghaidh linn ar an mbóthar íseal. Bhí cnoc géar le sárú i dtosach i Cill Rónáin féin. Suas agus síos ansin, muid ag streachailt scaití. Agus leathbhealach curtha dínn againn, shíl mé nach mbainfimis ceann scríbe amach ar chor ar bith! Ach shocraimear isteach ar an rothaíocht agus bhaineamar ceann scríbe amach faoi dheireadh. Ar ámharaí an tsaoil, ní raibh costas isteach ar an lá a bhíomar ann, agus shiúlamar suas go barr na haille. Bhaineamar lán ar súil as an radharc. Bhí sé ag éirí déanach áfach agus bhí an bóthar ar ais le dul fós. Síos linn arís agus ar ais an bhóthar íseal. Bhí rithim níos fearr againn, agus níor bhain mé leis na giar!

I gCill Rónáin arís, thóg muid an puball agus thug aghaidh ar Tí Joe Watty don dinnéar. Bhí sé gnóthach go maith. Foireann ó lár na hEorpa. Agus fear óg amháin áitiúil a thug mo mhias diúilicíní chugham. Bhí an áit lán, agus is ag cúinne boird le turasóirí ón nGearmáin a bhíomar. Bhí an béile blasta. Agus an leann - de dhéantús Conamara.

Ar ais go dtí an pobal agus codladh sámh na hoíche. Ní raibh mé chomh righin an lá dár gcionn is a shíl mé go mbeadh! D'éirigh muid go luath agus thug aghaidh ar an gcé agus bád Inis Méain. 

2024-05-01

Mo ghearráin iarainn...




Nuair a bhí mé óg, ba rothaí mé. Mheabhraigh alt Fhachtna i Tuairisc sin dom. Is léir áfach go raibh aingeal coimhdeachta éifeachtach agam - ní raibh drochthimpiste riamh agam. 

Níl fhios agam cathain a thosaigh mé ag rothaíocht, ach bhí mé i mo rothaí muiníneach faoin am a bhain mé an meánscoil amach - meánscoil a raibh turas 6km in aghaidh an aird chuige ar maidin.

Is cuimhin liom eachtra amháin, agus sílim gur roimhe sin a bhí sé. Le grúpa i gContae Mhaigh Eo. Ní cuimhin liom anois an rothar liom féin a bhí agam, nó rothar ar iasacht. Pé scéal é bhí na coscán air tobann. Bhí mé níos óige agus níos moille na daoine eile sa ghrúpa (ba duine sách beag mé i thús mo dhéaga, agus ní raibh mé riamh i mo fear spóirt). 

Bhí formhór an ghrúpa cruinnithe trasna an bhóthair ag bun chnoic géar. Ní raibh smacht iomlán agam ar an rothar, agus bhí luas fúm. Chuaigh mé ar na coscáin go tobann - an chineál coscán ina dhéanann tú dul tuathail ar na troitheáin. Stopadh an roth go dtobann agus thit mise. Baineadh screamh craiceann de m'aghaidh. Dóbair gur bhuail mé cuaille le mo chloigeann, ach níor dhein. Craite, baill íogair ach gan faic briste.

Cúpla bliain níos déanaí, bhí mé ag rothaíocht le grúpa beag ón mbaile go dtí brú óige Ghleann Mholúra. Tá cnoc fhada ghéar agus cúpla casadh ann síos isteach sa ghleann. Bhí an clapsholas ann nuair a shroicheamar é. B'éigin na coscáin a oibriú chun smacht a choinneáil ar an luas. Ach tamall síos an chnoic chlis ar mo choscáin. Ní raibh le déanamh agam ach greim a choinneáil ar an stiúir - agus urnaí! Síos an chnoic ar luas lasrach agus tríd an chrosbhóthar gan stad ná moilliú. Bhí mé cúpla céad slat suas an chnoic ar an dtaobh eile sular éirigh liom an rothar a stop.

Nuair a bhí mé ar scoil roimh an meánteist bhí ranganna Gearmáinise agam i nGráinseach an Déin. Ba ghnách liom rothaíocht go dtí teach aint le m'athair i gCnoc Mhuirfean. Thugadh sise béile breá dom, agus ar aghaidh liom go dtí an rang, agus abhaile ina dhiaidh. Thar chnoc is gleann. Sa dorchadas sa gheimhreadh. Agus tríd fearthainn.

Níor tharla aon timpiste dom áfach. Uair amháin bhí mé ar chúlbhóthar cúng cnoic. Balla ard ar gach taobh. Leoraí mór cré ag iarraidh dul thairim. D'éirigh mé den rothar agus bhrúigh mé féin agus mo rothar in aghaidh an bhalla. Toisc go raibh mé imithe as a radharc go tobann, stop an tiománaí le cinntiú go raibh mé ceart go leor.

Ní cuimhin liom ach an t-aon timpiste amháin, nuair a bhí mé ag dul go dtí an ollscoil in Ardán an Iarla. I Rath Maoinis d'oscail tiománaí neamh-aireach a doras. Rinne mé iarracht dul timpeall air - bhí luas fúm. Ach bhuail leamhán an choscáin ar éigin an doras agus baineadh tuisle asam agus as an rothar. Ar ámharaí an tsaoil bhí an trácht stoptha agus thit mé idir dhá charr. Croitheadh bainte asam, b'shin é.

