Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label turais werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label turais werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2026-04-05

Dá mba andúileach í Mimi...

Fionn s'againne san Eilvéis an Earrach seo, páirteach sa cheoldráma La Bohème. Tá sé i bpáirt Colline, an fealsamh. Rud a thugann aria dó, ag fágáil slán lena chóta nuair a thugann sé go dtí an geallbhróicéir é, in iarracht fánach dochtúir a fháil do Mimi agus í ar leaba an bháis. Éireannach eile, Amy Ní Fhearraigh atá i bpáirt Mimi.


Thaisteal muid chuig Schaffhausen na hEilvéise chun léiriú a fheiceáil san Stadttheater ansiúd. 

Cé go bhfuil an ceol agus an libretto gan athrú, tá an feisteas agus stáitsiú tugtha suas chun dáta. Cineál fothrach leath thógtha mar chúlra don aicsin. 

Chomh maith leis na hamhránaithe aonair bhí cór mór fásta agus cór leanaí. Tar éis an tsosa leathbhealaigh scaoileadh na daoine óga abhaile. 

Seachas eitinn a bheith ar Mimi, tá sí i ngleic le handúil drugaí. Rud a chothaíonn an teannas céanna idir í agus Rudolfo (Giuseppe Infantino). Mimi ag tosú amach mar mealltóir séimh cúthaileach, go bean trína chéile nuair a fhágann Rudolfo í mar ó dheá go bhfuil sé suaite ag éad nuair is fírinne an scéil nach féidir leis aghaidh a thabhairt ar an mbás a chíonn sé a bheith i ndán do Mimi (agus a bhfuil sise dall air). Bhí réalaíochas críoch Mimi scanrúil, éifeacht an ró dháileadh á ciapadh agus á suaitheadh, go sleamhnaíonn sí tríd suain go bás - i ngan fhios do Rudolfo. 

Scéal grá is achrann comhthreomhar idir Marcello (Jungrae Noah Kim) agus Musetta (Tania Lorenzo Castro). Musetta téisiúil teann trodach. Sa chaoi go dtéann a hathrú chuig aithríoch agus Mimi ar leaba an bháis i bhfeidhm ar an lucht féachana. 

Ainneoin troime an ábhair, bhí an léiriú lán de ghreann físiúil. Rud a chuir béim ar an sollúntacht agus Mimi ag bású. 

Bhí Konstantin Nazlamov i bpáirt dúbailte na tiarnaí talún iontach greannmhar, bróga reatha lonrach buí air. É ina spaga teann seal ag Musetta. 

Bhain mé sult as an iomlán (cé nach duine mé a bhíonn tógtha de ghnáth le uasdátú dá leithéid). 

Tá deis go Bealtaine an Opera a fheiceáil, iad ar chamchuairt na hEilvéise. 

2025-09-07

Nua ar aonghus.eu - Deiseal um an Bhreatain

 Cuntas ar thuras chun Dùn Phàrlain, Dún Éideann,  Í, Londain ar busanna, báid agus traenacha. 

2024-05-09

Cuimhnigh ar Dhoire!


Ag an deireadh seachtaine thug mé cuairt ar chomhghleacaí le mo nuachar. Tá costas cíosa tar éis é a dhíbirt chomh fada le hInis Eoghain. Bhain timpiste dó agus ní féidir leis staighrí a dhreapadh ró mhaith. D'aimsigh sé tigín ar chostas réasúnta ar an Doire Mheathán, áit a bhfuil ionad ag dream creidimh. Bhí roinnt tithe saoire acu ar a dtailte, ach tá siad sin anois ligthe ar thréimhsí fada. 

Tá Doire Mheathán buailte ar an dteorann, agus Cathair Dhoire deich nóiméad gluaisteáin ar siúl, anois agus an teorainn oscailte. 

Ba go Doire a chuaigh mé dá réir. Ar bhus X4 ó bhusáras, um a seacht maidin Sathairn. Bhí an oíche roimh ré caite agam tí m'athair. 

Cé go ndeachaigh mé trí Dhoire cúpla uair cheana, ní raibh aon am caite agam ann. Thapaigh mé an deis, tar éis do Sven mo mhála droma a ghlacadh uaim dul ag fánaíocht thart. Na ballaí i dtosach. 
Is cuid de mhiotas bunaidh "Ná géill" dílseoirí an tuaiscirt léigear teipthe Dhoire i gCogadh an dá Rí. Meabhrú buan ar sin na ballaí, ar féidir timpeall lár an bhaile a dhéanamh orthu fós. Tá athchóiriú déanta ar na geataí chun gur féidir le trácht comhaimseartha dul tríd - rud a fhágann an siúlóid géar go maith in áiteanna. 
Chomh maith leis na ballaí féin, tá roinnt foirgneamh stairiúla a thug mé suntas dóibh. 
Céad scoil Dhoire atá anois ina ionad ealaíona. Níl mé cinnte an raibh na hinscríbhinn i gcónaí ann, nó a mbaineann siad leis an ionad ealaíona. 

Glacaim leis go raibh an Tor ar lasadh, suaitheantas eaglais Preispitéireach na hÉireann ann ó thús. 

Ach is spéisiúil an nath triarach 
MAKER
MAKAR
Ο ΠΟΙΗΤΗΣ

File mar dhéantóir. 
Rinne mé timpeall an bhaile ar an mballa agus thug aghaidh ar Thaobh an Bhogaigh ansin. Ó tharla gur thosaigh mé mo thimpeall ag Ard eaglais Eaglais na hÉireann bhí an balla le trasnú agam. Mheall geata isteach mé i ngairdín ealaíne beag ciúin. 
Bhain mé amach Cearnóg Dhoire shaoir. 
Thug mé suntas don ealaíon. Go háirithe do leagan Robert Ballagh de phictiúir Goya. (Bhí leagan déanta de phíosaí adhmaid ag mo mhamó). 
Is cloch mhíle léanmhar i stair na hÉireann Domhnach na Fola. Thug mé cuairt ar Iarsmalann Dhoire shaoir. Bhí sé tochtmhar na rudaí nithiúla a bhain leis an stair a bhí ar eolas agam a fheiceáil. 

Ciarsúr Edward Daly. Casóga réabtha ag piléir. Fógraí agus forógraí. 

Tá súil agam go bhfuil a leithéid sa stair. Go mbeidh rath ar an athmhuintearas.