Bhí mé i bpluais na cúise le déanaí toisc go raibh mo mhac agus cara leis ag seinm ann. Bhí an áit thar a bheith ciúin, ní raibh istigh ach mé féin agus ciorcal cainte foghlaimeoirí.
Thug siad cuireadh dom suí leo, agus rinne mé amhlaidh.
Ní múinteoir mé, níl an scil agam, agus ní bhíonn fonn orm Béarla a labhairt san áit a raibh súil agam a bheith ag labhairt Gaeilge. Tá's ag Dia go mbíonn na deiseanna í labhairt sách tearc ag mo leithéidí atá scoite amach ó chainteoirí eile. An nós atá agam ná iarracht a dhéanamh an méid a dúirt mé a rá arís, i bhfocail eile. Níl fhios agam an cur chuige inmholta atá ansin go teagascach. Tuigim gur fusa ag go leor an rud a rá as Béarla ach feictear dom go bpolltar an comhrá ag an bpointe sin.
Bhí duine ann ag rá gur mheas sé nach raibh fáilte roimh a leithéidí ag ócáidí shóisialta as Gaeilge, nach raibh cainteoirí líofa sásta a gcomhrá a chuir in oiriúint dá chumas.
Is cinnte gur fíor dó. Ní minic go dtagann daoine nach bhfuil iomlán líofa an dara uair chuig an Ciorcal Díospóireachta, abair. Ní hé go gcuirtear ó dhoras d'aon uaim iad, ach is chun comhrá bhríomhar a bheith againn atá muid cruinnithe.
Rinne mé iarracht míniú dhó go bhfuil riachtanais ag cainteoirí líofa freisin, gur mian linn pléisiúr a bhaint as deá chomhluadar agus deisbhéal.
B'é a mhaíomh go mba cheart dúinn bheith ag spreagadh a leithéidí ar mhaithe leis an dteanga.
Is dócha gur fíor dó go pointe. Mar sin féin ní dóigh liom gur féidir dualgas teagascóra a leagan ar gach duine a bhfuil Gaeilge ón gcliabhán.
Tá cuid mhór againn gann ar an bhfoighne agus an t-eolas riachtanach chuige cibé. Fiú má tá ar cuid gramadaí cruinn (rud nach fíor fúmsa faraor) ní minic go bhfuil an cruinneas céanna comhfhiosach.
Ceist sách casta iompar teanga.
Éilíonn dul chun cinn foighne, ó thaobh an chainteora líofa, ach freisin ó thaobh an fhoghlaimeora.
Agus sin mo racht.
2016-10-25
Dlíonn foghlaimeoir foighne
2016-10-24
Ridire an ghaiscidh
Ar foghlaimeoirí fásta atá an an leabhar seo dírithe dar leis an réamhrá. Foláireamh mar sin nach oide mise. Agus cé go bhfuilim síoraí ag foghlaim, tá go leor taithí léitheoireachta Gaeilge agam. Mar sin féin, ó chuir Cló Iar Chonnacht an leabhar faoi mo bhráid, déanfaidh mé iarracht é a mheas do na léitheoirí ar a bhfuil sé dírithe.
Maíonn Caitríona Hastings san réamhrá gur sás foghlama ab ea na scéalta béaloidis riamh anall, gaois an chine, teanga agus nósmhaireacht á iompar iontu ó ghlúin go glúin.
Tá eolas domhain agus leathan aici féin ar an mbéaloideas, rud a chuir sí chun tairbhe léitheoirí óga roimhe seo sna leabhair léaráithe a d'fhoilsigh An tSnáthaid Mhór.
Buan tréith de scéal a bhíonn á aithris ós ard is ea na ruthaig, sleachta a chuireann le rithim an scéil agus a mbíonn foirmle agus athrá i gceist iontu. Tá sé luaite aici san réamhrá go measann sí iad seo ach go háirithe a bheith ag fónamh don bhfoghlaimeoir. Tá úsáid éifeachtach bainte aici as na sleachta seo, le casadh beag anois is arís le aird an léitheora a phriocadh.
Is éard atá anseo ná sintéis an scéil ársa faoi mhac rí a oiltear ar leithligh ag ban gaiscíoch agus ar gá do a ionad san saol a bhaint amach tríd gníomhartha gaile. Ar ndóigh bíonn bé álainn a tharrthálann sé ó arrachtach mar luach saothair aige.
Tá go leor scéalta den seánra curtha le chéile anseo, rud a chuidíonn leis an athrá maille athrú atá le bheith ina chuidiú don bhfoghlaimeoir. Measaim go bhfuil an scéim éifeachtach.
Ní insint iomlán traidisiúnta atá i gceist- scaití caitheann an údar amhras ar na gnása, agus tá éadroime agus greann ag baint leis an áibhéil.
Bheinn amhrasach maidir leis an úsáid a bheadh i gcuid den bhfoclóir san lá atá inniu ann, ach is cinnte go bhfuil go leor múnlaí gramadaí san reacaireacht a rachaidh an léitheoir i dtaithí orthu mar thoradh ar an athrá.
Tá foclóir ag deireadh an saothair, ach seachnaítear fonótaí, rud atá inmholta measaim - ní bhainfear aird an léitheora ón scéal.
Bhain mé taitneamh as an leabhar mar léitheoir mé féin, cé gur mheas mé go ndeachaigh sé chun fadálachta beagán de bharr eachtraí a bhí ana chosúil le chéile. Ach fónann sin don aidhm teagascach.
2016-10-21
Dia linn um fáir
Tá an sagart i'm séipéal áitiúil cnagaosta, oilte sa ré ina raibh Laidin in uachtar. Deireann sé aifreann de réir an ord urghnách mórán gach Satharn, aifreann Laidine móide léachtaí as Béarla. Aifreann 'íseal' beagnach i gcónaí, i. gan cantaireacht.
Éistim féin an t-aifreann seo go measartha rialta.
Cuirtear síos ar go minic mar an sagart ag rá aifreann 'lena chúl leis na daoine' de bhrí go mbíonn a aghaidh leis an altóir ar feadh mórchuid den deasghnáth. Deirtear go leor de na paidreacha i nglór íseal freisin. (Chuala uair éigin gur micreafóin a thug an chaidhp báis don nós san, go raibh sé dofhulaingthe ag an pobal gan gach rud a chlos).
Mar a tharlaíonn, thiar seachas thoir atá an altóir san séipéal, mar sin cailltear cuid den siombalachas den Ad Orientem - ag féachaint i dtreo na fáire agus Críost ag aiséirí. Mo thuairim anois bunaithe ar mo thaithí ná go bhfuil sé níos soiléire san deasghnáth urghnách go bhfuil an sagart ag fónamh dá phobal agus do Dhia, go bhfuil an sagart agus an pobal ag guí le chéile.
Tá gnéithe eile a threisíonn an tuairim sin, paidreacha a leagann béim ar umhlaíocht agus fónamh an sagart.
