Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label traenacha werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label traenacha werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2023-05-13

Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe, an turas abhaile

Ba sa cheobhrán a d'fhág muid slán leis an árasán in Orléans. Siúl thart ar ceathrú uaire tríd go dtí an stáisiún traenach. Fanacht ansin ar an TER go Páras Austerlitz. Turas métro go Gare du Nord. Fliuch i bPáras freisin. Aghaidh ar chaifé d'fhonn béile blasta deireanach a ithe sa Fhrainc.
Bœuf bourguignon agus Gloine fíona domsa. Pasta agus chocolat froid ag an déagóir. Agus arán.
Níor fhág muid blúire sna miasa. Café gourmand mar mhilseog, agus aghaidh ansin ar an Eurostar. Níor ghlac róbat teorainn na Fraince le pas saoránaigh faoi 18, mar sin bhí orainn dul sa scuaine eile, a bhí ag bogadh go mall. Ar ámharaí an tsaoil, nuair a bhí póilíní na Fraince curtha dínn againn scaoileadh isteach sa scuaine do róbat na Breataine muid. Slándáil ansin. Gan aon fhadhb. Bhí neart ama againn agus gan strus ag baint leis dá réir. 
Turas gan mórán eachtraí go Londain. Bhí oíche le caitheamh i Londain againn. Fionn in Éirinn ag cleachtadh ceoldráma. Óstán, mar sin, gar do Euston. Tube chuig Edgeware Road. Shílfeá ó na comharthaí agus an phobal ar na sráideanna go raibh muid i dtír Arabach! Daoine ag ól tobac as píopaí uisce i gcaifeanna cois sráide. Óstán aimsithe. Níor tháinig sé baileach lena thuairisc... Seomra san íoslach. Dhá leaba íseal. Fuinneog, ar a laghad. 

Na málaí droma a fhágáil ann agus amach arís. Ceoldráma. Blagmhír ar leith dlite do sin. 
Ar ais mall. Isteach sa leaba. Éirí moch. Óstán gan bricfeasta. Tabhairt faoi Euston. Caife Double Six gar dó. (Aimsithe ar Google!) Bricfeasta ceart. Coinneoidh ag dul muid. Ar ais go Euston. Nóiméad imní - Ticket restrictions luaite leis an traen díreach go Caergybi. Mura scaoilfí air muid leis an ticéad sail rail, bheadh an bád seolta. Go dtí an oifig ticéid. Dearbhú go mbeadh an ticéad togha. Faoiseamh. 
Turas gan eachtraí an uair seo. 
Seiceáil isteach, agus ar bhord loinge. Turas ciúin trasna Muir Éireann. I bhfad níos lú ar bord ar lá seachtaine ná mar a bhí ar an Satharn ag dul amach. Pizza don dinnéar. (Níl inmholta! Bog ina lár, ach choinnigh sé ag dul muid). 

Tuirlingt den mbád. Brú ama, toisc fonn a bheith ar an ndéagóir freastal ar rang damhsa um 19:15 i mBré. Mhothaigh an fanacht ar na málaí droma iontach fada. Tháinig faoi dheireadh. Bus isteach sa chathair. A thaisteal i línte nathrach, agus bhí oibreacha bóthair ann freisin. Am á ídiú. Sráid Amiens. Stáisiúin Uí Chonghaile. DART díreach imithe. Fanacht ar an gcéad ceann eile. Bré. Leathuair den rang fágtha. 

Agus ag sin críoch Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe. 

Beidh corr rud eile le blagáil, gan amhras! Turas iontach, neart lón machnaimh cruinnithe. Bia maith ite. Ealaíon agus taibhiú feicthe. 





2023-05-06

Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe - aniar arís.

Go mall oíche Céadaoin fuair mé teachtaireacht ón lóistín a bhí in áirithint in Orléans agam ag iarraidh orm glaoch air. Rinne mé amhlaidh ach chlis ar mo chumas Fraincise agus d'iarr mé air teachtaireacht whatsapp a sheoladh chugham as Béarla. Is amhlaidh go raibh fadhb acu le míola leapa, agus go raibh orthu an lóistín a dhúnadh ar feadh deich lá! Agus ní raibh malairt aige le tairiscint dom. Is cosúil go raibh an créatúir é féin thar lear agus é deacair aige rudaí a reáchtáil. Bhí amhras orm go n-aimseoinn lóistín ó tharla Féile ar bun in Orléans (an chúis go rabhamar ag dul ann sa chéad áit). Ach buíochas le Dia d'aimsigh mé áit ar Booking.com ar mórán an chostas céanna, cé go raibh sé pas beag níos lú.

De bharr go ndearna mé meancóg an chéad lá ag cuir traenacha in áirithint go dtí an stáisiún mícheart i dtosach, agus ansin gan a bheith in ann ceann acu a athrú, bhí an turas aniar níos casta ná ba ghá. 

Thug ar n-óstach go stáisiún Lannion muid ar a bhealach chun na hoibre. Bhíomar breá luath, agus deis againn ceapaire an duine don turas a cheannach i mboulangerie. (Arán úr na Fraince, deirim leat!). Turas gairid ansin - ceathrú uaire nó mar sin - ar TER go dtí Plouaret Tregor. Deich nóiméad eile ar TGV go Guingamp. TGV a bhí ag dul go Páras, dá mbeadh an ticéad cuí againn....