Ba é an rothar an ghnáth modh taistil ag mo chomhaoisigh, idir baineann agus fireann agus mé ar scoil agus ollscoil sna 1980í. Bhíodh na céadta rothar ag dul tríd Rath Maonais isteach sa chathair, ag fí a mbealach idir na gluaisteáin a bhí gafa sa trácht. 

Nuair a chríochnaigh mé sa choláiste, agus roimh dom tosú ar phost, chuaigh deichniúr againn ar thuras chun na Fraince. Ar mhuin rothar, ag rothaíocht idir an dá calafort farantóireachta Cherbourg agus Le Havre. 

Bhí mé i mBeirlín ansin. Cheannaigh mé rothar ceart go leor, agus bhain mé feidhm áirithe as. Ba a iompar phoiblí a chuaigh mé ar obair, ach tráthnóna agus an deireadh seachtaine rothaigh mé. Bhí raonta rothair cearta ann - ach bhí an trácht níos troime agus na tiománaithe níos mí fhoighní. 

Mar sin féin, choinnigh mé an rothar. Nuair a tháinig na leanaí bhí rothar againn araon agus suíocháin feistithe ar chúl dóibh. Anois is arís bhain muid feidhm astu. 

D'fhill mé ar Éirinn cúpla mí roimh mo chlann. Bhog mé isteach le mo thuismitheoirí i Tír an Iúir. Bhí mé ag obair i Sráid Fhearchair. Áit a raibh cith ar fáil! 

Bheartaigh mé mo rothar a sheoladh romham - leis an bpost. Ach ón am go raibh mé ag rothaíocht an bhealach úd sna hochtóidí bhí na gluaisteáin dulta i leithne agus an trácht i dtroime. Ní raibh sé pléisiúrtha in aon chor. 

Ar feadh tamaill, agus cónaí orainn i mBré rothaigh mé chomh fada leis an stáisiún traenach ar mo bhealach ar obair. 

Ach nuair a bhogamar amach go Baile an Chinnéidigh, bhí an rothar ag bailiú deannaigh sa gharáiste. Tá na bóithre ró holc agus ró chúng. Agus na gluaisteáin ró leathan agus na tiománaithe ró mífhoighneach. 

Rothaíonn mac liom fós - i Londain. 

Tá súil agam go leanfaidh feabhas ar an mbonneagar rothaíochta. Ach is dócha go mbeidh mise i mo choisí feasta. 

2007-10-07

Eachtra an Eich Iarainn

Is gnách liom (ní chomh minic agus ba cheart ná ba mhaith liom) lá a bhronnadh ar mo mhic faoi seach inár féidir leo roghnú cad ba mhaith leo a dhéanamh. Seal Fionn a bhí ann de Satharn seo chaite. Theastaigh uaidh dul ag rothaíocht. Anois, tá rothar sa gharáiste agam, ach a) ní raibh mé sa mhuin ar le fada, b) tá an ceantar seo cnocach, c) agus tá na bóithre thart anseo caol, contúirteach, sclagach.

Is beag fonn a bhí orm rud a dhéanamh air, mar sin. Ar amhraí an tsaoil, bhí mé tar éis an dream seo a thabhairt faoi ndeara tamall ó shin. Anois, b'shin plean. Rothair a ghlacadh ar cíos, agus camchuairt a thabhairt ar Pháirc an Fhionn Uisce. As go brách linn ar bhus agus Luas go dtí an Páirc.

Fuair muid rothar an duine, agus rinne muid camchuairt ar leath theas na Páirce.

Thug mé suntas athuair do na fógraí bóthair (nó, mar a deir an Ghaeilge nua, na síneacha tráchta). Seanchló deas soiléir.


Seachas an príomh ascal tríd an phairc, is beag trácht gluaisteáin a chuir isteach orainn (agus tá raon rothair ar an bpríomh ascal sin, ach ní thugann Éireannaigh aird ar srianta dá leithéid - bhí orainn sníomh thar coisithe an t-am ar fad ar an mbealach thar nais). Go deimhin, bhí cosc ar ghluaisteáin ar codanna áirithe den bhealach.

Chonaic muid an tréad fianna in aice le Cros an Phápa. Chonaic muid roinnt fianna eile faoi na crainn in aice an bhóthair. Theip orm iad a cheapadh i gceart ar ghrianghraf.



Tá cuimhní cinn agam a bhaineann leis an gCros agus na Fianna araon. Bhí mé ann le mo mhuintir i 1979 nuair a dúirt an Pápa Aifreann ann. Bhí an áit dubh le daoine, muid uilig faoi ghreamaitheoir daite chun ár gcearnóg téad teorannaithe féin a chuir in iúl. Trian de mhuintir na hÉireann a bhí ar an bhfód an lá úd. Ní bheidh a leithéidí arís ann, is eagal liom!

Maidir leis na Fianna, is cuimhin liom bheith sa pháirc uair amháin nuair a tháinig muid i gcabhair ar stócach a bhí tar éis oisín a aimsiú. Bhí an oisín ag geonaíl, agus phioc sé suas é. Shocraigh m'athair gurb é an rud is fearr ná an créatúr a bhreith linn go dtí gairdín na n-ainmhithe. Ní rabhadar ró bhuíoch dúinn! Dá mbeadh sé tar éis an oisín a fhágáil san áit ina raibh sé, bheadh an eilit tar éis filleadh. Ach anois agus boladh daonna uaidh, ní ghlacfaí thar nais sa tréad é.



Tá ballraíocht bliana againn sa Zú arís; mar sin chuir muid clabhsúr ar an lá le cuairt air.