Mar shampla, ag tús an Aifrinn deir an ceiliúraí an faoistin choiteann - an confiteor - é féin, agus is an freastalaí agus an pobal a iarrann maithiúnas ó Dhia dó; ansin deir an pobal an paidir céanna.
Tá sé suntasach go mbaineann go leor de na paidreacha a deirtear ós ard, le poncúlacht a chuir leis an deasghnáth, le umhlaíocht agus fónamh an sagairt.
Feictear dom go bhfuil ról an sagairt níos ceannasaí san ord ghnách Aifreann, ag braith ar ndóigh ar an sagart.
Tá gnéithe eile ar maith liom, sollúntacht na Laidine; an athrá i gcodanna áirithe; tús soiscéal Eoin mar dara soiscéal.
Is maith liom freisin na paidreacha achainí agus buíochas a deirtear mar phobal le chéile ag deireadh an Aifrinn.
Bíonn éide Aifreann dubh á chaitheamh ag an sagart in aifreann cuimhneachán na mairbh- nós atá ceadaithe ach imithe i léig thairis sin.
Deasghnáth is ea an aifreann, agus is maith roinnt mistéir agus sollúntacht a bheith bainteach leis.
2016-10-18
Canathaobh nach dtagann Saintí isteach an doras?
Ceist mós meabhrach, a chuir a iníon ar Daithí de Mórdha. Is cuimhin liom duine éigin a rá go raibh ról ag an bhfear céanna i saol an pháiste - ag múineadh an cheacht riachtanach, nach iomlán na fírinne a insíonn a dtuismitheoirí i gcónaí.
Teach ilchultúrtha s'againne, tá cúpla scéal. Líonann San Nioclás na bróga le féiríní ar a lá fhéile, 6ú Nollaig. Bíonn bronntanais cois teallaigh, i stocaí ar leith, Lá Nollag. Is ar féile na foilsithe fágann Caspar, Balthasar is Melchior féiríní cois beithilín don líon tí.
Tá na scéalta faoi San Nioclás fréamhaithe i naomhsheanchas San Nioclás Myra a luaitear le tarrtháil iníonacha ceannaí ó striapachas tré spré a chuir ar fáil in am an ghátair. Tá scéalta eile faoi mar cosantóir leanaí agus faoina fhéile. Ar ndóigh, tá tréithe eile i Santí na linne seo, a fuineadh as corcán na gcultúr i Meiriceá, Seán Séamus Seaca na Rúise, abair.
Mairimid i ré a deir ós ard nach bhfuil d'fhirinne ann ach fírinne inphrofa na heolaíochta nádúrtha, atá ar fáil do na céadfaí. Ós íseal áfach géilltear don teoiric chomhcheilge, don bpisreog is don ráfla.
Dúshlán ar leith atá ansin don creidmheach, a bhfuil an parabal is an fabhalscéal tábhachtach i seachadadh an fhírinne dó. A ghéilleann do fhreagra Íosa ar cheist Phíolóid fé cad is fírinne ann:
“Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha."
Eoin 14:6
Bhain Íosa úsáid éifeachtach as parabail, ag maíomh go mba ghá don té a bhfuil cluasa air éisteacht. Ar ndóigh, sé foirceadal na hEaglaise Caitlicí gur faoi tinfeadh Dé a scríobhadh na Scrioptúir. Ní hionann sin is gur lámhleabhar eolaíochta atá le léamh go litriúil atá ann. Mar a dúirt Bellarmine le Galileo, múineann scrioptúir dúinn conas dul chun na flaithis seachas conas mar a bhíonn na flaithis ag dul.
Leabharlann ina bhfuil filíocht, stair, gaois, aoir agus teagasc atá sa Bhíobla. Is ann atá fotha an naomhsheanchais; is taca don traidisiún atá ann. Ach is gá é a scagadh agus a thuiscint.
Maíonn Terry Pratchett gur Pan Narrans - ápa inste scéil - an duine dáiríre. Creidim go bhfuil a mhéir leagtha aige ar rud thar a bheith tábhachtach. Is tríd scéalta a insint a fhaigheann muid tuiscint agus smacht ar an saol. Ach is gá gan eithne na fírinne a chuir trína chéile le blaosc fileata an scéil.
Focal ana úsáideach dá réir 'canathaobh', agus tá freagra ionraic dlite do cheist páiste nó duine fásta. Tharlódh go minic gur 'N'fheadar' an freagra cuí!
Tosach feasa foghlaim, ach fotha gaoise umhlaíocht.
Beatha Dhónaill Dhuibh
Tá Séamus Barra feicthe agus cloiste agam, ag Reic agus ar físeáin. Meas file taibhe a bhí agam air, reacaire rapúil rithimiúil. Nuair a chuala go raibh cnuasach i gcló aige, bhí amhras áirithe orm conas mar a sheasadh a ealaíon ar an leathanach lom, gan tionlacan a ghutha ná buillí ceoil.
Tháinig Cló Iar Chonnacht roimh m'amhras áfach agus bhronn cóip léirmheasa orm.
Baineann b'fhéidir dhá dtrian den leabhar le scéalta Dhónaill Dhuibh. Is deacair lámh a leagan ar Dhónaill - cé hé? Scaití is taobh dhorcha, alter ego an file é. Scaití eile fear gaoil scothaosta a chuaigh i bhfeidhm air, nó duine dá sinsir ón mbéaloideas teaghlaigh. Nó an galar dubhach. Nó a bhé. Nó...
'Ó ní
nach ionadh
a bhuachaill
tá a Dónall féin
ag gach aon chlann... '
(Cistin i mBaile an Sceilg)
Tá m'fhichidí drabhlásacha i bhfad siar is níor caith mé riamh rud níba crua ná fuisce. Agus buíochas le Dia níos bhlaiseas riamh níos mó ná lán béil dubhróin - chuaigh cailís nimhe an lionn dubh tharam gan blaiseadh. Ní mhaífinn go bhfuilim saor ón drúis ach tá imdhíonadh sa chiontacht Caitliceach ar go leor dá iarmhairtí!
Tá fiántas drabhlásach na hóige uirbeach sna dánta seo, ardán agus ísleáin saol fuinniúil. Agóid síoraí an óige i gcoinne an status quo. Juvenalia sciar dá bhfuil ann gan amhras, ach tiocfaidh an móramh slán agus beidh le léamh amach anseo i Rogha Dánta Shéamuis Barra.
Dánta uirbeacha, nó an dánta ógánaigh atá ag fánaíocht idir cathair, tuath agus bruachbhailte atá anseo. Bheith istigh ag an lucht siúil iontu freisin. Foiréigneach, macnasach, drabhlásach, fonóideach, feargach.
Ach ní liathuisce uirbeach atá san teanga ann ach caint bheo Uíbh Ráitheach. Caint atá saibhrithe ag sár eolas ar litríocht na Gaeilge. D'aithin mé féin macallaí as saothair eile thall is abhus - táim measartha cinnte go bhfuil breis ann a aimseoidh na léitheoirí oilte géarshúileacha.
