2025-02-08
Rannsacú coille
2024-09-30
Schall und Rauch
2021-04-24
Táim ag éirí trasamhrasach
2017-10-06
An tEaspag agus an Vaicsín
Tharraing agallamh le déanaí le hEaspag raic mar gheall ar a thuairimí ar an vaicsín a thugann imdhíonadh i gcoinne ailse béal na broinne. Ceist bheo atá ann, mar go bhfuil freasúra in aghaidh an vaicsín seo, agus vaicsín eile, ag cothú imní agus ag laghdú úsáid na vaicsín.
Neamh litearthacht eolaíochta is cúis le cuid mhór den imní, maraon le heaspa muiníne i saineolaithe agus amhras faoi ollchomhlachtaí atá ag fáisceadh brabús ollmhór as riachtanais sláinte an phobail.
Ó chuir Edward Jenner spéis i sciamh cailíní deas crúite na mbó, agus an cúis leis, tá vacsaíní tar éis go leor galair uafara a scuabadh chun súil. Ach is gá go mbeadh siad in úsáid go forleathan sa phobal chun bheith éifeachtach.
Ag an am céanna, de bharr teacht ar fáthmheas níos fearr, agus cuinsí timpeallachta tá galar nua fearacht uathachas a aithint, nó i gcás Gardasil (an vacsaín in aghaidh HPV) siondróim tuirse a bhuaileann mná óga sna déaga. Níl cúis aitheanta ag na galair seo. De bharr go n-aithnítear iad thart ar an aois céanna le dáileadh na vaicsín, táid ann a mhaíonn nasc idir an dá rud.
Tá na maíomha seo bréagnaithe ag eolaithe, ach tá frídín an amhrais láidir.
Scaiptear scéalta truamhéalacha agus treisíonn an amhrais.
De bharr go mbíonn eolaithe cúramach, meáite ina gcuid cainte, agus de bharr nach dtuigeann an pobal forleathan a n-uirlisí, dóchúlacht mar shampla, ní cloistear a dteachtaireachtaí.
Sampla maith den neamh litearthacht eolaíochta seo ná meancóg an easpaig a mhaígh nach bhfuil Gardasil ach '70% sábháilte'. Bíonn amhras i gcónaí orm faoi% agus rud teibí fearacht sábháilteacht. Sa chás seo, sé an ráiteas cruinn ná go dtugann an vaicsín imdhíonadh iomlán i gcoinne seacht as deich gcinn de na cúiseanna le hailse béal na broinne.
Ar ndóigh, an chúis a spréach daoine faoi chaint an Easpaig ná gur luaigh sé collaíocht agus peaca.
Trí teagmháil collaí a scaiptear HPV. Dáiltear é ar mhná óga sna déaga le bheith cinnte nach bhfuil siad gníomhach go collaí fós.
Cúis imní do roinnt é go mbeifí ag fógairt go bhfuiltear ag súil le mná a bheith gníomhach go collaí go luath tar éis an aois a mholtar é dháileadh. Go mbeifí ag treisiú dá réir ar an mbrú orthu géilleadh dá miangas féin agus miangas na bhfear thart orthu.
Is geall le dogma ag roinnt go bhfuil collaíocht breá folláin agus, má chleachtar 'go sábháilte' é, saor ó iarmhairtí.
Níl sé sin iomlán cruinn, rud a léiríonn an ardú i líon na cásanna de ghalar a scaiptear de bharr teagmháil collaí. Is fíor go maolaíonn coiscín, úsáidte i gceart, baol galar a tholg. Ach déantar meancóga. Agus teipeann ar coiscíní freisin.
Tá gné eile atá níos deacra a thomhas go heolaíoch, mar go bhfuil iompar daonna i gceist - an rud ar a dtugtar 'risk displacement'. Má shíleann daoine go bhfuil cosaint ar phriacail amháin acu rachaidh siad sa fiontar ar bhealaí eile.
Tharraing an Pápa Beinidict raic nuair a dúirt sé nach leor scaipeadh coiscíní le dul i ngleic le SEIF san Afraic. Ach tá an taighde ag an saineolaí Edward C Green ag teacht leis an méid a dúirt sé.
Is modh dlisteanach an priacail a bhaineann le hiompar a maítear a bheith mímhorálta a lua mar a rinne an tEaspag, ach ní cheart braith air.
Tá fís dearfach ag an Eaglais don collaíocht idir fear agus bean, le meas agus grá eatarthu, grá atá oscailte do leanaí a tabhairt ar an saol. Cinnte tá íobairtí i gceist, gá an leithlis a smachtú. Ach is fíor sin faoi mórán gach rud fiúntach.
Teachtaireacht atá ann nach bhfuil glacadh leis go forleathan san saol faoi láthair.
Measaim áfach go raibh an Pápa Pól fáidhiúil nuair a dúirt sé gurb é an toradh ar úsáid frithghiniúint (agus cuimhnigh gur laistigh den pósadh amháin a bhí á phlé aige) ná easpa measa agus leithlis.
Measaim go léiríonn an saol go raibh an ceart aige, agus go bhfuil leithéidí Tinder agus modhanna eile caidreamh fánach a scaipeadh ag cuir le mí shonas agus deacracht caidreamh buan a chruthú.
Tá teachtaireacht dearfach morálta le scaipeadh, ach is ceart é bheith in éineacht le cruinneas eolaíochta. Rachaidh sé níos doimhne, ar ndóigh, mar ní thugann eolaíocht réiteach ar cheisteanna eitice.