Bhí fanacht dhá uaire orainn i Guingamp ar an TGV a bhí in áirithint agam. Ar ámharaí an tsaoil bhí café transa ón stáisiún. Ghiorraigh caife agus cidre (i cupán!) an fanacht. Seacláid te agus tae glas i gcás an déagóra. 

TGV "saor" (nach raibh mórán níos saoire) ó Guingamp go Páras Montparnasse. Lán le leanaí - tráth saoire atá ann i gcodanna den Fhrainc. Montparnasse plódaithe dá réir. Chinn an déagóir gurb fhearr leo dul díreach ar aghaidh go hOrléans seachas aon turasóireacht a dhéanamh i bPáras.

Ar aghaidh linn dá réir go dtí Austerlitz. Chlis orainn foinse uachtar reoite a aimsiú. Ach d'aimsigh an déagóir onigiri agus bhí sásta.

Bhí an traein go Orléans plódaithe go maith, ach d'éirigh linn suíocháin ar aghaidh a chéile a aimsiú. Uair an chloig a thóg sé orainn go Orléans. Ceathrú uaire siúl go dtí an lóistín, i lár na sean cathrach. 

Chuamar ag lorg uachtar reoite ach a d'fhág muid na málaí san árasán aon seomra. D'aimsigh muid béile! (Agus pastis).

Bhíomar spíonta go maith mar sin d'fhill muid ar an lóistín i ndiaidh an mbéile.

2007-11-16

Anois teacht an Fhómhair, bíonn na rothaí ag sciorradh

An tráth seo den bhliain, bíonn fógraí ag Iarnród Éireann ag cuir an milleáin ar duilleoga ag titim ar na ráillí as iad a bheith go hiondúil mall. (Ní bhacann siad le leithscéalta an chuid eile den bhliain, seachas "Cúiseanna Teicniúla" nó "Deacrachtaí Oibriúcháin").

Mar a tharlaíonn sé, tá an scéal airithe seo fíor.

Roth miotail ar ráille miotail ata i gceist le hiarnród. Tá teorann leis an fórsa ar féidir é a aistriú tríd an chomhéadan seo. Laghdaítear an teorann seo má bhíonn salachar éigin ar na ráillí. "Greamaitheacht" an téarma theicniúil a bhaintear feidhm as san réimse seo. Disciplín ann féin atá i "Rialú Greamaitheachta", agus gnéithe den ealaíon dubh ag baint leis!

Nuair atá an traein ag géarú luais, má thiteann an greamaitheacht, sciorrfaidh an roth, sé sin, beidh an roth ag casadh ró thapaigh i gcoibhneas leis an luas atá ag an traein. A mhalairt a tharlaíonn nuair atá na coscáin i bhfeidhm. Stopann na rothaí. Is féidir damáiste a dhéanamh don roth dá bharr.

Chun an greamaitheacht a rialú, caithfear an sciorradh nó bacadh a aithint agus é ag tosú. Nuair atá acastóir gan a bheith tiomáinte san carr traenach, níl deacracht ar bith - is féidir luas na rothaí ar acastóir tiomáinte a chuir i gcoibhneas leis na rothaí ar acastóir saor. Ach i traenacha áitiúla, leithéidí an DART, bíonn gach acastóir tiomáinte.

Mar sin, is gnách samhail de acastóir saor a ríomhadh, ag braith ar na fórsaí atá á ghineadh ag na hinneall agus eolas faoi mais na traenach ag cuir san áireamh na mais rothlacha, agus gan amhras mais na bpaisinéirí, a dtig leo trian a chuir le meáchan an chairr.

Ansin, déantar iarracht an fórsa a rialú chun a bheith díreach faoi bhun an leibhéal a spreagfaidh sciorradh.

Tá rudaí eile le cur san áireamh freisin, áfach: uaireanta cabhraíonn méid áirithe sciorradh san acastóir tosaigh chun na ráillí a ghlanadh, agus feabhas a chuir ar an ngreamaitheacht don gcuid eile den traein.

Mar a deirim, ealaíon dubh a bhíonn i gceist uaireanta le córas dá leithéid a choimisiúnú; go hairithe toisc go bhfuil sé deacair na cúinsí greamaitheachta a bhíonn i gceist a chruthú ar an ráille profa.

Bíonn deacrachtaí faoi léith againn le líne traenach amháin i mBeirlín, áit ar tháinig an traein amach as tolláin agus isteach i clais. Bhí crainn poibleoga ag fás fán gclais. Mheasc pailin na gcrann le sioc agus fearthainn san earrach chun cumasc thar a bheith sleamhain a chruthú, agus bhí athrú tobann agus tubaisteach ar an ngreamaitheacht nuair a tháinig an traein as an tollán.

Rinne muid iarracht na cúinsí céanna a chruthú le gréisc. Is cuimhin liom ócáid amháin ar an líne profa agus dalladh gréisc ar na ráillí. Theip ar an gcóras rialaithe leictreach san traein. I gcás mar sin, tagann an córas coscáin aeroibrithe i bhfeidhm. Ach theip ar an rialú greamaitheachta dó sin freisin. Sciorr muid ar rothaí bactha - agus tháinig chun stop ar deiridh orlaigh ón maolán. Deirimse leat go raibh muid ag cuir allais...