Tá dhá rannóg eile sa leabhar -
Loitríocht - dánta fada ar aon dul cuid mór le scéalta Dhónaill Dhuibh, agus a ndúchas stáitse le aithint i gcló agus caint cuid acu. Agus Gunsaku Tuathail, dánta trí líne áiseacha. (Níor áirigh mé na siollaí, ach ní dóigh liom gur haiku atá i gceist). Téamaí gaolmhara á gcíoradh iontu.
Clocha is ea na dánta so
á gcur i lámhaibh
léitheora
is fútsa
a dhéanamh amach
cá luífidh amas
a dteilgthe
(Clocha)
Tá an léitheoir seo sásta go maith go dtáinig Cló Iar Chonnacht aniar aduaidh air. Ach sílim gur dá chomhaoisigh féin is fearr a feileann na dánta seo, go dtugann sé guth dóibh. Lucht Reic? Bímid ag caint ar Fhilí INNTI. Measaim go mbeidh caint amach anseo ar filí Reic. Agus beidh Séamus Barra ag a gceann.
2016-10-17
Ní lia dlíodóir, aguisín
Argóint a déantar go minic ar son an chosc ar ginmhilleadh a aisghairm ná go bhfuil sé ag tarlú cibé. Go háirithe anois agus piollaí ginmhillte ar fáil.
Ní ghéillim do sin. Ní tomhais ar ceart nó mícheart ruda an líon daoine a déanann é.
Ach tá rud amháin ar mithid aghaidh a thabhairt air. Bhí clinicí áirid ag comhairliú do mhná bréaga a insint dá dochtúirí, rá leo go raibh breith anabaí nádúrtha acu. Comhairle baolach, mífhreagrach atá ansin. Cé go maítear na piollaí seo a bheith slán, níl aon leigheas nach bhféadadh iarmhairtí gan choinne a bheith aige, go minic tar éis blianta. Tá sé tábhachtach go mbeadh eolas cruinn ag lia chun fáthmheas ceart a dhéanamh.
An t-imní atá ar na mná ná go sceithfí orthu agus go mbeadh iarmhairtí dlí dóibh.
Creidim go mba cheart go mbeadh macasamhail séala na faoistine i gceist le dochtúir i gcás mar é; go mbeadh dualgas gan aon eolas a nochtadh seachas dá mbeadh sé práinneach ar mhaithe le sláinte na mnaoi.
B'fhiú machnamh ar modh éigin tuairiscithe anaithnid chun sonraí faoi méid na húsáide a mheas. Ach go háirithe cionn is go m'bhféidir go mbeidh iarmhairtí sláinte amach anseo.
Tuigtear anois nasc a bheith idir an piolla frithghiniúna agus an galar dubhach- agus manglam eile hormóin atá i gceist leis na piollaí ginmhillte.
Arís seo cás arbh fhearr i lámha lucht leighis ná lucht dlí.
Ní lia dlíodóir
Airteagal 40.3.3 an cnámh spairne:
Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é.
Soiléir go leor, shilfeá. Ach de bharr meatacht rialtais le triocha bliain anuas, ní raibh go dtí 2013 aon reachtaíocht dearfach. Tá an píosa reachtaíochta sin féin amscaí, brúite le deifir tríd an oireachtas. Fágann sin gur i lámha na cúirteanna agus dlíodóirí a bhí an cheist. Is iontach na castachtaí ar féidir le dlíodóir baint as nath simplí fearacht 'sa mhéid gur féidir é'. Ní mór a rá freisin gurbh iad na cásanna is castaí agus is truamhéalaí a thagann ós comhair na cúirteanna.
Maíonn roinnt cnáimhseoirí go bhfuil an cosaint ar an mbeo gan breith ina chosc ar deá chleachtas leigheas. Tá frídín amhrais orm. Ní hamháin go bhfuil na dochtúir céanna chun tosaigh ag éileamh eascú ar ghinmhilleadh, ach is iad freisin a bhíonn ag iarraidh neamhspleáchas mná glúine a mhúchadh, agus a bhíonn ag maíomh as a 'mbainistíocht gníomhach ar luí seoil' a chuireann an máthair agus leanbh faoi chúng clár ama agus oibre monarchanúil an oispidéal, seachas a ceann a ligeann leis an nádúr, mar ba cheart i mórchuid na cásanna.
Luaitear tragóid Savita mar fhianaise don dearcadh seo. Tá an tuiscint seo bunaithe ar nath fánach le banaltra a dúirt gurbh tír caitliceach í seo. Léirigh trí iniúchadh áfach gur faillí lucht leighis, a scaoil ocht deis gníomhú tharstu, ba cúis lena bás. Más rud é go raibh siad srianta ag an dlí, ba dheacair tuiscint cad chuige go dtáinig FSS ar shocrú lena nuachar. Mura raibh faic mícheart déanta acu faoin dlí, ní bheadh cúis le freagairt acu.
Mar sin féin ní cheart a leithéidí seo a bheith i lámha dlíodóirí seachas dochtúirí.
Fágann córas achrannach an dlí coiteann go mbíonn brú ar dhochtúirí a gcuid botúin a cheilt- a shéanadh fiú- agus a bheith iontach cúramach má tá aon amhras ann. Daoine is ea dochtúirí, ag obair faoi ardbhrú ag teorainn bás agus beatha. Neacha iontach casta othair, agus níl cinnteacht ann maidir le cén éifeacht a bheadh ag íocshláinte.
Tá gá, ar mhaithe linn ar fad, le córas dlí a thugann cosaint do dhochtúir coinsiasach. A thugann spreagadh botúin a admháil go luath, chun go mbeadh deis na hiarmhairtí a mhaolú agus chun foghlaim agus cleachtais a leasú dá réir. Is gá gan amhras dochtúirí bradacha a aithint, ach níl barántas sa chóras reatha go ndéanfar amhlaidh.
Mar chuid de sin tá gá le córas a chuidíonn leo siúd atá thíos le míthapa leigheas- chun plé leis na hiarmhairtí nuair a fhágtar duine faoi míchumas, agus chun tuiscint a thabhairt do theaghlaigh faoi bhrón. Ní ceart go mbeadh ar a leithéidí achrann is costas cás cúirte a tharraingt orthu féin agus iad cheana féin buailte is brónach.
Sin leasú a bheadh mé in ann lán tacaíocht ó chroí a thabhairt dó.
2016-10-13
Na réamhdhaoine
Roinnt blianta ó shin bhí mé gafa le scríbhneoireacht Phillip K Dick. Samhlaíocht sách dhorcha atá aige, faoi anáil an chogaidh fhuar. Buanchogaidh síoraí ábhar cuid mhór dá scéalta; sciar mór eile ag plé leis an gcogadh ar dhrugaí. Scagadh ar leith déanta aige ar dhaoine saorga, as ar eascair an scannán Blade Runner. (Ar ghearrscéal dá chuid atá an scannán Total Recall bunaithe freisin).