Tá gá áfach le hoideachas idir eolaíochta agus morálta. Rud atá deacair agus muid ár dtumadh féin i ngeilleagar na hairde, ag cruinniú croíthe ar Twitter agus ordóga ar straoisleabhair.
Agus sin mo racht fadálach dhuairc go n-uige seo. N'fheadar ar éirigh liom fiú an méid a bhí uaim a rá a chuir go soiléir.
2010-06-09
Machina deus est?
An rud is measa faoin scéal ná moill Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag gníomhú, fiú agus an fadhb aitheanta acu. Sé mhí a thóg sé orthu inneall caoi a chuir ar fáil. Agus fós níl saineolaí ultrafhuaime san ospidéal.
Téann mo chroí amach chuig aon mháthair (agus athair) a bhfuil amhras orthu féin dá bharr seo.
Chaill muid féin beirt sa bhroinn, agus is maith is cuimhin liom an rabharta mothúcháin - cumha, fearg, an mothú go raibh muid ciontach i bhfaillí éigin arbh cúis leis an bás é. Ach is cásanna measartha soiléir ab ea iad, le airíonna eile, sa chaoi is nach raibh sa scanadh ach deimhniú go raibh an tubaiste tarlaithe.
Tarlaíonn botúin, agus níl saoi (ná lia) gan locht. Ach ní ceart breith báis a thabhairt bunaithe ar fáthmheas amháin. Sin leigheas anabaí.
Agus maidir leis an arracht maorlathais láraithe sin, an FSS: a luaithe is a déantar athnuachan ó bhun air is ea is fearr, ag fáil réidh leis an gcliar áireamh pónairí agus mion-bainistíochta, agus ag tabhairt údarás agus freagracht do na daoine ar an líne tosaigh.
Ceist bás agus beatha atá ann.
2009-02-12
Breith ar Bhreith
Braithim go bhfuilimid go mór ar chúl anseo maidir leis an gceist seo. Agus go bhfuil aon dul chun cinn mall pianmhar.
Bhíos i láthair ag breith mo thriúir.
Cé go ndearna muid cúrsa réamhbhreithe i nGeburtshaus - "teach breithe" is san ospidéal a rugadh ár gcéad mac. Séard atá i Geburtshaus ná gnáth teach nó árasán ina mbíonn meitheal mná glúine ag obair. Tugann gach bean díobh réamhchúram don mhathair ar feadh scaithimh roimh don leanbh teacht ar an saol, fanann léi le linn an íona, agus leanann leis an gcúram ina dhiadh.
Taithí iomlán éagsúl a bhí againn san oispidéal (sa Ghearmáin). Cé nach raibh muid ann ach ar feadh beagán thar ocht n-uair an chloid, d'athraigh an fhoireann trí uaire de bharr cúrsaí seala. Bhraith muid gur mar ábhar a chaitheadh linn, ní rabhthas ag caint linn, ní dheachaigh siad i gcomhairle i gceart linn. Buíochas le Dia, bhí gach rud ceart.
Ach don dara luí seoil, is go Geburthaus a chuaigh muid, agus ba taithí i bhfad níos fearr a bhí againn - de bharr go raibh aithne ag mo bhean ar an mbean glúine, agus aici uirthi. Bhí muid i bhfad níos mó ar ár suaimhneas.
Bhí muid abhus don triú páiste, agus mar sin is i Sráid Holles abhí muid. Áit ar rugadh mé féin, dála an scéil. Agus ó tharla muid a bheith píosa beag ó dheas ón limistear ní raibh an seirbhís atá luaite thuas ar fáil. Bhí sé maith go leor, ach d'fheadfadh sé a bheith níos fearr!
Tar éis an tsaoil, is rud thar a bheith nadúrtha é toirchis agus breith, agus i le tréimhse ana bheag atá íol na gcotaí bhána bainteach leis.
Bíonn taithí ag na mná glúine, agus de bharr an aithne a bhíonn acu ar na mná, aithníonn siad aon deacracht go luath - uaireanta nuair nach léir don dochtúir faic a bheith cearr.
Níl an trealamh ar fad de dhíth in a lán cásanna, agus is fearrde muid gan é.
2007-04-19
Tá na Crainn faoi bhláth
Is álainn an radharc iad. Ach táimse scriosta ag fiabhras léana
Is mór an feall é!
2007-02-19
An iad na mná amháin atá freagrach?
Le féachaint ar na fograí, cheapfá gur ceist do mhná amháin atá ann smaoineamh air, agus bheith réidh le coiscín a bhrú anuas ar bhod a bodach.
Meabhraíonn sé scéal dom a chonaic le deanaí san nuachtán, go mbraitheann mná óga faoin dtuath an-bhrú bheith "gníomhach" maidir le collaíocht, ach ag an am chéanna gur deacair dóibh aon rud a dhéanamh maidir le frithghinúint - toisc go bhfuil aithne ag cách orthu, agus go mbeadh meas striapaigh orthu dá rachadh siad isteach sa phoitigéar ar lorg coiscíní nó a léithéid.
Sé an seasamh atá agamsa ná seasamh na hEaglaise CR - gur rud maith an collaíocht, ach gur laistigh den pósadh agus oscailte do leanaí an t-aon fráma cuí dó. Nó, ar a laghad, laistigh de chaidreamh buan, ina bhfuil bean agus fear ag glacadh freagracht dá chéile.
Bhí píosa mhaith ag David Quinn san Irish Catholic mar gheall ar seo an tseachtain seo chaite.
Feictear dom go bhfuil an seanscéal fós fíor - trua agus taise don mhac drabhlásach, ach chun diabhail leis an iníon drabhlásach.
Cén sórt saoirse é sin?