Tá scéal ar leith dá chuid tráthúil. I 'The Prepersons' samhlaíonn sé domhain nach nglactar le daonnacht linbh go dtí go mbíonn smacht aige ar ailgéabar. Bíonn ar leanaí roimh an aois sin teastas inmhianaithe óna dtuismitheoirí a bheith acu de shíor chun iad a choinneáil slán ó na maoir a bhíonn ag lorg leanaí nach bhfuil de dhíth ar a muintir níos mó, le fáil réidh leo trí plúchadh i monarcha.
Cíoradh spéisiúil ar an gceist eitice, cad is duine ann. Ní haon rún mo sheasamh, ar ndóigh. Tá duine ann ón dtuisme dar liom, agus tá sé baolach daonnacht neach a bheith spleách ar mhianta daoine eile. Ní cheart bás nádúrtha duine a bhrostú, ná ní ceart fad saoil saorga a bhrú ar dhuine. Aithním gur cás ar leith an leanbh sa bhroinn agus gur minic cásanna casta le réiteach ag lucht leighis, cásanna nach aon chabhair ladar aos dlí bheith iontu. Ach seasaim leis na prionsabal mar threoir.
Tá gné amháin de scéal Dick a bhfuil col agam leis. Tá mná imeallaithe ina scéal. Na mná atá ann tá siad aontoiseach leithleasach cruálach gránna.
Ainneoin an chaint ar fad fé rogha na mban feictear dom gur faoi bhrú óna gcomhluadar - muintir, oidí, fostóirí a shamhlaítear do mhná nach bhfuil de rogha acu ach fáil réidh leis an 'bhfadhb'. Ar ndóigh bíonn fear i gceist i gcónaí le coimpeart. Is minic áfach gur fir foinse an bhrú ar mná an 'fhadhb' a réiteach, iarracht a dhéanamh an clog a chasadh siar.
Ní sin an ghné atá i dtreis i scéal Dick. Fuaireas fuascailt na ceiste ar na mallaibh. Is cosúil gur scríobh sé an scéal faoi anáil colscaradh achrannach lena bhean, tréimhse ina ndearna sí ginmhilleadh ar a leanbh. A fraoch léi siúd a chuir ainriocht ar na mná sa scéal.
2016-10-12
B'ait leo bean
Bhí plé againn arís eile ar Twitter fé easpa aitheantais do scríbhneoirí ban. An splanc a d'adhain an plé an bhabhta seo ná an iarracht roinnt blianta ó shin canóin na húrscéalta Gaeilge a leagann síos. Fiche leabhar a moladh, measaim, agus bhí comhdháil a scag na moltaí. Ní raibh mé i láthair, agus níl fhios agam cén plé a bhí ann. Bhí lámh ag Brian Ó Conchubhair sa chomhdháil agus luaigh sé gur díríodh go sonrach ar easpa mná.
Ní ceist nua atá ann, ar ndóigh. Foilsíodh leabhar roinnt blianta siar bunaithe ar chomhdháil- 'Leath na Spéire' an teideal. (Rinne mé iarracht é léamh, ach dáiríre is beag adhmaid a bhainim as critic is teoiric). Scríobh Máirín Nic Eoin saothar údarásach 'B'ait leo bean'.
Tá piseog láidir, nath cainte, sa Ghaeltacht, nach gabhann filíocht thar bean. i. Go dtagann deireadh le bua na filíochta i teaghlach má bhíonn banfhile orthu. Maítear gurb sin a tharla i gcás Muintir Laoghaire Mhúscraí tar éis Máire Bhuí. N'fheadar an eascraíonn an geis seo as féinchosaint céimleathas aos dána anallód? Formad gairmiúil? An cineál ruda a spreag dán míchlúiteach an Ríordánaigh, gur filíocht seachas file í an bhean?
Fathach d'file mná a spreag an formad sin, is cosúil- Máire Mhac an tSaoi. Feictear dom go bhfuil sliocht filí aici féin agus ag leithéidí Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson anois, go bhfuil guthanna láidre baineann le clos, chun cinn fiú, i lucht éigse na linne seo.
Níl an tréith chomh soiléir céanna i measc na gearrscéalaithe, ach tá mná ag scríobh prós den scoth.
Ainneoin gur líon Alan Titley leabhar mór téagartha agus é ag trácht ar an úrscéal Gaeilge, bíonn sé deacair teacht ar na húrscéalta céanna. Ní hansa. Tá am agus dua i gceist le húrscéal. Ní heol dom go bhfuil aon scríbhneoir lán aimseartha Gaeilge ann, seachas Liam Mac Cóil, a bhfuil nuachar tacaíoch tuisceanach aige. Agus tá seisean é féin taobh le ceardlanna agus léachtaí leis na pingneacha a shaothrú.
De bharr a dheacracht is teacht ar úrscéalta nó fiú scéal scéil orthu, tharlódh go bhfuil bearnaí móra i'm eolas. Ach níl eolas agam ar aon úrscéalaí mná ón fichiú aois ach Siobhán Ní Suilleabháin. Tá úrscéalta scríofa ag Máire Mhac an tSaoi, Eilís Ní Anluain, Biddy Jenkinson. Tá Anna Heussaff ag scríobh sraith úrscéalta coiriúla.
Anois agus go leor mná gníomhach i saol acadúil na Gaeilge bheadh dóchas agam go n-aimseoidh cuid acu spás chun úrscéalta a scríobh.
Beidh an dúshlán rompu ansin an scéal a scaipeadh, agus teacht ar lucht léitheoireachta a diongbhála!
Taobh le seoltaí leabhair a bhímse go hiondúil chun eolas a fháil. Bainim feidhm as leabharlann go minic, ach go hiondúil ní bhíonn i gceist ach cúpla méadar de leabhragán ag leabhair i nGaeilge. Agus go minic go leor acu faoi ghlas sa stóras. Caolseans go dtiocfadh léitheoir ar sheod d'úrscéal trí thaisme, mar sin.
2016-10-11
Comhionannas pá
Ó tharla gur fear geal meánaosta meánaicmeach heitrighnéasach ardoilte mise, is dána an maise dom mo ladar a chuir sa cheist seo, ach táim chun é dhéanamh pé scéal é. Má loisctear mé...
Tá rudaí spéisiúla scríofa le déanaí ag Réaltán agus bhí tús le comhrá spéisiúil ar Cormac ag a Cúig. Is mór an trua go dtáinig caint an Choimisinéara aniar aduaidh uirthi, ag bearnú a cuid plé.
Cúram agus cultúr croí na ceiste, mar a deir Réaltán, agus is eagal liom go bhfuil an ceart aici go bhfuil gá le feidhm smachta agus oideachais reachtaíochta chun dlús a chuir faoi leasú cultúir.
Ba mhaith liom a cheapadh go bhfuilim rud beag níos fearr ná an meáin, ó thaobh cúraimí tíos.
Ach má táim ionraic, ní mór dom admháil go bhfágann cúrsaí oibre go mbím as láthair ar feadh breis is 12 uair sa lá go hiondúil. Ní dóigh liom go raibh aistear chun na hoibre faoi bhun uair an chloig riamh agam. Fiú sa Ghearmáin. Ar an lámh eile, thall, bhí ar ár gcumas bheith beo ar mo thuarastal amháin, agus ghlac mo bhean leis an saoire máithreachais flathúil a bhí ar fáil di mar fhostaí de chuid an iarnród. Ní raibh pá i gceist tar éis an céad cúpla mí, ach bhí barántas fostaíochta aici ar feadh trí bliana i ndiaidh breith an linbh is óige.
A bhuí le mo mháthair féin ní haon strainséir mé d'obair tíos, cé nach bhfuil gean ar bith agam air. Ó bhíos óg, d'fhéach sí chuige go ndearna mé roinnt. Go deimhin tá scéal grinn teaghlaigh againn. Chaith mise an samhraidh sa Spáinn agus mé naoi mbliana d'aois. Nuair a d'fhill mé, bhí miasniteoir faighte acu. Mheas mé go raibh siad ag iarraidh déanamh de m'uireasa...
Bhí clúidíní cáidheacha athraithe agam sách minic sula raibh na déaga críochnaithe agam. (Sin dualgas nach ídíonn do chol leis riamh!)
Fós féin fágann cúinsí simplí eacnamaíochta go mbíonn tromlach an chúram ar mo nuachar. Táimse riamh ag obair go lán aimseartha- ragobair scaití. Tá tuarastal níos airde agam. Tá gá lena tuarastal sise chun na costais a ghlanadh, go háirithe ós rud é go raibh teach le ceannach i 2003. Ach oibríonn sí ón mbaile, agus ar seachtain gairid.
Tá an cheist curtha as a riocht ar go leor bealaí de bharr eagar an tsochaí. Tomhaistear fiúntas taisc de réir an luach saothair a bhaintear as, nó an costas a ghearrtar air. Fágann sin obair tíos, tógáil clainne agus cúram na sean faoi dímheas. Fiú iadsan atá fostaithe chun é dhéanamh, is beag a luach saothair agus a stádas dá réir.
Is éagóra fós cás na máthrach nó iníne a chaitheann a saol ag fónamh do dhaoine eile. Ceal tuarastal is minic gur uaigneas ar an ngannchuid a dán i ndeireadh a saoil.
Sin ag fágáil as an áireamh dán na mban a bhíonn fostaithe, seal. Réabann cúraimí teaghlaigh poill sa taifead tuarastail. Ní bhíonn deis acu obair déanach nó taisteal don ngnó mura bhfuil nuachar ar leith acu. Fágann sin constaicí roimh ardú céime agus pá dá réir.
Tá an Acht um Comhionannas Pá ann gan amhras. Acht a bhrú Pádraig Ó hIrighile, agus é ina choimisinéir Eorpach ar rialtas drogallach abhus. Ach níl réiteach gach faidhbe ansin, mar níl ansin ach tuarastal cóir ar an obair céanna. Fágann sé taithí, idirbheartaíocht agus araile as an áireamh.
Is cuimhin liom scéal faoi acadúlach mná i Críocha Lochlainn a léamh fadó. Bhí sé ar chomh thaithí le iarrthóir fireann do phost. Bhí seisean níos óige áfach. Bhí an bord agallamh den tuairim dá bhrí sin gurbh é ab fhearr, go raibh an taithí bailithe níos fhloscúla aige. D'éirigh léi cuir ina luí orthu go mba mhithid tógáil a clainne a chuir san áireamh. Ba léir ansin gurbh aici a bhí an chraobh!
Tá an cheist casta, tá gá le hatheagar ó bhonn. Creidim nach mbainfear comhionannas ceart amach go nglactar le cúram óg agus sean mar bun dhualgas gach saoránaigh, fireann nó baineann. Agus an saol oibre a eagrú dá réir.
2016-10-10
Go mbeinnse choíche saor
Níos lú ná praghas cupán caife a chosain an leagan Kindle den leabhar seo orm. Cnuasach láidir gearrscéalta. Cuid acu réalaíoch, cuid eile osréalach, agus cuid eile le cos amháin sa cheantar agus cos eile san alltar.
Tá an teach foilsitheoireachta Éabhlóid dílis do chaint bheo Ghaoth Dobhair agus is guth Máire Dinny atá anseo againn saor ó leaba Phrocrustes an chaighdeáin. Ní dóigh liom áfach go mbeidh sin ina dhris cosain don léitheoir, tiocfar isteach go gasta ar an insint.
Mná na pearsain lárnacha sna scéalta seo. Mná a bhfuil fulaingthe acu - batráilte nó neamhaird déanta orthu ag fir a dtug siad gean dóibh. Ní íospartaigh laga iad áfach, ina ndaoir ag iarsmaí an ghean, ach mná misniúla atá sásta a ndán a stiúradh agus dul chun cinn a dhéanamh.
Tá scéalta eile ann atá lonnaithe sa samhlaíocht, agus a spreagann machnamh.
Scéalta comhaimseartha atá anseo, ach iad fréamhaithe sa bhéaloideas agus sa litríocht, gan sin a bheith ina mharbhfháisc orthu. Tagairtí d'fhilíocht i gcuid de na scéalta. (Táim buíoch go raibh liosta ag an deireadh ag tabhairt foinsí do na tagairtí, nár aithin mé ach sciar acu).
Ghiorraigh an leabhar oíche fhada dom, agus ós rud é go bhfuil sé anois ar mo leabhragán fáin, beidh mé ag filleadh ar scéalta ar leith le fonn.
2016-10-05
Lón Leningrad
Ticéid: €10/€8
Is féidir iad a chur in áirithint ar líne nó glaoch ar (01) 6770014
Foireann
Anna Akhmatova: Fidelma Ní Ghallchobhair
Daniil Kharms: Tadhg Ó Bric
Maria Svetlova: Bríd Ní Ghruagáin
An Léiritheoir: Lionel Mac Cárthaigh
Léiritheoir: Lionel Mac Cárthaigh
Bainisteoir Stáitse: Aoileann Ní Chonchubhair
Cultacha: Gráinne Nic Fhirléinn
Soilse agus Fuaim: Mike Donoghue
Sa bhliain 1941, tá Leningrad faoi léigear ag Arm na Gearmáine. Rúisigh na cathrach cráite ag buamáil, ag fuacht agus ag an ocras. Ina hárasán beag lom, tá an file Anna Akhmatova ag plé le cuairteoir, an t-údar éigiallta Daniil Kharms. Cuireann bean a' tí isteach orthu, bean fhiosrach go mb’fhéidir gur spiaire do na póilíní í. Cíorann an dráma seo an dóigh ina spreagtar scríbhneoirí agus iad i ngleic le saol uafásach. Cabhraíonn an tsamhlaíocht chruthaitheach le duine acu plé leis an saol. Ag an duine eile, is uirlis éalaithe í ón saol céanna.
Scaipigí an scéal le bhur dtoil. Tá sé i gceist an dráma a léiriú ag an Oireachtas i gCill Airne oíche Shathairn 5 Samhain chomh maith.
2016-10-03
Maeldún
Tá an leabhar seo le Diarmuid Ó Suilleabháin ar leabhragán mo mhuintir le fada. Tar éis dom An Uain Bheo a léamh shocraigh mé tabhairt faoi.
Níl amhras ach gur máistir ar an dteanga é an Súilleabhánach, go dtig leis pictiúir bheo a bhreacadh le focail, agus na focail céanna a lúbadh agus a chasadh go cliste.
Ach chlis orm. Ní raibh aon lé agam le hábhar ná carachtar. Tá ceist an péacadh collaíochta, an caidreamh idir iníon an boc mhóir saibhir ┐an fear óg íseal meánaicmeach soineanta smolchaite.
Agus maidir le collaíocht suarach aimrid an fhir nár tháinig in inmhe toisc nár shaor sé é féin ó mharbhfháisc a mháthair, fiú agus í le fada san uaigh - bhraith mé smálaithe ag an dteagmháil lena ainmhian seasc leithleasach mí thairbheach.
Mearbhall a chuir an tríú snáithe fén mairnéalach orm.
Leabhar a bhí dá ré seans, ach ní raibh pléisiúr ná oideachas ann dom, agus chaith mé i dtraipisí é leath bealaigh.
Ní dóigh liom go mbeidh mé ag filleadh ar an Súilleabhánach ainneoin na buanna aige.
2016-09-22
An Trodaí
Ní léitheoir minic filíochta mé. Tá dosaen éigin leabhair filíochta, roinnt díolaim ina measc, ar mo leabhragáin. Seanfhondúirí den chuid is mó. Ó Ríordáin, Ó Direáin, ┐araile. (Níl cnuasach ceart de chuid Mhac an tSaoi i leabhar agam. Bearna). Corr chnuasach nua, go minic toisc go raibh mé ag seoladh.
Anois is arís buaileann taghd mé is léim dán nó trí.
Is don gcluas filíocht áfach, agus tá leathdosaen file agus a ndánta á reic acu ar mo sheinnteoir ceol, ag giorrú mo thurais dom nuair a bhíonn an fonn sin orm.
Mar sin féin, tá Dairena Ní Chinnéide cloiste agam cúpla uair ag imeachtaí de chuid IMRAM agus chuaigh a fuinneamh i bhfeidhm orm. Croch mé liom a saothar dhá theangach An Trodaí dá réir nuair a tháinig mé air i measc an beagán leabhair Gaeilge atá i leabharlann Mullach Íde.
Toisc gur ar iasacht a bhí sé agam, rinne mé iarracht é léamh ó chlúdach go clúdach- bun os cionn le mo ghnáth nós i leith filíochta.
Ní raibh pioc díomá orm. Tá na dánta láidir, lán de mórtas áite agus cine ainneoin an file bheith ag iomrascáil lena saol agus a cuid deamhain, neacha nach bhfuil éinne saor orthu.
Réabann grá máthair ach freisin na dúshláin a bhíonn roimh tuismitheoir ar bith as na dánta a luann a mac.
Tá Iarthar Dhuibhneach ina phearsa geal leis sna dánta, an tírdhreach as ar fáisceadh an file is a muintir.
Tarlaíonn sé go bhfuil go leor den talamh úd, atá beannaithe ag béaloideas na glúinte, siúlta agam, mar atá Reilig agus Tobar Ghobnatan atá luaite i ndán. (Níor leag mé cos ar na Blascaod fós, ach sin scéal eile).
Mhúscail na dánta macallaí i mo shamhlaíocht agus smaointe. Buíochas le Dia níl na deacrachtaí i mbím féin i ngleic leo ach íseal. Níor bhlais mé mar sin ach macallaí faon de na gnéithe sin sa bhfilíocht.
Ba bhreá liom taifead de Dhairena a léamh na saothair a bheith i'm chnuasach agam.
(Saothar dhátheangach atá anseo ach níor fhéach mé ar na leaganacha Béarla, is annamh a teagmhaíonn filíocht béarla le mo chroí)
2016-09-21
Bróga Johnny Thómais
Thaitin 'Aileach' agus 'An Mianadóir' go mór liom agus croch mé liom 'Bróga Johnny Thómais' ón leabharlann le déanaí. Gearrscéalta atá ann, ach n'fheadar an bhfuil an cuir síos sin cruinn. Tá go leor den inseacht laistigh de chloigne na carachtair. Scéalta deireadh saoil go leor acu. Daoine ag scagadh a saoil, buaicphointí agus íosphointí á mheabhrú arís acu. Tá greann dorcha agus gaois saoil go láidir sna sleachta. Rinneadh gearrscannán bunaithe ar scéal amháin acu - scéal áiféise Cúilín Dualach faoi leanbh a rugtar agus a chloigeann droim ar ais air. (Tá teacht air ar Vimeo)
Tá pléisiúr le baint as insint máistriúil Mhic Dhonncha agus síolta go leoir chun machnamh a spreagadh.
Beidh mé ag coinneál súil in airde do bhreis uaidh.
2016-09-14
An tábla peiriadach
Ní cuimhin liom go baileach cad a chas saothair Primo Levi i mo chosán an chéad lá. Tá tuairim agam gur tháinig mé ar a dhírbheathaisnéis féna thréimhse in Auschwitz i siopa leabhair go gairid tar éis dom féin cuaird a thabhairt air. An leagan Gearmánach- Ist das ein Mensch-
a léigh mé, bhí mé i mBeirlín san am, sna 1990í.
Fuair sé greim orm. Chuaigh mé sa tóir ar saothair eile dá chuid. Taitníonn a chnuasach 'An Tábla Peiriadach' go mór liom, é léite agus athléite agam (as Béarla). Cnuasach próis atá ann, cumasc de fhicsean agus cuimhní cinn a shaol roimh agus i ndiaidh Auschwitz. Cúis an teidil ná go bhfuil gach sliocht ainmnithe as dúil - ceimiceoir ab ea Levi agus baineann go leor de na scéalta lena ghairm agus an intinn daonna i ngleic leis na dúil. Bíonn gaois uilíoch le feiceáil sna heachtraí, streachailt an oibrí intinne le daoine agus dúlra. Stíl éadrom, mar a bheadh sé ag comhrá leat, a chleachtann sé. D'fhéadfá tú féin a shamhlú ina chomhluadar, béile breá ite, ag babhtáil scéalta thar gloine fíona.
Bhí áthas orm nuair a chonaic mé go raibh leagan Gaeilge le foilsiú, aistrithe ag Matt Hussey. Eolaí eile a bhfuil obair na gcapall déanta aige le heolaíocht a chuir ar fáil do léitheoirí na Gaeilge. Iris 'An Eolaí' curtha amach aige ar feadh na blianta, dhá ciclipéid- An Gasaitéar Eolaíochta agus Fréamh an Eolais (codanna móra de sin ar fáil ar an Vicipéid). Leabhar ar an Fortheamh Domhanda freisin.
Bhí sé le tuiscint gur on Iodáilis a bhí an aistriú le tarlú.
Bhí breall agus díomá orm áfach.
Ar an gcéad dul síos, lig an foilsitheoir- Coiscéim- síos an aistritheoir agus an léitheoir. Níl profléamh déanta ar an leabhar, tá sé breac le botúin cló. Tá gach fleiscín nach mór in easnamh. Cuireann a leithéidí as go mór don léitheoireacht.
Tá sé soiléir freisin go bhfuil Gaeilge ró litriúil curtha ar nathanna Béarla- leithéidí ráiteas ceithearnaigh nuair a ghabhtar é: 'ró olc do mo chrómasóim'. Tharlódh go bhfuil nath mar é san Iodáilis dar ndóigh, tá ' tant pis' sa bhFraincis. Ach in áit eile is teideal béarla a tugtar ar a dhírbheathaisnéis.
Is mór an trua é. Molaim saothar Levi a léamh, tá gearrscéalta agus eachtraí lán gaois is daonnacht scríofa aige. Faraor, ní féidir liom an tiontú seo a mholadh. Is mór an feall nár caitheadh an dua cuí le heagarthóireacht chun a gceart a thabhairt don aistritheoir agus don údar araon.
2016-09-11
IMRAM 2016
Féile Litríochta Gaeilge
Deireadh Fómhair 6-16th
Tá áthas an domhain ar IMRAM - Féile Litríochta Gaeilge - sonraí fhéile 2016 a fhógairt. Tá an-éagsúlacht ag baint le clár na bliana seo agus i measc na bpríomhimeachtaí beidh Réaltneach/Starman: Tionscadal David Bowie sa Pavilion i nDún Laoghaire. Beidh an fhéile ar siúl in ionaid éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath ón 6 - 16 Deireadh Fómhair, féile a chuimsíonn litríocht, ceol, drámaíocht, filíocht, léamhanna, cainteanna, comhphlé agus ceardlanna.
'Bíonn aistear i gceist i gcónaí le IMRAM agus ba mhaith linn fáilte ó chroí a chur roimh lucht éisteachta is lucht féachana ar bord chun blaiseadh arís i mbliana de shaibhreas agus d'éagsúlacht iontach na nualitríochta Gaeilge! Táimid mórtasach as an seó a léireofar ar an Aoine, 21 Deireadh Fómhair, is é sin Réaltneach/Starman, liricí David Bowie traschruthaithe i nGaeilge ag Gabriel Rosenstock agus tá an-sciobadh ar na ticéid cheana féin. Beidh seónna ilmheánacha eile ann,' a d'fhógair Stiúrthóir IMRAM, Liam Carson, ' ina mbeidh míreanna filíochta, ceoil agus físe a dhíreoidh ar fhilí mar Chaitlín Maude agus Eoghan Ó Tuairisc; gan trácht ar Chluiche na Corónach i nGaeilge ina mbeidh ceol meánaoiseach á chur i láthair ag Caitríona O'Leary.
Ó thaobh an cheoil de, ar chlár IMRAM na bliana seo tá Réaltneach/Starman: Tionscadal David Bowie le Liam Ó Maonlaí, The Brad Pitt Light Orchestra agus Hilary Bow, ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar David Bowie, ealaíontóir a bhíodh á shíor-athchruthú féin mar phearsana ar nós Ziggy Stardust agus Aladdin Sane. Comórfar leis ealaíontoirí atá ag teacht chun cinn; i measc na n-ealaíontóirí a ghlacfaidh páirt sa Mhóroíche Cheoil is Filíochta beidh IMLÉ agus a gcéad albam atá lán de dhiabhlaíocht a bhainfidh preab as do dhá chluas agus an file rap nach scanródh an diabhal féin é, Séamas Barra Ó Súilleabháin.
Beidh léiriú speisialta drámaíochta ag IMRAM, Lón Leningrad in Amharclann Smock Alley Theatre, dráma a iniúchann beirt scríbhneoirí Rúiseacha agus an caidreamh eatarthu le linn Léigear Leningrad.
I gcomhar le Clare Bell agus Brenda Dermody ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, tá IMRAM mar choimeádaí ar an dara taispeántas speisialta de théacsanna Gaeilge agus iad curtha i láthair ag na mic léinn deartha ann. Beidh saothar na mac léinn le feiceáil ar chártaí poist agus scaipfear 28,000 díobh ar fud na hardchathrach.
I measc na seónna filíochta beidh léiriú ilmheánach ar Aifreann na Marbh/Mass of the Dead, an dán fada le Eoghan Ó Tuairisc a chaoineann na mairbh in Hiroshima; spléachadh ar shaol agus ar shaothar Raiftearaí file agus i gcomhar le Poetry Ireland/ Éigse Éireann ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Chaitlín Maude, file agus gníomhaí polaitiúil agus cultúrtha.
Mar chruthúnas ar cé chomh hilghnéitheach, dáiríre, is atá saol cruthaitheach na Gaeilge, tá ríméad ar IMRAM léiriú drámata ilmheánach a chur ar bun, Cluiche na Corónach/ Game of Thrones, aistrithe ag Oisín Ó Muirthile; beidh léacht speisialta ann chun comóradh 75 bliain an leabhair An Béal Bocht le Myles na gCopaleen, agus Víreas is ea Teanga: Tionscadal na nGearrthóg arna léiriú ag IMRAM agus REIC in Áras na Scríbhneoirí.
I measc na n-ócáidí suaithinseacha eile beidh móroíche dhátheangach de litríocht na Seicise agus na Gaeilge a dhíreoidh ar fhilíocht na Seicise agus ar shleachta as An Dea-Shaighdiúir Švejk de chuid Hašek i nGaeilge móide sleachta as Cré na Cille agus Cúirt an Mheán-Oíche sa tSeicis. Beidh oíche ómóis ann do Bhreandán Ó Doibhlin, úrscéalaí, drámadóir, file, criticeoir agus, ar ndóigh, aistritheoir den scoth. Déanfar ceiliúradh ilmheánach ar an úrscéal cáiliúil Cuaifeach Mo Londubh Buí de chuid Shéamais Mhic Annaidh agus beidh gurú an ghiotáir, Steve Cooney linn, don ócáid londubhach sin.
Sonraí uile chlár na féile ar: www.imram.ie
FIOSRÚCHÁIN PHOIBLÍOCHTA
(Do lucht an Bhéarla): Kate Bowe PR
Rphost: jennifer.magee@katebowepr.ie; 01 652 0143 nó 086 3750612
Na meáin Ghaeilge@: Robert McMillen, Comhrá Media
Rphost: robert@comhramedia.com, 048-90600737
FIOSRÚCHÁIN GHINEARÁLTA I dTAOBH IMRAM
Stiúrthóir na Féile: Liam Carson
Rphostl: liamog62@mac.com
Guthán: 087 291 2797
2016-08-30
An Uain Bheo
Nod ó Iarla a chuir sa tóir ar an úrscéal seo le Diarmuid Ó Suilleabháin mé.
Fuair mé i leabharlann Mullach Íde é. Sna seascaidí a scríobhadh é. Níl aon cheist ach gur máistir ar a cheird agus ar a theanga an Súilleabhánach. Mar sin féin, bhí mé ag streachailt leis an leabhar. Go bunúsach ní raibh bá agam le, ná spéis agam i, príomh phearsa an leabhar. Louis Stein: mac léinn drabhlásach drúisiúil den uas mheán aicme. Mhothaigh mé go raibh sé ró féin lárnaithe, agus go deimhin ag cuir an dallamullóg air féin.
B'fhéidir, dá mbeadh an úrscéal léite agam agus mé sna fichidí, go mbeadh tuiscint agam dó. Ach anois is súil athair- a bhfuil beirt mhac ar an ollscoil- atá agam ar á chás. Agus níl suáilce na foighne ró láidir ionam.
Cé go raibh dua ag baint leis an leabhar seo dom, tá fonn orm breis le Diarmuid Ó Suilleabháin a léamh- údar atáim nach mór iomlán aineolach air.
Bhí an reacaireachta cumhachtach, inchreidte. Friotal shaibhir, oiriúnach do mheon na pearsain - agus carachtair láidir inchreidte, na pearsain tánaisteacha léirithe go láidir freisin.
Úr-sceal i bhfad ón ársaíocht gaelach ar an bportach. Saol mic léinn cathrach.
Blas a ré air, ach gan é bheith as dáta.
2016-08-29
Óige sa Ghearmáin
Buntáiste amháin a bhaineann le Kindle ná go bhfuil lear leabhair ar a bhfuil an cóipcheart imithe i léig ar fáil saor in aisce nó ar bheagán airgid. Tá slam saothair le Heinrich Heine, Kurt Tucholsky agus GK Chesterton curtha agam air mo cheannsa.
Ach tá saothair eile a bheadh deacracht agam teacht orthu sa ghnáthshlí le fáil anois agam.
Fadó riamh a léigh mé 'San Iarthar, faic nua', úrscéal cháiliúil Remarque faoin gcéad cogadh bharbartha. Le déanaí tháinig mé ar aiste a luaigh dírbheathaisnéis Ernst Toller 'Eine Jugend in Deutschland' mar shaothar a bhí suntasach freisin.
Bhí sliocht as luaite:
Chonaic mé duine marbh.
Ní Gearmánach marbh.
Ní Francach marbh
Duine marbh.
Chuaigh mé sa tóir air dá réir. Rugadh Toller sa Phrúis Thoir- ball de mheánaicme a labhair Gearmáinis in áit a raibh na bochtán agus an locht oibre ag labhairt Polainnis. Ba Giúdach é, agus cé go raibh Giúdaigh lárnach i saol cultúrtha lucht labhartha na Gearmáinise, bhíodar freisin imeallaithe ag doicheall agus amhras na n-údarás.
Tá ana chuir síos ar a óige, a chairdeas le gasúr Polannach den aicme oibre, a chliseann agus iad ag fás aníos. Géarchéim creidimh agus iarrachtaí comhshamhlú leis na Críostaithe, ach é ag fáil droim láimhe.
Scolaíocht agus iarrachtaí luath iriseoireachta a tharraingíonn achrann agus ard na n-údarás.
Ollscoil ansin. Bhí sé sa Fhrainc, in ainm is a bheith ag staidéar ach ar an drabhlás dáiríre nuair a bhris an cogadh amach. Mhothaigh sé an fuath a ghin an cogadh ann. D'éirigh leis filleadh ar an nGearmáin, go München. De bhrí go raibh éadaí de chuid na Fraince air, bhí ar dul i muinín na bpéas chun é a tharrtháil ó ghreadadh ón daoscarshlua a bhí ag coipeadh de bharr an cogadh.
Ní raibh sé féin saor ón fiabhras náisiúnaíoch agus chuaigh sé le reisimint áitiúil airtléire. Bhí flosc chun an fronta air, agus bhodhraigh sé a chuid oifigeach go dtí go bhfuair sé a mhian.
Tá léargas ar uafás an chogaidh sa leabhar, ach tá níos mó. Cliseann ar a shláinte; faoin am seo tá sé ina shíochánaí, bréan de bhréag geallúint lucht údarás. Tarraingíonn a chuid iriseoireachta frith chogaidh fraoch na n-údarás agus cuirtear géibhinn air. Go deimhin, déanann a mháthair iarracht é chuir faoi choimeád i dteach na ngealt - síleann sí gur cliseadh meabhrach an t-aon míniú ar a athrú meoin.
Forbraíonn a dhearcadh de bharr léitheoireachta agus déantar ainrialaí de chomh maith le síochánaí. Tagann sé chun cinn i bpáirtí neamhspleách na sóisialaigh daonlathacha (USPD) agus nuair a thagann an réabhlóid ag deireadh an chogaidh sa Ghearmáin, bíonn sé ar cheannairí Poblacht na nDáil (Räterepublik) na Baváire. Níl faoi smacht acu ach cathair München agus achar beag thart air. Tar éis tamaill glacann na cumannaigh seilbh ar an rialtas, agus bíonn Toller - ainneoin a phrionsabal síochánta- ina cheannasaí sa gharda dearg sa cogadh cathartha fuilteach a leanann.
Chlis ar an bpoblacht, agus tar éis tamaill ar a sheachaint gabhtar é. Bhí sé ag súil- de bharr an méid a bhí ag tarlú thart air- le pionós an bháis; ach is tréimhse fada géibhinn a ghearrtar air.
Tá cuir síos láidir ar chuinsí géibhinn sa dírbheathaisnéis, agus críoch an leabhar é bheith saortha ach díbeartha ón mBaváir in aois a tríocha dó.
Cáipéis corraitheach staire atá ann, a léiríonn go soiléir tionchar imeachtaí ar mheoin- agus freisin na fórsaí a thugann ar dhaoine gníomhú ar bealach áirithe a thagann salach ar a bprionsabal.
Luann sé roinnt dá shaothair liteartha ann, agus tá an dráma Masse Mensch, léamh ealaíonta ar Poblacht na nDáil agus ról a leithéidí de bhuirgéisigh ann, léite freisin agam.
Tá cumhacht ag baint leo; agus ceachtanna don ré seo ann freisin, áit a bhfuil roinnt de na fórsaí a scoilt an Eoraip fadó ag athmhúscailt.